Coco Chanel…abair stíl, a chailín!

Maireann stíl ghléasta Coco Chanel go láidir fós i measc fashionistas agus lucht haute couture ina theannta san

Coco Chanel…abair stíl, a chailín!

Nuair a chloisimid an t-ainm san Coco Chanel, tagann íomhá den ndearthóir iomráiteach agus a sofaisticiúlacht ‘Francach’ isteach in ár gceann láithreach bonn.

Beidh taispeántas ‘iardhearcach’ dá cuid saothair le feiscint i músaem cáiliúil V & A i Londain Shasana go luath.

Bhreá lem chroí turas a thabhairt air.

Taispeánfar suas le leathchéad culaith bhréidín a chruthaigh sí, gan trácht ar ghúnaí galánta oíche a chaith réalta scannáin is lucht leanta faisin a linne.

Leanann a clú is a cáil ar fud an domhain blianta fada tar éis a tréimhse órga haute couture mar bhanríon faisin i bPáras, i bhfad roimh an dara cogadh domhanda.

Agus an bhfuil parfum níos áille, níos taitneamhaí ná cumhrán aoibhinn Chanel uimhir a 5 chruthaigh sí?

Más fíor Google, ceannaítear buidéal de gach 30 soicind in áit éigin ar fuaid an domhain.

Mná gustalacha idir cúig mbliana is tríocha agus an leathchéad is mó a cheannaíonn é. Is ag an aoisghrúpa san is mó atá pinginí ní foláir, mar nach aon ‘Seán Saor’ é an cumhrán céanna. Thabharfá suas le céad euro ar thaoscáinín beag a dhóthain.

Nuair a cuireadh ceist ar an aisteoir Marilyn Monroe fadó cén sórt éadach leapan a chaitheann sí, dúirt sí ná caitheann sí faic sa leaba ach Chanel Uimhir a 5.

I 1952 a bhí cead ceist mhíchuibheasach mar sin a chur ar bhean.

Maireann stíl ghléasta Coco Chanel, mar a dúrt, go láidir fós i measc fashionistas agus lucht haute couture ina theannta san.

An chulaith bheag néata, an seaicéidín ciorraithe agus na péarlaí fada gléineacha ina slaoda síos, á mhaisiú go sofaisticiúil, neafaiseach.

Abair stíl, a chailín.

Ní bréag a rá go raibh saol suimiúil ag an mbean chéanna, Coco Chanel.

Fágadh ina dílleachta í nuair a cailleadh a máthair luath ina saol. D’imigh a hathair gan tásc gan tuairisc gan a fhreagracht mar thuismitheoir ag cur aon mhairg air.

Tógadh an cailín óg i gclochar darbh ainm Aubazine i gceantar Correze, taobh thiar den Massif Central sa bhFrainc. Is ansan de réir dealraimh a d’fhoghlaim sí fuáil ós na mná rialta, scil a sheas di an chuid eile dá saol cruthaitheach.

Thuig sí cúrsaí poiblíochta go maith agus bhain lán-úsáid as aon cheangal a bhí aici le maithe agus móruaisle na linne chun a gnó mar dhearthóir a chur chun cinn.

Bhí sí chomh maith le haon Kardashian chun a bó a chur thar abhainn.

Bhí sí mór le Pablo Picasso, an t-ealaíontóir iomráiteach, le Stravinsky, an cumadóir Rúiseach agus le Diúc Westminster.  Bhí sí cairdiúil chomh maith le Winston Churchill féin agus le baill de theaghlach ríoga Shasana agus mion-uaisle a linne.

Agus an taispeántas ‘iardhearcach’ á fhógairt, ní cheiltear aon eolas ar na cuntais ná na ráflaí go raibh sí ina Tadhg an Dá Thaobh nuair a tháinig sé go dtí dílseacht dá tír dhúchais le linn an dara cogadh domhanda.

Áirítear í a bheith ina ball den ngluaiseacht rúnda Francach La Résistance, ach quelle horreur thaobhaigh sí leis an ngluaiseacht Naitsíoch chomh maith. Tá fianaise ann go raibh sí gníomhach ar a son siúd leis.

Maítear go raibh ‘caidreamh’ aici le hOifigeach Naitsíoch, Baron Hans Gunther von Dincklage. Ní raibh aon náire uirthi de bharr an chaidrimh sin, dúirt sí gur mó Francach mná a dhein a leithéid ag an am.

Níl saoi gan locht…ach ar éigean.

Cé gur ar an gcaolchuid a bhí a máthair nuair a saolaíodh Coco Chanel i 1883, i bhfad ó bheith beo bocht a bhí sí tráth a báis in óstán iomráiteach an Ritz i bPáras i 1971.

Is fiú airgead mór inniu an comhlacht a chruthaigh Coco Chanel, breis is cúig bhilliún déag dollar an bhliain seo caite. Éadaí, seoda, málaí, smideadh de gach sórt á dtáirgeadh acu.

Má tá blaiseadh uait den bhfaisean sofaisticiúil, a bhfuil draíocht bheag Chanel ag gabháil leis, beidh ort do láimh a chur go domhain id phóca….

Fág freagra ar 'Coco Chanel…abair stíl, a chailín!'

  • jpmorley0@gmail.com

    Bhí sí mór leis an gcat is leis an gcú, ní maith.