Ciarraí fágtha gan freagra ar fhuinneamh agus ar dhíograis Ard Mhacha

Bhí an bua ag Ard Mhacha ar Chiarraí théis am breise i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann inniu

Ciarraí fágtha gan freagra ar fhuinneamh agus ar dhíograis Ard Mhacha

Ard Mhacha 1-18 Ciarraí 1-16 (Tar éis am breise)

Tá Ard Mhacha i gcluiche ceannais peile na hÉireann den chéad uair le breis is scór bliain tar éis dóibh Ciarraí a chloí i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile ach ba iad fir Kieran McGeeney a thug leo an lá agus taispeántas  lán d’fhuinneamh agus díograis tugtha acu sa dara leath agus sa 20 nóiméad breise.

Bhí Ciarraí i gceannas ag leath ama agus iad ceithre phointe chun tosaigh, 0-10 in aghaidh 0-6, ach thit an tóin as fir na Ríochta as sin go deireadh agus an bua tuillte go hiomlán ag Ard Mhacha.

Chuir Ciarraí cúpla deis iontach ar chúil amú go luath sa dara leath agus cé gur chuir Paul Murphy an liathróid sa líontán faoi dheireadh sa 47ú nóiméad chun Ciarraí a chur cúig phointe chun tosaigh, bhí an chuma ar an scéal go raibh loicthe ar mhisneach na gCiarraíoch agus tháinig Ard Mhacha ar ais go láidir.

Lig botún ó chúl báire Chiarraí Shane Ryan, é ag scaoileadh leis an liathróid i mbéal an chúil, do Barry McCambridge dorn a chur léi agus Ard Mhacha a thabhairt ar ais i bhfoisceacht pointe agus ceathrú uaire fágtha. Ba é an dara cúl a d’aimsigh McCambridge i bPáirc an Chrócaigh le coicís anuas tar éis dó ceann a fháil sa chluiche ceathrú ceannais i gcoinne Ros Comáin ach bhí an jab a rinne sé ag marcáil David Clifford inniu chomh tábhachtach céanna is a bhí na cúil sin.

Is ar éigean gur leag laoch Chiarraí lámh ar an liathróid sa dara leath nó in am breise. Ní hé David Clifford an t-aon imreoir mór le rá ag Ciarraí nár éirigh leis dul i bhfeidhm ar an gcluiche agus chun barr a chur ar an donas, bhí na Ciarraígh i dtrioblóid agus iad buailte ag ráig mhíchruinnis.

Sa chéad leath, scórail Ciarraí deich bpointe ó 12 iarracht, ráta scórála 83%. As sin go deireadh an chluiche, thugadar 25 iarracht eile ar na postaí. Níor aimsíodar an sprioc ach le seacht gcinn acusan – ráta scórála 28%.

Ní inseoidh figiúirí amháin scéal an chluiche áfach agus spreag an slua mór ó Ard Mhacha a gcuid imreoirí chun gach a raibh iontu a fhágáil ar an bpáirc.

Bainisteoir Ard Mhacha, Kieran McGeeney. Pic: INPHO/James Crombie

Bhí an-tionchar ag na fir ionaid a chuir Ard Mhacha chun páirce ar an toradh. Agus iad fós dhá phointe chun deiridh agus thart ar deich nóiméad fágtha, scóráil Stefan Campbell, a tháinig isteach ag leath ama, dhá phointe den scoth chun Ard Mhacha a thabhairt ar ais ar comhscór den chéad uair ón séú nóiméad agus bhíodar chun tosaigh laistigh de 20 soicind den dara pointe ag Campbell nuair a bhuail Rian O’Neill iarracht iontach thar an trasnán agus é 50m amach ón gcúl.

Ní raibh binse Ciarraí gan mhaith agus d’aimsigh Dylan Geaney scór maith chun na foirne a fhágáil cothrom agus an 70 nóiméad díreach imithe agus cé go raibh deis aige an cluiche a bhuachan ag fíordheireadh am cúitimh, bhí sé faoi bhrú agus chuaigh an iarracht ar strae.

Tugadh Jarly Óg Burn chun páirce don am breise agus é i lár an aonaigh i rith an 20 nóiméad. D’aimsigh sé an chéad scór den am breise théis cúpla nóiméad agus ba é a chruthaigh an deis do Conor Turbitt, a bhí bainte amach agus tugtha chun páirce arís ag McGeeney, chun Ard Mhacha a chur dhá phointe chun tosaigh ag leath ama in am breise, 1-16 in aghaidh 1-14.

Chuir scór ó ionadaí eile, Ross McQuillan, Ard Mhacha trí phointe chun tosaigh san 83ú nóiméad ach tugadh beagán dóchais do Chiarraí nuair a scóráil Cillian Burke agus Paudie Clifford pointí tapa chun an bhearna a laghdú. Chuir Burke agus Seán O’Brien deiseanna amú idir sin agus an deireadh, áfach agus ba é Turbitt, lena chúigiú phointe, a fuair an scór deireanach chun lucht tacaíochta Ard Mhacha a chur ar mire uair amháin eile.

