Clár imeachtaí Gaeilge agus stiúideo nua Raidió Rí-Rá seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta

Ghabh Jamie Ó Flannúra, Bainisteoir Raidió Rí-Rá, buíochas leis an Aire Stáit as an maoiniú agus dúirt sé go gcuirfidh an fhorbairt ar a gcumas cur leis an líon seónna beo a chraoltar ar an stáisiún

Clár imeachtaí Gaeilge agus stiúideo nua Raidió Rí-Rá seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta in Uimhir 6 Sráid Fhearchair aréir chun stáisiún Raidió Rí-Rá a athoscailt agus chun clár imeachtaí Gaeilge don phobal a sheoladh.

Tá forbairt déanta ar stiúideo Raidió Rí-Rá, an stáisiún ceoil do chainteoirí óga Gaeilge atá lonnaithe i gceannáras Chonradh na Gaeilge, agus bhí an tAire Stáit Jack Chambers i láthair chun é a athoscailt.

Rinne an tAire Stáit seoladh oifigiúil freisin ar an gclár imeachtaí don phobal atá á mhaoiniú ag Ciste Spreagtha Chonradh na Gaeilge. Tá an Ciste Spreagtha ag cur tacaíochta ar fáil do 150 grúpa ar fud na tíre chun imeachtaí Gaeilge sa phobal a reáchtáil.

Bunaíodh an ciste chun tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí pobail i ndiaidh na paindéime agus tá na himeachtaí á reáchtáil idir mí Aibreáin agus deireadh mhí an Mheithimh. Tá féilte ceoil, laethanta do theaghlaigh agus turais ar na himeachtaí atá eagraithe sna ceantair Ghaeltachta agus in áiteanna eile ó cheann ceann na tíre.

Dúirt an tAire Stáit Chambers gur cúis cheiliúrtha dó gur féidir leis cuidiú leis an togra agus go raibh súil aige freastal ar chuid de na hócáidí.

“Táim an-bhródúil go mbeidh scoth na n-imeachtaí Gaeilge ar siúl fud fad na tíre le tacaíocht ón gCiste Spreagtha. Bhí cúpla bliain dheacair ag grúpaí pobail le linn na paindéime agus tá súil agam go gcuirfidh an maoiniú seo borradh faoi phobal na Gaeilge leis na himeachtaí atá beartaithe acu le cabhair ón gciste.”

Dúirt an tAire Stáit freisin go raibh sé “an-ríméadach” go raibh sé in ann an fhorbairt ar stiúideo Raidió Rí-Rá a mhaoiniú.

Dúirt sé go mbeadh an stáisiún in ann “breis freastail a dhéanamh ar dhaoine óga agus deis a thabhairt dóibh éisteacht le seirbhís raidió as Gaeilge atá dírithe go huile is go hiomlán ar a n-aoisghrúpa féin”.

Ghabh Jamie Ó Flannúra, Bainisteoir Raidió Rí-Rá, buíochas leis an Aire Stáit as an maoiniú agus dúirt sé go gcuirfidh an fhorbairt ar a gcumas cur leis an líon seónna beo a chraoltar ar an stáisiún agus go mbeidh níos mó láithreoirí in ann oibriú leis an stáisiún.

“Láidríonn an fhorbairt seo ár n-éileamh go gcuirfí ógstáisiún náisiúnta raidió Gaeilge ag craoladh ar FM ar bhonn lánaimseartha amach anseo.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada go mbunófaí an tseirbhís raidió ar líne mar stáisiún náisiúnta FM. Dúirt Údarás Craolacháin na hÉireann anuraidh nach raibh dóthain spáis ann chun an stáisiún a chur ar fáil ar FM.

Fág freagra ar 'Clár imeachtaí Gaeilge agus stiúideo nua Raidió Rí-Rá seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta'