Cleas Naomh Peadar á dhéanamh ag seanchairde Trump

Teastaíonn ó Phoblachtánaigh Washington a chinntiú oiread agus is féidir gur briseadh glan soiléir le réimeas Trump a bheidh ann

Cleas Naomh Peadar á dhéanamh ag seanchairde Trump

Den chéad uair riamh tá táinseamh déanta ar Uachtarán de chuid na Stát Aontaithe. 

Glacadh aréir leis an rún i dTeach na nIonadaithe agus chuidigh suas le deichniúr Poblachtach leis an rún le Donald J Trump a tháinseamh as éirí amach a ghríosú.

Lá stairiúil agus eachtraí stairiúla i bparlaimint na Stát Aontaithe. Bhí fearg ar bhaill tofa i dTeach na nIonadaithe agus murab ionann agus an chéad uair a ndearnadh táinseamh ar an Uachtarán Trump, níl an páirtí Poblachtach aontaithe maidir lena chosaint níos mó.

Tiocfaidh deireadh le tréimhse an Uachtaráin Dé Céadaoin seo chugainn agus an Páirtí Poblachtach anois ar a míle dícheall ag iarraidh a gcuid lámha a ghlanadh ón smál a bhaineann leis an tacaíocht a thug siad do Trump le ceithre bliana.

Céard is fiú Uachtarán a tháinseamh i bhfoisceacht cúig lá d’insealbhú an chéad Uachtaráin eile? Baineann an gheamaireacht pholaitiúil is déanaí seo an oiread leis an gcorraíl inmheánach sa bpáirtí Poblachtach agus a bhaineann sé leis an imní atá ar dhaoine faoin méid a d’fhéadfadh Trump a dhéanamh idir seo agus Dé Céadaoin seo chugainn.

Má chiontaítear Trump sa Seanad as éirí amach a ghríosú beidh cosc ar an Uachtarán aon ról tofa poiblí a bheith aige. Tá droim láimhe dá tabhairt ag lucht gnó, lucht spórt agus, faoi dheireadh, ag cuid dá chomhghleacaithe sa bpolaitíocht le Trump. 

Agus teastaíonn ó Phoblachtaigh Washington a chinntiú oiread agus is féidir gur briseadh glan soiléir le réimeas Trump a bheidh ann. Sin a bhí taobh thiar do na tuairiscí faoin Cheannaire na bPoblachtach sa Seanad Mitch McConnell a bheith ag tacú leis an táinseamh agus le ciontú an Uachtaráin sa Seanad.

Is faoin Seanad a bheidh sé anois má tá Trump le ciontú. Tá cóimheá na cumhachta sa Seanad athraithe mar thoradh ar an toghchán i mí na Samhna. Fós féin teastaíonn tacaíocht dhá thrian de na Seanadóirí le go gciontófaí Trump. Sin 67 as 100. Ó tharla an Seanad a bheith roinnte go cothrom idir an dá pháirtí ní theastaíonn ach seachtar déag Poblachtach chun vótáil ar son an rúin le Trump a chiontú.

Thar aon ní eile tá Poblachtaigh ag súil go dtabharfaidh sé seo deis dóibh fáil réidh le Trump, cleas Naomh Peadar a dhéanamh agus séanadh gur bhain sé riamh leo. Cuirfidh sin ar a gcumas dul sa tóir ar dhaoine nua leis an bhfód a sheasamh dóibh. An cheist mhór atá le réiteach ag an bpáirtí anois ná cén chaoi a gcoinneoidh siad sciar de lucht leanúna Trump leo gan a mbeannacht a thabhairt do na ceannaircigh sa ghluaiseacht Thrumpach.

Baineann an scéal seo ar fad le polaitíocht agus ní le mianta glórmhara an Daonlathais.  Tá bréagchráifeacht na bPoblachtach agus an t-uafás atá orthu faoin ngríosú a rinne Trump ar lucht ruathair an Chaipeatóil. 

Is beag imní a chuir sé ar a bhformhór nuair a bhí tairbhe pholaitiúil le baint as. Táid ann nach bhfuil uathu ach Donald Trump a ruaigeadh. 

Is cuma ruaigthe é nó gan a bheith, tá os cionn 70 milliún duine sna Stáit Aontaithe a thug vóta dó i mí na Samhna. Caithfear éisteacht de shaghas éigin a thabhairt dóibh agus sin an fhadhb mhór a bheidh le sárú ag Joe Biden agus Kamala Harris ach a n-insealbhófar iad Dé Céadaoin seo chugainn.

Fág freagra ar 'Cleas Naomh Peadar á dhéanamh ag seanchairde Trump'