Lucht tacaíochta Ard Mhacha. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Cuireadh tús an-tapa leis an gcluiche agus scóranna aimsithe ag an dá fhoireann laistigh den chéad nóiméad. Bhí an chéad phointe ag Seán O’Shea agus Ciarraí théis 11 soicind ach chuaigh Ard Mhacha díreach suas an pháirc agus d’aimsigh Peter McGrane an sprioc chun na foirne a chothromú.

Bhí an iomarca spáis á tabhairt do leath-thosaithe Chiarraí sa chéad nóiméad agus d’aimsigh Paudie Clifford, Tony Brosnan agus Dara Moynihan pointí chun Ciarraí a chur chun tosaigh agus nuair a chuir David Clifford agus O’Shea cúpla ceann eile leo, bhí Ard Mhacha ceithre phointe chun deiridh, 0-6 in aghaidh 0-2.

Thug scóranna ó Niall Grimley agus Rian O’Neill Ard Mhacha misneach d’Ard Mhacha ach nuair a d’aimsigh David Clifford cúpla cic saor, chomh maith le pointí ó Dhiarmuid O’Connor agus ó Sheán O’Shea, chun Ciarraí a chur ceithre phointe chun tosaigh, bhíodar in áit mhaith agus iad ag déanamh i dtreo na seomraí feistis agus ba bheag duine a cheapfadh go dtiocfadh athrú chomh mór ar chúrsaí.

I gcluiche ceannais Chorn Tailteann, thug an Dún an lá leo i gcoinne Laoise, 0-14 2-6. Chaill foireann Conor Laverty cluiche ceannais na bliana seo caite i gcoinne na Mí ach is ag ceiliúradh a bhí fir an Dúin tráthnóna agus áit i gCraobh na hÉireann 2025 cinntithe acu.

Chuir an Dún tús iontach leis an gcluiche agus na chéad trí phointe aimsithe acu ach rinneadar obair chrua de ina dhiaidh sin agus Laois ligthe ar ais sa choimhlint acu. Bhí Laois chun tosaigh théis deich nóiméad nuair a d’aimsigh Séamus Lucey cúl ach bhí sé níos éasca ag an Dún na deiseanna a chruthú agus iad imithe chun tosaigh arís agus farasbarr dhá phointe acu ag an mbriseadh, 0-8 in aghaidh 1-3.

Fuair Laois na chéad trí scór sa dara leath ach thóg an Dún ceannas ar an gcluiche ansin agus sé phointe as a chéile aimsithe acu chun bearna mhór a chur idir na foirne agus an t-am nach mór caite. Scóráil Mark Barry cúl iontach do Laois chun dhá phointe a fhágáil idir na foirne in am cúitimh ach níor éirigh le Laois scór ar bith eile a aimsiú agus an Dún a bhí buacach ar deireadh.

Ard Mhacha: B Hughes; P Burns, A McKay, P McGrane (0-1); B McCambridge (1-0), T Kelly, A Forker (0-2); N Grimley (0-2), B Crealey; O Conaty, R O’Neill (0-3), J McElroy; R Grugan (0-1 ó chic saor), C Turbitt (0-5, 0-3 ó chiceanna saora), A Murnin. Fir Ionaid: S Campbell (0-2) in áit McGrane (Leath ama), J Duffy in áit Conaty (48 nóim), A Nugent in áit Crealey (56 nóim), R McQuillan (0-1) in áit Forker (49 nóim), O O’Neill in áit Murnin (61 nóim), J Óg Burns (0-1) in áit Kelly (Am Breise), S McPartlan in áit Turbitt (Am Breise), C Turbitt in áit Nugent (79 nóim), O Conaty in áit Grugan (84 nóim),

Ciarraí: S Ryan; P Murphy (1-0), J Foley, T O’Sullivan; B Ó Beaglaoich, T Morley, G White; D O’Connor (0-1), J O’Connor; T Brosnan (0-1), P Clifford (0-3), D Moynihan (0-1); D Clifford (0-4, 0-2 ó chiceanna saora, 0-1 ó mharc), S O’Shea (0-4, 0-1 ó chic saor, 0-1 ó ‘45), P Geaney. Fir Ionaid: K Spillane in áit Geaney (47 nóim), C Burke (0-1) in áit Moynihan (47 nóim), D Geaney (0-1) in áit Brosnan (58 nóim), G O’Sullivan in áit Uí Bheaglaoich (64 nóim), B O’Sullivan in áit J O’Connor (69 nóim), Mike Breen in áit White (Am Breise), D Casey in áit T O’Sullivan (73-77 nóim), Casey in áit Foley (77 nóim), S O’Brien in áit D O’Connor (80 nóim), Seán O’Brien in áit Murphy (84 nóim)

Réiteoir: David Gough (An Mhí).

Fág freagra ar 'Ciarraí fágtha gan freagra ar fhuinneamh agus ar dhíograis Ard Mhacha'

  • Carraig

    Tuairisc an-bhreá, an-chuimsitheach, bail ó Dhia ort.