CLUASTUISCINT: D’fhill mé ar an nGaeltacht lán dóchais, ach níl mé in ann teach a cheannach, a thógáil ná a fháil ar cíos

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Cén aidhm atá ag údar an ailt?
  • Céard a tharla in 2018?
  • Cén bhaint atá ag Luimneach le saol an údair?
  • Cad is brí leis an bhfrása “thug mé an bád bán orm fhéin”?
  • Cén fáth a luaitear an figiúr 5%?
  • Céard a thug a Deaide di?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

Bhí na seacht ag filleadh ar ó d’fhág mé, agus bhí mé tar Éirinn mar go raibh beagnach cúig bliana caite éis fás suas ar go leor bealaí. gcroí agam

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís. Aimsigh sampla don tuiseal ginideach agus ainmfhocal baininscneach.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    • Dhiúltaigh na comhlachtaí árachais ar fad mé a chlúdach, cé go raibh an veain clúdaithe ag mo
    • dheaide ar feadh trí bliana déag leis an gcomhlacht céanna. Thug siad chuile leithscéal faoin spéir dhom le nach
    • gclúdóidís mé. Agus chomh maith leis sin, ní ghlacfaidís le mo thaithí tiomána thar lear i gcomhair
    • an lascaine ‘no-claims’ cé go raibh carr faoi árachas agam sa dá thír. Le scéal fada a dhéanamh gearr, tar éis
    • trí seachtaine ag achrann gach lá, fuair mé árachas ar an veain a bhí costasach go maith. (Agus mar phointe sciobtha,
    • sa Nua-Shéalainn agus san Astráil, níor íoc mé riamh os cionn $650, níos lú ná €400, ar árachas lánchuimsitheach bliana.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: D’fhill mé ar an nGaeltacht lán dóchais, ach níl mé in ann teach a cheannach, a thógáil ná a fháil ar cíos'