Cluiche cinniúnach na craoibhe ar an Côte d’Azur?

Tá brú damanta ar Éirinn, curaidh Chraobh na Sé Náisiún anuraidh, agus iad ag dul go Marseille na Fraince le tabhairt faoi fhoireann na Fraince, a bhí sa dara háit anuraidh

Cluiche cinniúnach na craoibhe ar an Côte d’Azur?

Cé nach bhfuil oiread agus cluiche amháin de na cúig chluiche agus fiche a bheas á n-imirt i gComórtas Sé Náisiún na bliana seo imeartha fós, tá go leor den tuairim go n-ardóidh pé foireann a bhuafaidh an chéad chluiche den chomórtas, a imreofar anocht idir an Fhrainc agus Éirinn, an chraobh leo i lár mhí an Mhárta.

Seans go mbeidh rud eicínt le rá ag foirne Shasana agus na hAlban faoi sin, ach sin agat dearcadh shaol an rugbaí agus gan feadóg séidte fós sa gcomórtas Sé Náisiún.

Fágann sin brú damanta ar Éirinn, curaidh an chomórtais, agus iad ag taisteal go Marseille na Fraince le tabhairt faoi fhoireann na Fraince, an fhoireann a chríochnaigh sa dara háit anuraidh. Ní hamháin sin ach coimhlint í seo idir an fhoireann atá rangaithe sa dara háit ar domhan, Éire, agus an Fhrainc, an fhoireann atá sa gceathrú háit ar an tábla céanna.

De bhrí go bhfuil na Francaigh ag réiteach an Stade de France i bPáras do na cluichí Oilimpeacha is sa Stade Vélodrome i Marseille a imreofar an cluiche seo, áit nár imir foireann idirnáisiúnta na hÉireann ariamh roimhe seo. Ach is fiú a mheabhrú gur imir go leor d’imreoirí na hÉireann atá ag dul chun páirce anocht sa staid seo i mí na Bealtaine 2022 nuair a chaill Cúige Laighean agus iad i gcoinne La Rochelle i gcraobhchluiche Chorn na gCuradh.

Maidir le cluiche na hoíche anocht, ní haon ábhar iontais gurb iad na Francaigh agus iad sa mbaile rogha na coitiantachta, ainneoin go bhfuil siad dhá áit níos ísle ná Éire ar thábla an domhain.

Seans go bhfuil baint ag an tuairim sin leis an scéala nach bhfuil aon léiroidhre ar Johnny Sexton mar leathchúlaí amuigh. Níl sé cruthaithe ag aon duine go fóill go bhfuil siad go hiomlán ar a gcompord san ionad sin agus níl éirithe le Jack Crowley Chúige Mumhan ná le Ross Byrne Chúige Laighean greim ceart a fháil fós ar gheansaí uimhir 10 dá gcúige féin, gan trácht ar a dtír. Tá súil agam nach n-íocfaidh muid ródhaor as an easpa taithí seo.

Is é Crowley a thosóidh anocht agus de bhrí go bhfuil Ross Byrne gortaithe le cúpla seachtain anuas is é Ciarán Frawley, a bhfuil fíorbheagán taithí idirnáisiúnta aige mar uimhir 10, atá mar ionadaí dí ar an mbinse. Is cinnte go n-ionsóidh na Francaigh an t-ionad seo ar an bpáirc agus go mbeidh siad ar a ndícheall ag iarraidh brú a chur ar Crowley. Seachas sin agus an gortú a bhain do Mack Hansen, tá rogha iomlán imreoirí – agus captaen nua, Peter O’Mahony  – ag Andy Farrell do chluiche na hoíche anocht.

Má tá muide gan Sexton, tá na Francaigh iad féin gan Antoine Dupont, a gcaptaen inspioráideach spreagúil, fear atá ag tógáil sosa ó chluiche idirnáisiúnta an chúigear déag le díriú ar an gcluiche seachtar an taobh sna cluichí Oilimpeacha. Is cinnte gur buntáiste é seo d’fhoireann na hÉireann, ach an leor é? Beidh le feiceáil.

Tá rud amháin cinnte faoi chluiche na hoíche anocht, sin go mbeidh cluiche crua agus thar a bheith sciliúil againn. Beidh an lá le pé foireann a sheasann an fód sa chath nuair is déine é agus le pé dream  a cheileann deiseanna ó chiceanna éirice ar an bhfreasúra. Ar an mbunús sin, níl mé ag cur bua as baile d’Éirinn as an áireamh, go háirithe agus Peter O’Mahony á stiúradh.

Amárach, tabharfaidh Sasana faoin Iodáil sa Róimh, agus beidh an Bhreatain Bheag i gCaerdydd agus iad ag cur fáilte roimh Albain. Ní minic a bhíonn mé ag tuar bua as baile i gcluichí idirnáisiúnta rugbaí, ach ní bheidh tada eile againn anseo seachas bua éasca do na Sasanaigh. An-seans go bhfaighidh Alban an ceann is fearr ar na Breatnaigh, foireann atá in ísle brí, sa chluiche sin.

Dála an scéil, murar suim leat an cluiche sin idir an Bhreatain Bheag agus Albain ag 5 i.n amárach, mholfainn leath-shúil a chaitheamh ar TG4, mar go mbeidh Cúige Mumhan (agus iad gan a gcuid imreoirí idirnáisiúnta) ag tabhairt dúshlán na gCrusaders ón Nua-Shéalainn, curaidh an chomórtais Super Rugby le cúig shéasúr as a chéile, i bPáirc Uí Chaoimh, nó pé ainm atá ar an pháirc sin anois.

Curaidh an URC i gcoinne churaidh an Super Rugby, sin anois bunchloch iontach do chluiche rugbaí!

Fág freagra ar 'Cluiche cinniúnach na craoibhe ar an Côte d’Azur?'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ba dheas uait agus ba ghar dúinn uilig é dá dtabharfá féin (nó Tuairisc.ie) sonraí breise dúinn faoi chluiche na hoíche anocht (agus na cluichí go léir), mar atá,
    Am & na Cainéil Teilifíse ar a dtaispeánfar é. An fhoireann a rachaidh chun páirce leis, b’fhéidir?
    Lean ort agus leanaíg oraibh, le bhur dtoil, leis an ainm; ‘Páirc Uí Chaoimh’. Gan umhlú don truailliú agus don loitiméireacht eile sin.