Coimhlint idir Vans agus Penneys le socrú sa chúirt i Nua-Eabhrac

‘Le gach bó a lao agus le gach leabhar a chóip’ a dúradh i gcás a bhain le Naomh Colmcille sa séú haois, ach tá tástáil le déanamh ar an meon sin i Meiriceá

Tá an comhlacht mór déanta bróg aclaíochta as Meiriceá Vans leis an dlí a chur ar Primark (Penneys sa tír seo) faoi shárú ar chóipcheart agus líomhaintí déanta go bhfuil an dearadh sainiúil atá ar tháirgí de chuid Vans goidte gan údarás ag Primark. 

Tá an chúis séanta ag Primark, a bhfuil a gceanncheathrú lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus deir siad go ndéanfaidh an comhlacht ‘cosaint iomlán’ orthu féin sa chás a éistfear i gcúirt i Nua-Eabhrac.

Tá cáil dhomhanda ar bhróga Vans agus iad ceangailte go dlúth in intinn an phobail leis an nglúin Meiriceánach sin a bhíonn tugtha don chlárscátaíl agus don aclaíocht chomh maith leis an gceol.

Baineann an gearán le dhá dhearadh ar leith – an ‘Old Skool sneaker’ agus an ‘Sk8-Hi sneaker’ agus deir Vans gur ‘calculated and intentional knock-offs of Vans’ footwear products’ atá ar bun ag Primark leis na bróga ar a dtugann siadsan ‘Skater low tops’ agus ‘Skater high tops’. Tá difríocht mhór, thart ar €50, sa bpraghas idir an dá bhranda.

Iarracht atá sna bróga aclaíochta atá curtha ar an margadh ag Primark dallamullóg a chur ar an bpobal agus iad a cur amú, dar le Vans. Deir said freisin go bhfuil an dearadh ag Primark chomh cosúil sin leis an dearadh atá ar a gcuid táirgí féin go mbíonn tagairtí á ndéanamh dóibh mar ‘fake Vans’ ar na meáin shóisialta. 

Bhí easaontas den chineál céanna idir an dhá chomhlacht sa Bhreatain sa bhliain 2017 ach thángthas ar chomhréiteach gan dul chun cúirte nuair a tharraing Primark siar a gcuid táirgí féin ón margadh.

Ach tá an chonspóid is deireanaí tagtha chun cinn ag tráth go bhfuil siopaí nua á n-oscailt go tréan i Meiriceá le cúpla bliain anuas ag Primark, naoi gcinn ar fad le dhá bhliain anuas i gcathracha amhail Boston agus Nua-Eabhrac.

Comhlacht seanbhunaithe é Vans a bhunaigh beirt deartháireacha, Paul agus James Van Doren, in California i 1966 agus gan ach trí dhearadh difriúil de bhróga aclaíochta acu a bhí ar díol idir €2.50 agus €5 an péire. Dhíoladar an comhlacht sa bhliain 1988 ar $75 milliún agus is cuid anois é den VF Corporation ar leo chomh maith brandaí mór le rá ar nós Wrangler agus Lee. 

Tá an dlí á chur ag Vans freisin ar chomhlacht eile agus líomhaintí mórán mar a chéile curtha acu i leith Target is atá á gcur acu i leith Primark. Bhuadar cás eile faoi chúrsaí cóipchirt in aghaidh Skechers sa bhliain 2008.

Meastar go bhféadfadh tábhacht mhór a bheith ag baint leis an mbreith a thabharfar sa chás seo do thionscal an fhaisin go hidirnáisiúnta, gnó ina ndéantar cóipeáil go rialta ar tháirgí na ndearthóirí mór le rá. Creideann saineolaithe áirithe dlí, áfach, go bhfuil sé deacair go leor cásanna a bhaineann le cóipcheart i gcúrsaí faisin a chruthú i gcúirteanna Mheiriceá. 

Deirtear gur in Éirinn sa séú haois a tugadh an chéad bhreithiúnas i gcás a bhain le cúrsaí cóipchirt nuair a rialaigh an Rí, Diarmait Mac Cerbaill gur sháraigh Naomh Colmcille na cearta a bhí ag Naomh Finnian nuair a chóipeáil sé gan údarás lámhscríbhinn dá chuid, leagan Laidine den Bhíobla.

‘Le gach bó a lao agus le gach leabhar a chóip’ an cinneadh a rinne an Rí. Dhiúltaigh Colmcille glacadh leis an gcinneadh agus an chóip a thabhairt ar ais do Naomh Finnian agus as sin a d’eascair Cath Chúl Dreimne inar maraíodh 3,000 duine.

Ní hé bás na mílte a bheidh mar thoradh ar an gcoimhlint faoi chóipcheart idir Vans agus Primark ach d’fhéadfadh na milliúin euro a bheith caite ar an gcás sula dtiocfar ar shocrú.

Fág freagra ar 'Coimhlint idir Vans agus Penneys le socrú sa chúirt i Nua-Eabhrac'

  • Peadar Ó Catháin

    Primark atá ar Penney’s sna sé chondae, mar sin ní fíor a mhaíomh gur Penney’s atá ar an chomhlacht sa tír seo.
    Glacaim leis gurb í Éire an tír atá i gceist agat agus nach bhfuil tú ag tabhairt “tír” ar na sé chondae is fiche.
    Déanann RTÉ é sin i rith an ama (chomh maith le “Ireland’s Second City” a thabhairt at Chorcaigh agus The North East a thabhairt ar Chondae na Mí).
    Ná ligimis do lucht na Gaeilge bheith ag dul don amaidí chéanna!