Cluichí Oilimpeacha Pháras mórócáid idirnáisiúnta i mbliain mhór spóirt

Tá go leor ag tarlú i saol an spóirt in 2024 a mbainfear sult agus lán na súl astu

Cluichí Oilimpeacha Pháras mórócáid idirnáisiúnta i mbliain mhór spóirt

Beidh Jack Woolley na hÉireann ar dhuine acu siúd atá ag súil go mór leis na Cluichí Oilimpeacha i bPáras. Pic: INPHO/Dan Sheridan

Chuala tú ráite é nach bhfuil tréith is cinnte i gcúrsaí spóirt ná an éiginnteacht. Níos minice ná a chéile is í a chúis a bhíonn leis sin ná an scór a bhíonn ar an gclár ag deireadh na himeartha. Sin nó an lámh a chrochtar in airde agus an seaimpín buailte i mbabhta troda. Is fíor-chorruair nach leis an gcomhrac féin a bhaineann an t-ábhar iontais.  

Eisceacht is ea a bhfuil i ndán don ghalf gairmiúil sa mbliain seo amach romhainn. Mura dtiocfaidh athrú tobann ar chúrsaí is mó caint a bheas faoina bhfuil i ndán don PGA (an eagraíocht atá ina bhun leis na cianta) ná a bheas faoin iomaíocht ina gcuid comórtas. Níl ag an PGA Tour ach an bád a iomramh in 2024, sin nó é a ligean go tóin poill.  

Tá an eagraíocht ina cíor thuathail ó fógraíodh LIV, iomaitheoir as an Araib Shádach a bheith ar an saol. Bliain ó shin díreach a shínigh siadsan conradh mór teilifíse sna Státaí agus ó shin tá go leor de mhór-imreoirí an PGA Tour gaibhte leo.  

Is deacair a shamhlú faoi seo nach mairfidh siad agus tá oiread de mhaolú tagtha ar bhagairtí an PGA go raibh caint ar chónascadh sa bhfómhar seo caite. An tsáinn atá againn ó shin, ach beidh a dtitfidh amach in 2024 thar a bheith cinniúnach agus spéisiúil. 

A dhath féin d’éiginnteacht níl ag baint le Féilire na gCluichí Gaelacha 2024. Deirtear nach raibh ginearál ab fhearr le plean straitéise a leagan amach ná Alastar Mór. Is cinnte go dtabharfadh seisean a bheannacht don liostáil atá déanta ag na daoine a dhéanann riaradh ar na cluichí sin d’fhir agus do mhná – bíodh tóir ag an nGréagach ar an ‘séasúr scoilte’ nó ná bíodh.  

Tugann sracfhéachaint sciobtha léargas ar cé chomh scafánta agus a imíonn an t-am. Faoi dheireadh Eanáir beidh tús curtha le Sraithchomórtais Náisiúnta Peile na bhFear agus na mBan, sraitheanna na fuinseoige i mí Feabhra agus formhór na gcomórtas sin críochnaithe faoi dheireadh an Mhárta.  

Imreoirí Chiarraí roimh chluiche sa tSraith Náisiúnta Peile i mBóthar na Trá anuraidh. Pic; INPHO/James Crombie

Ní mór dóibh a bheith mar beidh tús á chur leis na comórtais chraoibhe sna ceithre chúige ar an gcéad deireadh seachtaine den Aibreán agus tús leis an iománaíocht coicís dár gcionn. 

Agus gan leath de mhí na Bealtaine caite, beidh Craobhacha na gCúigí thart agus fógróidh teacht mhí an Mheithimh féasta imeartha a gcuirfear clabhsúr air an dá Dhomhnach deiridh de mhí Iúil, tráth a mbeidh a fhios againn cé aige a bheas Coirn Mhig Uidhir agus Mhic Cárthaigh. 

Bronnfar Corn Bhreandáin Uí Mháirtín agus Corn Uí Dhubhthaigh na Domhnaigh is túisce i Lúnasa.  

Is iad Cluichí Oilimpeacha Pháras a thosós ar an 26 Iúil agus a leanfaidh ar aghaidh go dtí 11 Lúnasa mórócáid idirnáisiúnta 2024. Na dornálaithe ba láidre a sheas an fód d’Éirinn i dTóiceo agus i Londain – dhá bhonn óir (Kellie Harrington agus Katie Taylor) ceann airgid (John Joe Nevin) agus péire cré-umha (Michael Conlan agus Aidan Walsh). 

Ag brath ar na mná a bheas muid i bPáras, áit a mbeidh Harrington san iomaíocht mar aon le Michaela Walsh agus Aoife O’Rourke. I Roland Garros, áit a n-imrítear Craobh Leadóige na Fraince, a bheas an dornálaíocht ar siúl. 

