Clabhsúr cuí curtha ar scéal Bhanríon an Rac

Chuaigh Tina Turner ón mbeagán go dtí an mórán, ón mórán go dtí an beagán agus ar ais arís

Clabhsúr cuí curtha ar scéal Bhanríon an Rac

“Tina Turner remains rock’s original Jagger. A primitive force, who glittering in sequins and a gold chain mini skirt, typically assaults the stage in mid-scream with both legs pumping, hips grinding, long mane whirling and her mouth wrapped around some the sexiest sounds ever set to music.”

B’in an cur síos a deineadh san iris People i 1981 ar theacht i láthair stáitse Tina Turner. Ba san agallamh a dhein sí leis an iris sin a nocht sí don saol mór an mhí-úsáid a d’fhulaing sí nuair a bhí sí pósta le Ike Turner ar feadh sé bliana déag. Bhí an gaol agus mhí-úsáid sin ina néal os a cionn ar feadh a saoil, fiú nuair a bhain sí cáil dhomhanda amach.

Tá Tina Turner, nó Anna Mae Bullock, sa Táin ó thaobh an cheoil is í ag truslóg agus ag steipeadaíl ar stáitse ar feadh breis agus caoga bliain. Tá 12 duais Grammy buaite aici, tá breis agus 100 milliún ceirnín díolta aici, ba í an chéad bhean agus an chéad duine den chine dubh a cuireadh ar chlúdach na hirise mór-ráchairte Rolling Stone agus bhí curiarracht Guinness aici i 1988 do thinreamh ag ceolchoirm. B’in breis agus 180,000 duine i Staid Maracanã in Rio de Janeiro. Tá an-tóir i gcónaí ar amhráin cosúil le What’s Love Go To Do With It, The Best agus Proud Mary.

Bhí Tina Turner thuas seal agus thíos seal i rith a saoil, go pearsanta agus go proifisiúnta. Faoi mar a deir sí féin go truacánta ní dheineann na sealanna thuas na sealanna thíos a chúiteamh. Chuaigh sí ón mbeagán go dtí an mórán, ón mórán go dtí an beagán agus ar ais arís. Déanann an clár faisnéise seo cuntas tuisceanach a thabhairt ar a saol eachtrúil.

Tá trí leabhar, ceoldráma agus scannán fúithi tugtha ar an bport cheana féin agus faoi mar a deir sí féin sa chlár faisnéise seo cuirfidh an clár seo clabhsúr le scéal a beatha. Taibhsítear dúinn go bhfuilimid ag fágáil slán léi agus í ag fágáil slán linn. Cé go bhfuil ionchur ann ó Tina féin, a bhfuil an ceithre scór slánaithe aici, braitheann an saothar seo go mór ar ábhar cartlainne, go háirithe ábhar fuaime ón agallamh úd i 1981. Tá raidhse ábhar cartlainne againn dá taispeántais stáitse agus cuirtear cumhacht agus draíocht a taispeántas ina steillbheatha os ár gcomhair.

Cuirtear abhaile orainn arís agus arís eile gur fhág caidreamh na drochíde le Ike Turner a lorg uirthi go pearsanta, agus go proifisiúnta. Tráchtar freisin ar an tógaint chrua a fuair sí ina hóige agus tá an crá croí le sonrú i gcónaí agus í ag cur síos ar an tslí ar thréig an mháthair agus ansin an t-athair an chlann. Thosnaigh sí féin agus Ike ag obair le chéile agus í sna déaga agus bhain an dís acu cáil amach sna blianta a lean.

Léirítear Ike mar dhuine foréigneach, tíoránach, goilliúnach. Ba é a bhaist Tina uirthi i ngan fhios di agus an leasainm bunaithe ar an gcarachtar ón tsraith Sheena: Queen of the Jungle. D’éirigh léi éalú uaidh sa deireadh agus is pinginí pitseála a fuair sí sa cholscaradh; b’éigean di troid lena hainm a choimeád.

Chaith sé blianta ar an imeall go dtí gur dhein sí a híomhá agus a cuid ceoil a athrú ó bhonn sna hochtóidí. Saothar iardhearcach toirtiúil atá anseo a chuireann clabhsúr báúil le scéal an ealaíontóra, bean atá sa Táin le breis agus seasca bliain.

Fág freagra ar 'Clabhsúr cuí curtha ar scéal Bhanríon an Rac'