Ciste nua léiriúcháin seolta ag craoltóirí Ceilteacha

Tá TG4, S4C agus BBC Alba agus an ILBF ag obair i gcomhar le chéile chun cláracha drámaíochta, beochana agus faisnéise a fhorbairt sna teangacha Ceilteach

Ciste nua léiriúcháin seolta ag craoltóirí Ceilteacha

Tá Ciste Idirnáisiúnta Léiriúcháin bunaithe ag craoltóirí de chuid na dtíortha Ceilteacha chun cláracha drámaíochta, beochana agus faisnéise a fhorbairt sna teangacha Ceilteacha.

Tá an Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach á mhaoiniú ag TG4, An Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) de chuid Northern Ireland Screen, S4C agus BBC ALBA, le tacaíocht ó MG ALBA. Tá sé mar aidhm ag an Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach spreagadh a thabhairt do lucht déanta cláracha Gàidhlig, Breatnaise agus Gaeilge tabhairt faoi shaothair “a léiríodh ó thús sna teangacha Ceilteacha a chur ar fáil do phobal Eorpach agus domhanda”.

Suas le €60,000 d’airgead forbartha a bheidh ar fáil do chlár drámaíochta nó beochana agus suas le €18,000 a bheidh ar fáil chun clár fíorasach a fhorbairt.

Tá súil ann chomh maith go dtabharfaidh an Ciste nua deis do lucht scannánaíochta cláracha a dhéanamh “a chuirfidh go mór le sceideal príomhama na gcraoltóirí”.

Tá beartaithe faoin scéim nua seo go reáchtálfar babhta comhchoimisiúnaithe gach bliain idir na craoltóirí agus lucht maoinithe teilifíse sna teangacha Ceilteacha in Albain, sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn, thuaidh agus theas. Trí chineál clár at bheidh i gceist sa chéad bhabhta coimisiúnaithe – clár fíorasach, dráma agus beochan. Cuirfear maoiniú ar fáil le smaointe a fhorbairt chomh maith le maoiniú don tréimhse réamhléiriúcháin. Tá ceangal curtha leis go gcaithfear tabhairt faoi chuid den phróiseas léiriúcháin in Albain, sa Bhreatain Bheag nó in Éirinn, thuaidh nó theas.

Foireann choimisiúnaithe a bheidh i gceannas ar an Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach ar a mbeidh ionadaithe ó na craoltóirí agus ó lucht maoinithe teilifíse sna teangacha Ceilteacha.

Agus fáilte á cur aige roimh an chiste nua, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go raibh sé “níos tábhachtaí ná riamh” go gcothódh TG4 timpeallacht ina mbeadh “comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin in ann smaointe Éireannacha d’ardchaighdeán a chur i lár an mhargaidh idirnáisiúnta”.

Dúirt sé gur “cuid thábhachtach” de straitéis 5 Bliana TG4 é go gcabhródh an stáisiún “le fás agus le hidirnáisiúnú eacnamaíocht chruthaitheach na hÉireann”.

“Ní fíor gur trí chomhpháirtíochtaí le comhlachtaí Béarla amháin, comhlachtaí as Sasana nó Meiriceá cuir i gcás, is féidir tabhairt faoi chomhléiriúchán  idirnáisiúnta,” ar sé. 

Mhaígh Esslemont go mbeadh “TG4 ina chomhpháirtí tábhachtach sna margaí Eorpacha agus domhanda” agus go gcuirfidh sé ar chumas an stáisiúin “cláracha ar chaighdeán níos airde” a chur ar fáil dá lucht féachana.

Rinne TG4 socrú le JTV, craoltóir as an Chóiré, le déanaí agus tá sraith faisnéise á comhléiriú ag TG4, S4C agus JTV faoi láthair.

Fág freagra ar 'Ciste nua léiriúcháin seolta ag craoltóirí Ceilteacha'