Clár caithiseach ar TG4 a thugann éachtaint dúinn ar sheoid an bhéaloidis

Ní clár sollúnta acadúil é Seoda Bhailiúchán na Scol ach clár a chuireann roimhe spléachadh a thabhairt dúinn ar chnuasach saibhir béaloidis

Clár caithiseach ar TG4 a thugann éachtaint dúinn ar sheoid an bhéaloidis

Cnuasach béaloidis suaithinseach, ar leithligh atá ar coimeád i gcartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Ina lár istigh tá Bailiúchán na Scol. Mar is eol go maith do léitheoirí ‘Ó Dhúchas’ ar an suíomh seo gaisce bailithe béaloidis atá sa bhailiúchán sin.

D’eascair an bailiúchán as comhghuaillíocht uaillmhianach chruthaitheach phraiticiúil idir an Coimisiún Béaloideas Éireann, An Roinn Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann sna blianta idir 1937 agus 1939. Is maith go bhfuil toradh an tsaothair sin agus Dúchás.ie anois á chur ar fáil do lucht féachana TG4.

Faoi mar a thugann teideal an chláir seo le fios (Seoda Bhailiúchán na Scol, TG4, Déardaoin) is mó seoid atá le fáil sa 750,000 leathanach de stair áitiúil agus traidisiún béil a bhailigh tuairim is 50,000 scoláire i 5,000 bunscoil óna dtuismitheoirí agus comharsana ar fud na Poblachta. Mar chuid de sin caomhnaíodh 18,000 de bhunchóipleabhair na scoláirí.

I bhfianaise an chéad ghála ní sraith shollúnta acadúil a bheidh anseo a dhéanfaidh anailís chórasach léannta ar an ábhar, cé go mb’fhéidir go bhfuil gá leis sin chomh maith. Is éard a chuireann an tsraith seacht gclár roimhe, áfach, ná spléachadh a thabhairt dúinn ar an gcnuasach ollmhór luachmhar seo. Clár é seo a thugann ruathar ar an gcnuasach agus a dhéanann iarracht ansin fáil amach an mbaineann an t-ábhar aon mhacalla as saol an lae inniu.

Chuige sin déantar seacht n-aoi dhifriúla a earcú: Aenghus Mac Grianna; Sláine Ní Chathalláin; Diarmaid Lyng; Stiofán Seoighe; Jo Ní Chéide; Brian Ó Domhnaill agus Máire Treasa Ní Cheallaigh.

Is deas liom an cur chuige sin óir tá cuma an-shuimiúil ar an meitheal sin agus tá sé deas corr-aghaidh nua a fheiscint i gcónaí.

Lena chois sin, beidh siad ar fad agus a n-ábhar spéise féin acu agus iad ag dul ag tochailt sa chnuasach. Sa chéad chlár bhí an grá agus an pósadh idir chamáin ag Aenghus Mac Grianna. An rud atá iontach faoin mBailiúchán ná gur bailiúchán náisiúnta atá ann bunaithe ar chreatlach logánta; rud a chiallaíonn gur féidir le duine díriú isteach ar a bhfóidín dúchais beag féin chun tuiscint a fháil ar scéal níos leithne.

Bhí an clár ar fad as Gaeilge nach mór. Bhí reacaireacht bhreá againn ó Shorcha Ní Chéilleachair, chuir Aenghus an rud i láthair go deisbhéalach agus deineadh dreasanna cainte deasa le hAnna Bale, Billy Mag Fhloinn, Seán Mistéal, John Sharpson, Fionnán Mac Gabhann agus tríonóid an phodchraolta Beo ar Éigean, Sinéad Ní Uallacháin, Siún Ní Dhuinn agus Áine Ní Bhreisleáin.

Dhein an béaloideasaí agus ceiliúraí daonnachach Billy Mag Fhloinn as Corca Dhuibhne píosa cainte faoi stair na ngallán agus deineadh an stair sin a chniotáil lena chuid oibre mar cheiliúraí. Chuamar as sin go teach tábhairne i mBaile Átha Cliath mar a raibh Aenghus agus Sharpson ag iarraidh oíche do dhaoine singile a nascadh le nósanna cleamhnais sna laethanta a chuaigh thart. Bhíos ag fanacht le go gcuirfí blúirín ón mbailiúchán os comhair an tslua féachaint cén glacadh a bheadh acu leis. 

Clár caithiseach a thugann éachtaint dúinn ar sheoid an bhéaloidis. Má éiríonn leis breis daoine a mhealladh i dtreo Bhailiúchán na Scol is gaisce ann féin a bheadh ansan.

Fág freagra ar 'Clár caithiseach ar TG4 a thugann éachtaint dúinn ar sheoid an bhéaloidis'