CLUASTUISCINT: Cluichí Oilimpeacha Pháras mórócáid idirnáisiúnta i mbliain mhór spóirt

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo, dar leat?
  • Meas tú cad is brí leis an gcéad abairt?
  • Céard é an PGA?
  • Cén fáth a luaitear an Araib Shádach?
  • Cad a tharla bliain ó shin?
  • Cén cónascadh a luaitear?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

An tsáinn atá againn dtitfidh amach in 2024 thar a ó bheith cinniúnach agus spéisiúil. shin, ach beidh a

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad abairt arís. Aimsigh sampla de chéim chomparáide na haidiachta agus ainmfhocal baininscneach.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    • A dhath féin d’éiginnteacht níl ag baint le Féilire na gCluichí Gaelacha 2024. Deirtear nach raibh
    • ginearál ab fhearr le plean straitéise a leagan amach ná Alastar Mór. Is cinnte go dtabharfadh seisean a
    • Eanáir beidh tús curtha le Sraithchomórtais Náisiúnta Peile na bhFear agus na mBan, sraitheanna na
    • fuinseoige i mí Feabhra agus formhór na gcomórtas sin críochnaithe faoi dheireadh an Mhárta.  
    • bheannacht don liostáil atá déanta ag na daoine a dhéanann riaradh ar na cluichí sin d’fhir agus
    • do mhná – bíodh tóir ag an nGréagach ar an ‘séasúr scoilte’ nó ná bíodh.  
    • Tugann sracfhéachaint sciobtha léargas ar cé chomh scafánta agus a imíonn an t-am. Faoi dheireadh

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Cluichí Oilimpeacha Pháras mórócáid idirnáisiúnta i mbliain mhór spóirt'