Cloch mhíle stairiúil ar bhóthar an Bhreatimeachta agus vóta caite ag móramh ar son mhargadh Johnson

Agus móramh in Westminster ar son an chomhaontaithe aistarraingthe faoi dheireadh, deir Boris Johnson gur anois an t-am éirí as an gcaint faoi ‘fág’ nó ‘fan’

Cloch mhíle stairiúil ar bhóthar an Bhreatimeachta agus vóta caite ag móramh ar son mhargadh Johnson

Beidh an Bhreatain ag fágáil an AE ar an 31 Eanáir i ndiaidh do mhóramh mór vótáil ar son mhargadh imeachta Boris Johnson in Westminster tráthnóna.

Cloch mhíle stairiúil ar bhóthar an Bhreatimeachta ab ea vóta an lae inniu a chuir deireadh leis an tsáinn sa pharlaimint faoi thoradh an reifrinn trí bliana go leith ó shin inar vótáil móramh ar son an tAE a fhágáil.

Móramh mór 124 feisire a thug a mbeannacht do mhargadh Johnson. 358 a vótáil ar son an chomhaontaithe aistarraingthe a aontaíodh leis an AE agus 234 a bhí ina choinne.

Fágann sin go bhfuil an bealach réidh anois leis an reachtaíocht Bhreatimeachta a chur tríd an bparlaimint agus Teach na dTiarnaí ionas go mbeidh an Bhreatain in ann an tAE a fhágáil roimh dheireadh mhí Eanáir.

Faoin mbille ar glacadh leis inniu bheadh cosc ar aon síneadh ama eile a lorg ar an spriocam don idirthréimhse i ndiaidh an Bhreatimeachta, an 31 Nollaig 2020.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson inniu go raibh an Bhreatain “céim eile níos giorra don Bhreatimeacht a chur i gcrích”.

Dúirt ceannaire pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn go leanfaí ag cur i gcoinne an phlean mar go raibh “bealach níos fearr agus níos cothroime” ann leis an AE a fhágáil.

Dúirt Boris Johnson gur anois an t-am éirí as an gcaint faoi ‘fág’ nó ‘fan’.

Dúirt Corbyn gur “náire shaolta náisiúnta” a bhí sa tslí ar dhéileáil rialtas na dTóraithe leis an mBreatimeacht ó 2016.

Ach a bhfágfaidh an Bhreatain an tAE ag deireadh mhí Eanáir, cuirfear tús leis na cainteanna casta iarBhreatimeachta faoi chúrsaí trádála agus eile.

Tá mórán den tuairim gur ar éigean go n-éireoidh leis an dá thaobh teacht ar réiteach faoi dheireadh 2020.

Fág freagra ar 'Cloch mhíle stairiúil ar bhóthar an Bhreatimeachta agus vóta caite ag móramh ar son mhargadh Johnson'