Coimhlint fhíochmhar i ndán dúinn ar an mBóthar Beag

Beidh cluiche spéisiúil againn amárach ar an mBóthar Beag idir na Connachtaigh agus na Muimhnigh

Coimhlint fhíochmhar i ndán dúinn ar an mBóthar Beag

Tar éis cúpla seachtain iontach do chúigí na hÉireann i réamhbhabhtaí Chorn na gCuradh, tá ‘comórtas’ idirchúige an Pro 14, ar ais an deireadh seachtaine seo.

Bíonn na mílte ag freastal ar na cluichí idirchúige seo go háirid na cluichí a bhíonn á n-imirt le linn aimsir na Nollag. Ní dóigh go mbeidh aon athrú ar an scéal sin an deireadh seachtaine seo agus na cúigí ag tabhairt faoina chéile i mBabhta 8 den Pro 14.

Tá buntáiste an bhaile ag na Laighnigh agus iadsan in iomaíocht leis na hUltaigh san RDS anocht. Níor chaill na Laighnigh oiread is cluiche amháin féin in aon chomórtas go dtí seo sa séasúr agus ní dócha gur bua do na cuairteoirí a a bheidh againn anocht. Chaill na hUltaigh dhá chluiche ó thús Pro 14 an tséasúir seo. As baile a bhí siad nuair a chaill siad na cluichí sin i gcoinne na Cheetahs agus Chúige Mumhan.

Is cinnte freisin go mbeidh foirne bainistíochta na gcúigí ar fad ag tabhairt scíthe dá gcéad rogha imreoirí agus Babhtaí 5 agus 6 de Chorn na gCuradh ag drannadh leo i mí Eanáir. Sin buntáiste eile do na Laighnigh – agus acusan atá an rogha is mó agus an painéal is doimhne imreoirí. Sea, bua eile d’fhoireann Átha Cliath.

Beidh cluiche spéisiúil againn amárach ar an mBóthar Beag idir na Connachtaigh agus na Muimhnigh. Níl ach pointe amháin idir na foirne seo i nGrúpa B. Is iad na Muimhnigh atá ag barr agus iad chun cinn le 25 pointe. Tá dhá chluiche an taobh caillte acusan freisin. Beidh foireann na Gaillimhe ag brath ar bhuntáiste an bhaile agus is cinnte freisin go mbeidh an bua iontach a bhí acu i gcoinne Gloucester an Satharn seo caite mar spreagadh acu.

Beidh na Muimhnigh ag iarraidh filleadh ar nós a bhíodh acu cluichí a bhuachtáil agus iad ag réiteach do chuairt churaidh an Pro 14, Cúige Laighean ar Luimneach faoi cheann seachtaine.

Cluiche thar a bheith fisiciúil agus fíochmhar a bheas ann ó thús go deireadh.

Nach mór an t-athrú atá ar chúrsaí rugbaí na tíre seo? Bhí lá ann nuair nach mbeadh ach toradh amháin ar choimhlint idir Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht is cuma cén áit a mbeadh an cluiche á imirt. Anois, ní féidir bua do na Connachtaigh a chur as an áireamh.

Seans gur acu siúd a bheas ag breathnú ar an gcluiche seo a bheas an fíorbhua.

Fág freagra ar 'Coimhlint fhíochmhar i ndán dúinn ar an mBóthar Beag'