Cogar, tá sraith imeachtaí Gaeilge ar siúl ag an bhféile Other Voices den chéad uair

An t-ealaíontóir Áine Ní Chíobháin atá i bhfeighil ‘Cogar’, an tsraith imeachtaí a bheidh ar siúl ag an bhféile cheoil cháiliúil Other Voices sa Daingean an deireadh seachtaine seo romhainn

Cogar, tá sraith imeachtaí Gaeilge ar siúl ag an bhféile Other Voices den chéad uair

Beidh sraith imeachtaí Gaeilge ar siúl mar chuid den fhéile Other Voices sa Daingean an deireadh seachtaine seo, an chéad uair go mbeidh a leithéid ar siúl ag an bhféile cheoil iomráiteach.

An t-ealaíontóir Áine Ní Chíobháin atá i bhfeighil ‘Cogar’, an tsraith imeachtaí a bheidh ar siúl le linn an deireadh seachtaine.

Ar na himeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid den tsraith Ghaeilge tá ceardlann faoi chúrsaí beochana le Sinéad Ní Chadhain ó TG4 agus ceardlann léasar agus soilse le Colin Clarke.

Chomh maith leis sin, cuirfidh Clarke taispeántas léasar agus soilse ar siúl ar fud an bhaile tráthnóna Dé Sathairn.

Taispeántas ealaíne atá i COGAR, a bheidh ar siúl sa Dingle Hub, mar a chuirfear liricí, dánta agus rapanna i láthair agus iad priontáilte ag Ponc Press, clódóirí  a bhaineann úsáid as sean-chlóphreas, cló-inneall bunaidh phláitín Heidelberg 1955.

Ar na ceoltóirí agus filí a mbeidh liricí leo mar chuid de thaispeántas ealaíne COGAR, beidh Walking on Cars, Kneecap, Gabriel Rosenstock, Séamus Barra Ó Súilleabháin, Gwilym Bowen Rhys, Muireann Nic Amhlaoibh agus Méabh Ní Bheaglaoich.

Áine Ní Chíobháin féin, a dhein na sceitsí a bheidh le feiceáil in éineacht leis na liricí agus dánta sa taispeántas.

Beidh taispeántas ealaíne eile ar siúl mar chuid den tsraith Ghaeilge san Other Voices Hub, áit a mbeidh saothar ealaíne le feiceáil ó leithéidí Bob Uí Chathail, Karen Flannery, Ciarraíoch agus Kate Shelley.

Beidh ‘Gig’ Cogar ar siúl Dé hAoine sa Dingle Hub Cooleen, mar a mbeidh ceol le Méabh Ní Bheaglaoich agus Matt Griffen agus leis an mbuíon rap Uppbeat. Beidh saothar ealaíne le Bob Ó Cathail agus Teresa Horgan ann chomh maith.

As Gaeilge a bheidh imeachtaí go léir ‘Cogar’, atá á mhaoiniú ag Ealaín na Gaeltachta, agus deirtear go mbeidh cabhair ar fáil d’fhoghlaimeoirí. Beidh na himeachtaí go léir saor in aisce.

Is féidir iad a chur in áirithe ach scríobh chuig ainenichiobhain@gmail.com.

Fág freagra ar 'Cogar, tá sraith imeachtaí Gaeilge ar siúl ag an bhféile Other Voices den chéad uair'