Cluichí Ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta 2015 fós ‘idir dhá cheann na meá’

Bhí sé i gceist ag lucht eagraithe na gcluichí ceannais sinsear agus sóisear na cluichí a chur ar siúl an deireadh seachtaine seo, ach caithfear plean nua a cheapadh tar éis d’fhoireann amháin tarraingt amach

ComPeil15-0154-6

fios fós cén uair a imreofar cluichí ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta 2015 a cuireadh ar athló don dara huair an tseachtain seo.

Bhí i gceist ag cumann Ard an Rátha, a bhí i bhfeighil ar an gcomórtas ar tháinig críoch tobann leis i mí an Mheithimh, na cluichí ceannais nár imríodh a chur ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Cuireadh an plean sin ó mhaith, áfach, nuair a a tháinig an scéala ó fhoireann Chill Chartha, a cháiligh do chluiche na sinsear, nach mbeidís in ann foireann a chur chun páirce an Domhnach beag seo.

Cuireadh na cluichí ceannais ar ceal an 1 Meitheamh i mbliana nuair a fágadh an pháirc in Ard an Rátha ina ghreallach ag drochaimsir. Ba é an chéad uair riamh i stair an chomórtais é a b’éigean na cluichí ceannais a chur ar ceal.

ceathrar imreoirí de chuid Chill Chartha – Patrick McBrearty, Ciaran McGinley, Mark agus Ryan McHugh – mar chuid d’fhoireann peile Dhún na nGall, a bheidh ag imirt in aghaidh na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh an Satharn beag seo.

Is iad Naomh Conaill atá ag fanacht le Chill Cartha sa chluiche ceannais sinsear agus tá beirt imreoirí acusan, Anthony Thompson agus Leo McLoone, ar phainéal an chontae chomh maith.

Dúirt Máire Nic Aoidh, rúnaí Chumann Ard an Rátha, le Tuairisc.ie go bhfuil beartaithe ag an lucht eagraithe Chomórtas Peile na Gaeltachta na foirne uile a thabhairt ar ais, iomaitheoirí an chluiche sóisear, Oileáin Árainn agus Na Dúnaibh san áireamh, agus go raibh teagmháil déanta le TG4 maidir leis na cluichí a chraoladh nó gur tharraing Cill Chartha as.

bheidh sé éasca réiteach a fháil ar an scéal nuair a thiocfaidh deireadh le feachtas craoibhe Dhún na nGall ach an oiread. Níl aon chluiche i gcraobh na gclub imeartha sa chontae fós ná níl deireadh tagtha leis an gcomórtas sraithe, rud a fhágann nach bhfuil mórán deirí seachtaine fágtha arbh fhéidir na cluichí a imirt.

Is é an deireadh seachtaine den 25 agus 26 Deireadh Fómhair atá anois mar sprioc ag an lucht eagraithe, toisc gur deireadh seachtaine saoire bainc atá ann, ach níl tada socraithe go hoifigiúil fós.

Fág freagra ar 'Cluichí Ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta 2015 fós ‘idir dhá cheann na meá’'