Táinseamh déanta ar Donald Trump den dara huair

Tá Donald Trump ar an gcéad uachtarán ar Mheiriceá ar deineadh táinseamh faoi dhó air. Cuirfear Trump ar a thriail anois sa Seanad, mar a dteastóidh dhá thrian a bheith ar son é a chiontú.

Táinseamh déanta ar Donald Trump den dara huair

Vótáil móramh i dTeach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá tráthnóna go ndéanfaí an tUachtarán Donald Trump a tháinseamh den dara huair, an chéad uachtarán ar Mheiriceá ar tharla a leithéid dó.

232 a vótáil ar son a tháinsimh agus 197 a bhí ina choinne.

Cuirfear Trump ar a thriail anois sa Seanad, mar a dteastóidh dhá thrian a bheith ar son é a chiontú.

An uair dheireanach ar deineadh táinseamh air i dTeach na nIonadaithe níor thacaigh oiread agus poblachtánach amháin leis an iarracht, ach vótáil deichniúr acu ar son a tháinsimh an uair seo. 

Cúis amháin a cuireadh i leith Trump – “éirí amach a spreagadh”. 

“Chuir an tUachtarán Trump na Stáit Aontaithe agus a n-institiúidí rialtais i mbaol mór,” a dúradh sa bhille táinsimh ceithre leathanach. 

Dúradh dá bhfágfaí in oifig é gur bhagairt a bheadh ann don tslándáil náisiúnta, don daonlathas agus don bhunreacht. 

Le linn na díospóireachta faoi na hairteagail táinsimh tráthnóna, dúirt ceannasaí na nDaonlathach sa Teach, Nancy Pelosi nach raibh aon rogha ann ach Trump a tháinseamh.

 “Caithfidh sé imeacht. Is contúirt mhór i gcónaí é don náisiún dá bhfuil grá againn go léir,” a deir Nancy Pelosi.

Drochsheans áfach go ruaigfear as oifig Trump roimh an 20 Eanáir, nuair a insealbhófar Joe Biden.

Meastar gur ina dhiaidh sin a tharlóidh an vóta sa Seanad faoi Trump a chiontú.

Dá gciontófaí sa Seanad é d’fhéadfaí cosc a chur air seasamh i dtoghcháin arís ach seans go ndéanfar iarracht é sin a dhéanamh fiú mura gciontófaí é. 

Cuireadh i leith Trump gur ghríosaigh sé a lucht tacaíochta chun ruathar a thabhairt ar an gCaipeatól an tseachtain seo caite. 

Cé gur vótáil roinnt Poblachtánach ar son a tháinsimh anocht dúirt cuid mhaith d’ionadaithe an pháirtí gurb amhlaidh go gcothódh a leithéid scoilt níos mó sa tír.

Tá cosaint déanta Donald Trump féin ar an óráid ghríosaitheach a thug sé in Washington roimh an ruathar ar an gCaipeatól. Dúirt sé go raibh “go leor feirge á chothú” ag an iarracht é a tháinseamh arís. Ní raibh aon rud míchuí chor ar bith faoina chuid cainte, ar sé.

Dúirt duine de dhílseoirí Trump, an t-ionadaí Jim Jordan as Ohio, go raibh an lasair á cur sa bharrach ag Daonlathaigh toisc an ghráin a bheith acu ar Trump. 

Ach dúirt Liz Cheney as Wyoming, an tríú Poblachtánach is sinsearaí sa Teach “nár facthas tréas níos mó riamh ó aon Uachtarán ar na Stáit Aontaithe”. 

Fág freagra ar 'Táinseamh déanta ar Donald Trump den dara huair'

  • Antóin

    “Dúirt ceannasaí na nDaonlathach sa Teach, Nancy Pelosi nach raibh aon rogha ann ach Trump a tháinseamh”

    Cuir do rogha ruda i leith Trump agus is féidir cuid mhór a chur ina leith, ach éirí amach a spreagadh, institiúidí rialtais a chur i mbaol mór, bagairt don tslándáil náisiúnta, don daonlathas, don bhunreacht! Ní cheapaim é.

    Ba chosúla go mór le héirí amach na hiarrachtaí a rinneadh sa samhradh bruachbhailte a dhó go talamh i bPortland agus in áiteanna eile. Agóidí síochánta más fíor do na meáin sa tír seo agus i gcéin áfach d’ainneoin an deataigh agus na mbladhmanna sa chúlra taobh thiar dá gcuid tuairisceoirí.

    Díol suime leis, na focail a d’usáid na tuairisceoirí ar fad, maidríní lathaí gan cumas anailíse RTÉ ina measc ; gríosú chun éirí amach, ceannairc, coup, sceimhleoireacht baile.

    Sceimhleoireacht baile! Is cuimhin linn ar fad an chéad chogadh in aghaidh sceimhleoireachta? Nod don eolach; Bí ag súil mar sin le cogadh eile in aghaidh sceimhleoireacht baile!

    Agus cá raibh Nancy le linn ré Obama agus Clinton agus Bush nuair a bhí muintir na hIaráine, na hIaráice, na hAfganastáine agus tíortha nach iad, ag lorg foscaidh ó cheathanna diúracán lá is oiche.

    Ní fheadar. I salón gruaige nó ag ithe uachtar reoite b’fhéidir!