Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cén fáth a luaitear WhatsApp, Instagram agus Facebook?
- Céard a theip ar an údar a dhéanamh?
- Cén sórt áite ba ea Baile na Coiribe?
- Cén bhaint atá ag an bpeann tobair leis an scéal?
- Cén fáth a mbíodh air a bheith cúramach gan dul thar cheithre leathanach?
- Cad deirtear faoi fhear an phoist?
- Cén t-athrú mór a bhí ar an saol?
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an gceithre abairt dheireanacha arís. Aimsigh sampla don tuiseal ginideach agus d’aidiacht.
- An bhfuil aon fhocal/frása nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo thíos an chuid eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht iad a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin agat.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- ar mo theachtaireacht dheireanach go fóill, nó, ar a laghad ar bith, an bhfuil dath gorm tar éis teacht, faoi dheireadh, ar an dá thic in aice le mo theachtaireacht dheireanach féin.
- aird ar pharagraif agus ar phoncaíocht. Ach de réir a chéile, agus méara agus súile ag éirí níos cleachta ar theachtaireachtaí gairide
- Níor sheol mé riamh í; tá sí ina luí i dtarraiceán rúnda i mo vardrús le ceithre bliana anuas. Ina ionad sin, bím ag piocadh suas mo ghutháin gach re nóiméad, féachaint ar thug an fear sin freagra
- Feictear dom gur chloígh daoine le leagan amach na litreach ar feadh tamall de bhlianta agus teachtaireachtaí ríomhphoist á gcur acu. Bhí tús, lár agus deireadh ag baint leo; thugtaí
- a d’fhéadfaí a thaispeáint ar scáileán guthán póca, d’imigh an scil agus go deimhin an ealaín a bhain le scríbhneoireacht litreacha i léig.
- Go deo, feictear dom; smidiríní déanta dár n-aigne, a bhíodh eagraithe agus suaimhneach tráth, ag an gcineál aipeanna a d’imigh den aer Dé Luain seo a chuaigh
- faoin am ar chuimhnigh mé, sa deireadh, ar an litir dheireanach a scríobh mé: iarracht a bhí inti na mothúcháin atá agam d’fhear a bhfuil caidreamh casta agam leis le blianta anuas a chur in iúl dó.
- Fiú amháin teachtaireachtaí ríomhphoist a rachaidh thar dhá nó trí líne, ní bhíonn fonn orm a thuilleadh suí síos agus tabhairt fúthu. Bhí an colún seo nach mór scríofa
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.
Ailís
Bhain mé taitneamh as seo. Go raibh maith agat!