Clár, albam, podchraoladh nó curaí i Ráth Chairn uait? Tá roinnt moltaí ag Tuairisc…

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Clár, albam, podchraoladh nó curaí i Ráth Chairn uait? Tá roinnt moltaí ag Tuairisc…

FÉILTE

Féile na Gealaí: 8-10 Meitheamh 2022 

Geall le hOireachtas beag an tsamhraidh Féile na Gealaí, nuair a thagann na Gaeil ó chian is ó chóngar le freastal ar ócáid bheag ghleoite s i Ráth Chairn Glas na Mí. Gach seans go mbeidh an fhéile áirithe seo níos speisialta fós i mbliana agus roinnt mhaith de phobal na nGael ag tíocht le chéile den chéad uair le tamall de bhlianta. Tá ardú meanma agus tógáil anama geallta, chomh maith le plúr na gceoltóirí Gaelacha – leithéidí Bandia, Súil Amháin agus Clare Sands. Soláthróidh Beo Ar Éigean, GaelGáirí agus Julie Jay siamsaíocht don deireadh seachtaine, agus ní gá a bheith buartha faoin bpacáil go fiú, ós rud é go mbeidh Aonach Amárach i Halla an Phobail Dé Sathairn is feistis fheiliúnacha don fhéile ar díol! Bíonn pobal áitiúil an bhaile ag croílár na féile, agus is iad atá go fial flaithiúil. Labhair leis na daoine cearta agus bronnfar ort poitín, curaí don dinnéar, nó leaba na hoíche!  

Tá cúpla ticéad fágtha, cinn do theaghlaigh agus pasanna lae do dhaoine áitiúla ina measc. Bí ann nó bí gann – ní séasúr na bhféilte go Féile na Gealaí!  

Emma Ní Chearúil 

CEOL


Seans go gceapfá nach bhfuil mo rogha ceoil ábhartha i gcomhthéacs phopchairteacha an lae inniu – ach bheadh dul amú ort. Den chéad uair ó bhí 1985 ann tá sáramhrán ‘Running Up That Hill’ ón albam iomráiteach Hounds of Love le Kate Bush ag suí ar bharr na gcairteacha digiteacha, de bharr é a bheith le cloisteáil sa gclár Stranger Things ar Netflix.

Is fíor go bhfuil buaine ag baint leis an amhrán, ach tá an popchultúr timthriallach, agus tionchar Netflix agus TikTok le sonrú go mór ar nósanna éisteachta an lae inniu – féach Marina (and the Diamonds) a chas gig in Éirinn an tseachtain seo os comhair na gcéadta déagóirí toisc an-tóir ar a halbam Electra Heart ar TikTok le gairid. Eisíodh an t-albam sin in 2012, nuair a bhí roinnt mhaith dá lucht féachana idir 6-8 mbliana d’aois. 

Tá lucht casaoide ann ar Twitter ar ndóigh a deir nach féidir a bheith i do “fan” mura mbíonn gach albam de chuid ceoltóra á seinm agat go minic. Ach má tá daoine óga na linne seo ag tabhairt aitheantais d’ealaíontóirí leithéidí Kate Bush agus ag baint sásaimh astu ní miste liomsa é ar chor ar bith. Fo háirithe más é an toradh go mbeidh gúnaí fada agus scáthú súl glas faiseanta arís! 

Emma Ní Chearúil 

SCANNÁIN


Tá rath thar na bearta ar shaol aisteoireachta an Chiarraígh Jessie Buckley le tamall anois. Moladh a taispeántas in The Lost Daughter (2021) go haer agus ghnóthaigh sí ainmniúchán Oscar. Roimhe sin thug sí taispeántais chuidsúlacha uaithi in Beast (2017),Wild Rose (2018),Fargo (2020) agus I’m Thinking of Ending Things (2020). Ní leasc léi tabhairt faoi shaothair neamhghnácha agus carachtair neamhchoitianta. Tá teacht i láthair agus cumas ar leith sa bhean óg seo atá go hiomlán teann aisti féin. Dá bharr is í an phríomhcúis ar cheart féachaint ar an saothar neamhchoitianta,Men. Scannán uafáis miotasaíochta atá againn anseo ón  stiúrthóir/scríbhneoir Alex Garland, údar an leabhair The Beach agus stiúrthóir/scríbhneoir saothar amhail Ex Machina (2014). Déantar carachtar Buckley, Harper, a chiapadh nuair a théann sí ar laethanta saoire faoin tuath tar éis bhás a fir chéile. Fir, óg agus aosta a bhfuil an-dealramh acu lena chéile atá á suaitheadh agus á himeaglú. Ní bheidh an goile ag cách dó ach sampla eile é don Chiarraíoch os cionn a buille. 

Breandán Mac Gearailt 

Teilifís 


Chuile oíche le seachtain gheobhaidh tú ar an tolg mé ag sclamhadh popchips, ag breathnú ar Stranger Things ar Netflix is ag ligean orm féin nach gcloisim na gasúir ag fógairt orm síos an staighre ag iarraidh rudaí fánacha.   

D’fhoilsigh Netflix an ceathrú gála sa tsraith ficsean eolaíochta/scéinséir Dé hAoine seo caite is tá sé níos faide, níos casta agus níos 80idí fós ná aon cheann a chuaigh roimhe.  