Rhasidat Adeleke. Pic: INPHO/Morgan Treacy

Sa reathaíocht freisin is iad mná na tíre is fearr atá ag déanamh faoi láthair. Tá an saol agus a mháthair ag caint ar Rhasidat Adekele nach bhfuil ach 21 bliain d’aois. Cheana féin tá boinn óir buaite aici i gCraobhacha Faoi 20 na hEorpa sna rásaí 100m agus 200m. I mí an Mheithimh seo caite 49.20 soicind a thóg rása 400m i Texas – an chéad uair ariamh ag bean as Éirinn a bheith faoi bhun 50 soicind. 

Faoi láthair is í an séú bean is gasta ar domhan ar an achar sin agus an 23ú bean is tapúla sa 200m. 

Is í Ciara Mageean an cúigiú bean is tapúla ar domhan sa rása 1500m, chuaigh sí i bhfoisceacht fad na hiongan do bhonn ag Craobhacha an Domhain i mBúdapeist sa bhfómhar. 

Sa Stade de France a bheas an lúthchleasaíocht ar bun. Is ansiúd freisin a bheas an searmanas scoir.  

Beidh cor nua ag baint le searmanas na hoscailte i bPáras sa méid agus den chéad uair ariamh nach laistigh de staid na hiomaíochta a bheas siad ar siúl ach ar shráideanna na cathrach agus ar abhainn an Seine – bád dá gcuid féin agus ionadaithe na dtíortha ar thuras ciliméadair. 

Cuirfear suim mhór freisin sna bólaí seo sna comórtais rámhaíochta – seacht mbád de chuid na tíre cáilithe agus gan an doras dúnta ar chuid eile go fóill. 

Spéis theoranta faraor a chuirfear anseo i gCraobhacha Sacair na hEorpa a imreofar sa nGearmáin idir an 14 Meitheamh agus 14 Iúil.  

I gcruthúnas ar a ndearna Joxer agus a chomhghleacaithe de ragairne i Stuttgart agus i Gelsenkirchen ag Euro 88, bheadh fáilte chroíúil roimh a leithéid arís sna Kneipen (tábhairní) ansiúd. Ach den tríú huair as a chéile chinn ar fhoireann na tíre an cháilíocht a bhaint amach agus ní bheidh ag cara Christy Moore bocht in Inse Chór ach an tolg agus an paca sé channa. 

An Ghearmáin féin agus Albain a imreos sa gcluiche is túisce. Ar na cluichí is tarraingtí domsa beidh an Spáinn in aghaidh na hIodáile (20 Meitheamh) agus an Ísiltír in aghaidh na Fraince lá arna mhárach.

Corn Henri Delaunay. Pic: INPHO/UEFA/Kristian Skeie

Beidh 7 dtír ann nár buadh orthu sna cluichí cáilithe – An Spáinn, An Fhrainc, Sasana, an Bheilg, an Ungáir, an Phortaingéil agus an Rómáin. B’fhéidir gurbh iadsan agus an fhoireann baile a bhainfidh na babhtaí ceathrú ceannais amach.  

Tá trí áit le líonadh fós i gcomórtas cáilithe a bheas ar siúl sa Márta. Beidh go leor den lucht tacaíochta neodrach ag súil go n-éireoidh leis an Úcráin ceann acu a bhaint amach, an Bhreatain Bhig iad féin san áireamh. 

Ar an Déardaoin a thitfidh Lá’l Bríde in 2024. Lá arna mhárach a chuirfear tús le Craobh Rugbaí na Sé Náisiún nuair a imreoidh An Fhrainc agus Éire a chéile i bPáras. Beidh sé thart lá roimh Lá’l Pádraig nuair a thiocfaidh siad féin agus Albain chun páirce san Aviva. 

An lá roimhe sin arís (an 15 Márta) a fheicfear deireadh le Féile Rásaíochta Cheltenham 2024. I láthair na huaire ní bhfaighfeá níos mó ná 2/5 ar chapall Nicky Henderson ar ghreim a choinneáil ar an gcliathrás mór Dé Máirt. Tá 3/1 le fáil go ndéanfaidh Galopin De Champs an rud céanna leis an gCorn Óir do Willie Mullins ar an Aoine. 

Ní ar shráideanna Pháras a thiocfaidh deireadh leis an Tour de France 2024 (29 Meitheamh – 18 Iúil) – rud nár tharla riamh cheana. Beidh siad sin plódaithe a ndóthain seachtain sula dtosóidh na Cluichí Oilimpeacha agus dá bharr é socraithe gur i Nice a chríochnóidh an Tour. 

Beidh Craobhacha Rámhaíochta an Domhain ar siúl in Ontario Cheanada i lár mhí Lúnasa agus idir 11-15 Meán Fómhair a bheas Craobh Oscailte Gailf na Éireann ar bun ar Chúrsa Ríoga an Dúin faoi scáth na mBeanna Boirche. 

Tá súil agam go mbainfidh sibh sult agus lán na súl as cuid féin den méid atá luaite. 

Fág freagra ar 'Cluichí Oilimpeacha Pháras mórócáid idirnáisiúnta i mbliain mhór spóirt'