Clár oiliúna nua sna meáin dhigiteacha beartaithe ag Údarás na Gaeltachta agus TG4 do 2019 

Thug Bord Fhoras na Gaeilge a mbeannacht inniu do dheontais ar fiú €3 milliún iad

Clár oiliúna nua sna meáin dhigiteacha beartaithe ag Údarás na Gaeltachta agus TG4 do 2019 

Cuirfidh Údarás na Gaeltachta agus TG4 tús sa bhliain nua le scéim oiliúna do na meáin dhigiteacha.

Thug Bord Údarás na Gaeltachta a mbeannacht don scéim nua inniu ag cruinniú a bhí ar siúl sna Forbacha acu.

Dúradh gur “beartas píolótach” a bheidh i gceist agus é mar aidhm aige earnáil na meán “a neartú” agus le cur leis an mbunsraith fostaíochta agus infheistíochta san earnáil sin. Beifear ag súil chomh maith “dlús” a chur faoi “fhorbairt sruth tallainne” sna meáin Ghaeilge.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis tráthnóna go mbeadh a thuilleadh sonraí faoin scéim nua ar fáil, ach a seolfar í sa bhliain nua.

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta maoiniú inniu chomh maith do thograí éagsúla a deirtear a chruthóidh 91 post lánaimseartha agus 12 post páirtaimseartha sa Ghaeltacht.

Maíodh go raibh infheistíocht €5.2 milliún i gceist leis na tograí, infheistíocht na gcomhlachtaí féin san áireamh.

Baineann 25 de na poist a bhfuiltear ag súil lena gcruthú le Dún na nGall agus baineann 25 eile díobh le Gaeltacht Chorcaí. 24 post atá i gceist i gcás Mhaigh Eo agus baineann an 14 post eile le Gaeltacht na Gaillimhe. 

Chuir Bord Údarás na Gaeltachta “fáilte mhór” inniu chomh maith roimh mhaoiniú breise caipitil a ceadaíodh don eagraíocht le gairid.

Tugadh le fios don Bhord ag an gcruinniú freisin go bhfuil Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, ceaptha mar Stiúrthóir Forbartha Pobail, Réigiúin agus Pleanála Teanga leis an eagraíocht.

Idir an dá linn, thug Bord Fhoras na Gaeilge a mbeannacht inniu do dheontais ar fiú €3 milliún iad. 

Ceadaíodh deontais €720,000 thar thréimhse trí bliana do Raidió na Life agus deontas £648,000 do Raidió Fáilte thar thréimhse trí bliana.  Ceadaíodh deontais ar fiú €674,574 do thithe foilsitheoireachta na Gaeilge faoi Scéim na Foilsitheoireachta agus ceadaíodh €103,005 faoi scéim na dTionscadal Litríochta 2019.

Fág freagra ar 'Clár oiliúna nua sna meáin dhigiteacha beartaithe ag Údarás na Gaeltachta agus TG4 do 2019 '