Cinneadh le déanamh inniu faoin dara tréimhse dianghlasála

Dúirt aire rialtais amháin nach raibh aon rogha eile ag an Rialtas ach a thuilleadh srianta náisiúnta a thabhairt isteach

Cinneadh le déanamh inniu faoin dara tréimhse dianghlasála

Déanfaidh an Rialtas cinneadh inniu faoi cad iad na srianta dianghlasála nua a thabharfar isteach chun dul i ngleic leis an bhfás leanúnach ar líon na gcásanna Covid-19.

Mhol an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí don Rialtas Déardaoin seo caite srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach ar fud na tíre ar feadh sé seachtaine.

Meastar go dtabharfaidh an Rialtas srianta Leibhéal 4 ar a laghad isteach.

Dúirt aire rialtais amháin, an tAire Ardoideachais Simon Harris, nach raibh aon rogha eile ag an Rialtas ach a thuilleadh srianta náisiúnta a thabhairt isteach.

Fógraíodh breis is 2,500 cás nua den choróinvíreas le linn an deireadh seachtaine, 1,283 cás inné agus 1,276 cás Dé Sathairn.

11 bás eile de dheasca an ghalair a cuireadh ar an taifead, ochtar Dé Sathairn agus triúr inné. Den ochtar ar fógraíodh a mbás Dé Sathairn, bhásaigh cúigear acu an mhí seo, bhain dhá bhás le mí Mheán Fómhair agus bhain an ceann eile mí an Mheithimh.

Bhí 277 duine atá buailte ag an Covid-19 sna hospidéil aréir agus 33 duine a bhí sna haonaid dianchúraim.

1,012 cás nua a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inné.

228 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 30 duine acusan atá in ICU.

2,467 duine atá básaithe de dheasca an ghalair in Éirinn,

1,852 duine ó dheas den teorainn agus 615 ó thuaidh di.

77,182 cás den ghalar atá deimhnithe go nuige seo, 49,962 cás ó dheas agus 27,220 ó thuaidh.

 

Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh inniu faoin dara tréimhse dianghlasála'