CLUASTUISCINT: Údar dóchais don teanga i gCorca Dhuibhne

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Údar dóchais don teanga i gCorca Dhuibhne

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Déan teideal eile a chumadh don scéal seo.
  • Céard a tharla in 2022?
  • Cén fáth a luaitear Dún Chaoin?
  • Céard atá i gceist ag an alt seo le “cainteoirí laethúla Gaeilge”?
  • Cad a tharla i bParóiste Múrach?
  • Déan na logainmneacha atá le cloisint a chuardach ar logainm.ie

Tá Dún an chéatadáin den phobal a Chaoin ar cheann labhraíonn an Ghaeilge trí thoghroinn is láidre sa tír ó gach lá. de na thaobh

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad abairt arís. Aimsigh sampla den tuiseal ginideach iolra agus aidiacht bhriathartha.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. Den 11 toghroinn Ghaeltachta sa cheantar, níor tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge ach i gcúig cinn acu.
    2. Is í Toghroinn Fhíonáin anois an toghroinn is láidre ó thaobh na teanga de i nGaeltacht Chiarraí Theas agus 14%
    3. den phobal ansin ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, ardú ón 8% a bhí ann in 2016.
    4. dtí 47% in 2022.Tá ábhar dóchais i dtorthaí Dhaonáireamh 2022 do roinnt ceantar in Uíbh Ráthach chomh
    5. Tháinig ardú i dtrí thoghroinn eile i gCorca Dhuibhne – Na Gleannta (ó 20% go dtí 22%),
    6. Cinn Aird (18% go dtí 21%) agus Sráidbhaile (2% go dtí 6%).D’fhág titim i gCill Maoilchéadair nó Paróiste na Cille
    7. go bhfuil cainteoirí laethúla Gaeilge anois ina mionlach sa toghroinn áirithe sin agus an figiúr tite ó 52% in 2016 go

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Údar dóchais don teanga i gCorca Dhuibhne'