CLUASTUISCINT: Ainmneacha as Béarla

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Ainmneacha as Béarla

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Cén fáth ar thug an t-údar an t-iriseoir óg faoi deara?
  2. Cén chuma a bhí ar an mbean?
  3. Cén fáth a raibh comhbhá ag an údar leis an iriseoir?
  4. Cén fáth a raibh an slua seo os comhair Theach Laighean?
  5. Cén fáth a luaitear muintir Ráth Chairn?
  6. Cé hiad Todhchaí na Gaeltachta?
  7. Céard is brí leis an abairt thíos dar leat?

“Nuair a chonaiceadar a raibh de phoiblíocht á fháil aige, chúbadar chucu agus tharraingíodar na hadharca isteach.”

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis na trí abairt dheireanacha arís. Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha agus d’ainmfhocal baininscneach.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíosa píosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin agaibh.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. deireadh labhair sí liom féin. Litríos amach na hainmneacha di. Ní gan dua ach dheineas go cúirtéiseach é, ar mhaithe le cruinneas is le gairmiúlacht. Dorn sna putóga agam é mar
    2. a raibh m’eagaois curtha amach agamsa ag cabhrú léi an lá roimhe san. Dhá leathanach bhreátha agus pictiúir breá seoigh. Cuntas cruinn go maith scríte (scríofa) aici ar an ‘tionól Gaeltachta’ os comhair Theach Laighean amach.
    3. an cumadóir iomráiteach, a scríobh an ‘Brendan Voyage’ is a thuilleadh nach é. Chaith Shaun na blianta i bParóiste Múrach lena bhean Rita Connolly .Béal Feirsteach é
    4. Is le croí mór maith a thugas-sa mo chuid airde is mo chuid ama don iriseoir óg seo in ár lár istigh. D’aimsíos daoine deisbhéalacha dea-labhartha di. Leithéidí Shaun Davey,
    5. a chuir suim thar na bearta i gcultúr na Gaeltachta. Chum sé ceol álainn don gcnuasach dánta le Caoimhín Ó Cinnéide, ar a raibh an seod ‘Bláthanna Bealtaine’.
    6. Labhair sé sin go líofa leis an iriseoir faoin gcás atá a dhéanamh ag Breanndán. Chuireas an ceoltóir Cormac Ó Beaglaoich, mac mo dhearthár, i dtreo an iriseora ónDaily Mail agus ar
    7. sin an mhaidin dár gcionn nuair a phriocas suas an nuachtán tablóideach an Irish Daily Mail i siopa i Sráid na Mainistreach. Cad a bhí romham ach ár n-ainmneacha go léir aistrithe go Béarla ag an iriseoir seo

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Ainmneacha as Béarla'