Clár suimiúil faoi imreoir sacair ar leith

Ní insint idir chraiceann agus chnámha atá againn ach is deas dul siar bóithrín na smaointe 

Clár suimiúil faoi imreoir sacair ar leith

Cá bhfuil Alex Ferguson? Sin í an cheist a bhí ag dó na geirbe agam agus mé ag féachaint ar an bhfadscannán faisnéise Rooney (Amazon Prime) seo. N’fhéadfá ach sonrú a chur ann. Á cheal, dhóigh leat gur snámh in aghaidh easa atá an té atá ag iarraidh léamh cuimsitheach a thabhairt ar shaol imeartha an fhir a chaith trí bliana déag le Manchester United, naoi mbliana acu sin faoi stiúir dhraoi thíoránach na hAlban. 

Is dócha gur fuirste an cheist a fhreagairt; tá aighneas de shaghas eatarthu i gcónaí, achrann a thosaigh nuair a d’fhógair Rooney in 2010 go raibh sé ag iarraidh Manchester United a fhágaint. Bhí Rooney in ard a réime ag an am agus é den tuairim go raibh an fhoireann ag teip ó díoladh Ronaldo agus Tevez. Cheistigh sé Ferguson faoi seo, rud nach ndéanann tú, agus bhí sé ina réabadh. Is ar éigean a luann Rooney ainm Ferguson i rith an chláir agus is beag trácht a dhéanann sé ar a gcaidreamh, ach i bpaiste beag cainte léargasach amháin deir sé gur thuig Ferguson can a bhí le teacht agus gurb in an chúis gur bhailigh sé leis in 2012. Buille ord ar inneoin. 

B’fhéidir gurb é an t-achrann sin, agus Ferguson a bheith ar lár ón gclár dá réir, is cúis leis an easpa béime ar Manchester United sa chlár. Go deimhin ní raibh aon agallamh le Ronaldo ach an oiread, a pháirtí gaiscíochta le Manchain. Ba dhóigh leat go mbeadh gaiscí an chlub ó 2006 go 2013 i lár an aonaigh. Chrochadar leo an Premier League cúig bhabhta mar aon le Corn na Seaimpíní. Dírítear i bhfad Éireann níos mó ar thosach a shaoil imeartha, ar a shaol imeartha le Sasana agus ar a shaol pearsanta, a óige ach go háirithe.  Fágtar sinn leis an tuairim nár éirigh leis barr a chumais a bhaint amach le Sasana, fiú agus é i measc na glúine órga.

Caithfidh mé a rá go bhfuaireas an-bhlas ar thosach an chláir is é ag caint ar a óige in Croxteth i Learpholl. Sráideanna tiufáilte arbh éigean don Rooney óg an fód a sheasamh; labhraíonn sé go macánta faoin luí le foréigean agus le fearg a bhí ann sna déaga. Is iad an drochmhianach agus an diongbháilteacht chéanna a dhein imreoir sciliúil sráide de. Meabhraítear dúinn gur raideadh i lár an aonaigh é agus gan é ach sé bliana déag d’aois. Curiarrachtaí á sárú aige ar fud na mball. Go dtí an lá atá inniu ann is é an t-imreoir is óige riamh a d’aimsigh báide do Shasana agus is é an té is mó a d’aimsigh báidí do Mhanchain agus Sasana araon. Tráchtar ar an mbrú a cuireadh air, agus a pháirtí Coleen, iad an-óg agus an bpobal is na meáin ag sracadh astu. 

Cé go bhfuil Ronaldo agus Ferguson in easnamh déantar dreasanna cainte le David Beckham, Thierry Henry, Gary Neville, David Moyes, José Mourniho, Sven-Göran Eriksson, Rio Ferdiand agus a thuilleadh eile nach iad. Labhraíonn siad ar fad go measúil, omósach. Bhí dreas cainte deas, léargasach ó David Moyes, dar liom, an té a bhí le Everton agus Rooney ag teacht in inmhe ann.

Scéal thairis iad scéalta mídhílseachta Rooney agus déanann Coleen féin spior spear leithscéalach de na scéalta, ar shlí á rá nach maith an smaoineamh é Wayne a scaoileadh amach “unsupervised”. Lena chois sin ní dhéantar aon trácht ar chonspóid shuarach, ghreannmhar Wagatha Christie. B’ábhar díomá dom chomh maith nár dhein sé aon trácht ar a chúlra Éireannach, go mórmhór agus é ag trácht go mothúchánach faoin sheanmháthair, arb Éireannach í. 

Níl Ferguson againn agus ní insint chuimsitheach idir chraiceann agus chnámha atá againn ach bhí sé deas dul siar bóithrín na smaointe. 

Fág freagra ar 'Clár suimiúil faoi imreoir sacair ar leith'