Luíonn an ceann seo go mór ar stíl na scannán scéinséara. Tarraingíonn sé ó thaobh stíle ar leithéidí Freddie Krueger agus The Exorcist, scannáin mhóra sa seánra scéinséara i rith na 1970idí & 80idí.  

Bhí an-ráchairt, gan mórán coinne leis, ar an gclár nuair a tháinig sé amach ar dtús in 2016. Rinne na Duffer Brothers ar bhuiséad sách íseal é agus an bhéim ar an scéalaíocht in ionad éifeachtaí speisialta móra costasacha. Níl sé sin amhlaidh leis an gceathrú gála, tá costas $30 milliún luaite le gach eagrán sa tsraith agus am reatha os cionn 60 nóiméad an ceann acu.   

Coinníonn sé na tagairtí cultúrtha, idir cheol, éadaí agus imeachtaí popchultúrtha a bhí le feiceáil sna sraitheanna eile. Is deas an turas ar bhóithrín na smaointe é, ach, is iad na 1980idí tiubhaithe atá ann. In amanna téann sé thar fóir ag iarraidh gach clár a líonadh go fiacail le tagairtí cumhacha is gan aon ghá leo.  

Le bheith ionraic faoi, bhreathnóinnse ar eagrán dhe fiú mura mbeadh ann ach Running Up That Hill le Kate Bush á chasadh ar lúb ar feadh uair an chloig, ach is iníon de chuid na 1980idí mé. D’fhéadfadh sé a bheith leath chomh fada agus leath chomh casta is atá agus bheadh a chúram déanta aige.  

Bridget Bhreathnach 

DRÁMAÍOCHT


Tá torthaí maithe agus fónta ag teacht as an gcomhiarracht idir Fíbín agus an Taibhdhearc. An léiriú Fiach a bhí go maith (ach ábhairín teoranta ag Covid) agus Cogadh na Saoirse a bhí ar fheabhas ar fad. An léiriú is déanaí ná Faoi Cheilt, léiriú an-spéisiúil cumasach drámaíochta a líon gach poll agus prochóg i bhfoirgneamh na Taibhdheirce féin. Sé phíosa drámaíochta, scríbhneoir(í?) anaithinid(e) agus scéalta tabú. Rómhinic ar fad bíonn drámaíocht na Gaeilge coimeádach, fiú agus é mar sprioc ábhar a bhfuil geis air a chur inár láthair. Sa léiriú seo bhí feitisí agus bod bréige gan trácht ar bhrat an Aontais féin. Bhí stíleanna agus cuir chuige éagsúla ann; gáirsiúlacht, scéalta dáiríre tochtmhara ceolmhara, scéalta buile agus bealach cliste le muid a thabhairt timpeall ó dhráma go chéile. Bhí fadhbanna teicniúla áirithe ann (cad eile lena mbeifeá ag súil agus ceol turgnamhach nuachumtha á sheinm mar chúlra ag babhta leathair sna leithris) ach ar an iomlán bhain mé an-sult go deo as an léiriú. 

Tháinig Leabhar Beag Glas na Drámaíochta Gaeilge forógra ‘Mao Óg’ amach le déanaí agus déanaim amach gur tháinig Faoi Cheilt le go leor de na prionsabail a leagtar amach sa leabhar céanna. Drámaíocht Ghaelach a bhí in Faoi Cheilt ar go leor bealaí agus dhiúltaigh sé cuid mhór de choinbhinsiúin na drámaíochta ardliteartha, rud a lig spraoi, dánaíocht agus éagsúlacht isteach sa scéal. 

Eoin P Ó Murchú 

PODCHRAOLADH

Slow Burn – Roe v Wade 

Tá réimse leathan ábhar clúdaithe ag an tsraith ‘Slow Burn’ de chuid Slate ó cuireadh tús léi cúig bliana ó shin agus sraitheanna déanta faoi Watergate, an cogadh san Iaráic agus agus an t-aighneas idir na rapálaithe Tupac Shakur agus Biggie Smalls. Ach seans gurb é an seachtú séasúr, ar cuireadh tús leis an tseachtain seo, an ceann is tráthúla. 

Sceitheadh scéal ag tús na míosa seo caite go bhfuil sé i gceist ag an gCúirt Uachtarach i Stáit Aontaithe Mheiriceá an cinneadh cinniúnach sa chás Roe v Wade ó 1973 – a d’fhág, go simplí, go bhfuil sé de cheart ag bean ginmhilleadh a fháil – a chur ar neamhní. Bhí lucht léirithe Slow Burn ag obair ar feadh na míonna roimhe sin ar shraith a bhí bunaithe ar an gcás cáiliúil sin agus, go háirithe, ag díriú ar céard a tharla sna blianta roimh an gcás. 

Insítear sa chéad chlár scéal Shirley Wheeler, an chéad bhean sna Stáit Aontaithe a ciontaíodh i ndúnorgain tar éis di ginmhilleadh a bheith aici agus, más aon chomhartha caighdeán na séasúr eile go dtí seo, b’fhiú éisteacht leis an gcuid eile acu. 

Pádraic Ó Ciardha 

Fág freagra ar 'Clár, albam, podchraoladh nó curaí i Ráth Chairn uait? Tá roinnt moltaí ag Tuairisc…'