CLUASTUISCINT: Super Bowl

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Super Bowl

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Cad deirtear faoin lucht féachana a bhí ag an Super Bowl anuraidh.
  • Cén fáth a luaitear an Coliseum in Los Angeles?
  • Cén bhliain a tógadh an t-amfaitéatar sin?
  • Dá mbeadh pictiúr ar fáil don uair ar leagadh an chéadh chloch do Colosseum na Róimhe céard a bheadh le feiceáil?
  • Cén gaol a bhí ag Titus le Vespasian?
  • Cén bhaint atá ag $1 milliún leis an scéal?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

sa  Sclábhaithe agus Róimh a deirtear príosúnaigh ba a rinne an mhó obair

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad dhá abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht an dá abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís. Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach agus briathar san aimsir chaite.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíosa píosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. ba chionsiocair leis an gcuma thréigthe atá inniu air.
  2. Cá bhfios faraor nach dtiocfaidh an lá a gceadófar do dhuine de bhilliúnaithe an
  3. domhain a ainm a chur le ceann na Róimhe, ar chrith talún sa mbliain 1349
  4. An t-am a raibh mise ann ní raibh an cleachtas tagtha ar an saol faoina n-ainmnítear staideanna as comhlachtaí móra.
  5. Ba é ainm na gcathracha ina raibh siad an t-aon idirdhealú a bhí idir an dá amfaitéatar – sin agus an litriú.
  6. Inniu agus an tráchtálachas ag brú isteach ar an spórt, The United Airlines Field at the Los Angeles Memorial
  7. Coliseum an t-ainm oifigiúil atá ar an áit a tógadh i gcuimhne ar shaoránaigh na cathrach sin a throid sa gCogadh Mór. 

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Super Bowl'