Cinneadh le déanamh an mbeidh cead ag daoine a chaith seal sa phríosún ar choiste stáit don Ghaeilge

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go raibh téarmaí príosúnachta gearrtha ar dhaoine a sheas an fód ar son na Gaeilge agus nár chóir na daoine sin agus an saineolas atá acu a chur as an áireamh don choiste nua

Cinneadh le déanamh an mbeidh cead ag daoine a chaith seal sa phríosún ar choiste stáit don Ghaeilge

Tá glactha ag Aire Stáit na Gaeltachta gur cheart féachaint ar chead a thabhairt do dhaoine a chaith seal sa phríosún a bheith ina gcomhaltaí ar choiste stáit a réiteoidh plean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge.

Leagtar síos sa bhille teanga nua nach mbeadh cead ag aon duine ar gearradh téarma príosúnachta air nó uirthi, nó a dearbhaíodh ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í, a bheith mar chomhalta ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge atá le bunú faoin reachtaíocht nua.

Agus an Bille á phlé sa Dáil Dé hAoine, mhol an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur cheart fáil réidh leis na coinníollacha sin.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh téarmaí príosúnachta gearrtha ar dhaoine a sheas an fód ar son na Gaeilge agus nár chóir na daoine seo agus an saineolas atá acu a chur as an áireamh.

“Tá daoine ann a d’fhéadfadh a lán comhairle a thabhairt don Choiste Comhairleach seo a bhfuil téarmaí príosún gearrtha orthu agus níor chóir go mbeadh siad dícháilithe,” arsa Ó Snodaigh.

“Tá aithne agamsa ar dhaoine atá i mbarr a réime, más maith leat, in eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta gur gearradh téarmaí príosúnachta orthu, roinnt acu ar bhonn polaitiúil, roinnt eile toisc gur ghlac siad seasamh i gcoinne ceadúnas teilifíse nó a leithéid thar na blianta.”

Dúirt Ó Snodaigh nach raibh sé ag iarraidh go ndéanfaí “neamhaird” ar aon téarma príosúnachta a bhí gearrtha ar dhuine ach go raibh daoine ann a bheadh sásta tacú leis an gcoiste agus go mbeadh sé ar leas an choiste a gcomhairle a fháil.

D’aontaigh beirt de Theachtaí Dála an Rialtais, Éamon Ó Cuív agus Aindrias Ó Muineacháin ó Fhianna Fáil, le moladh Uí Snodaigh.

“Mar dhuine a dhéanann go leor oibre le príosúnaigh, thiocfainn leis go hiomlán,” arsa Ó Cuív. “An lá go siúlann tú amach as an bpríosún, tá do phionós curtha isteach agat agus ba cheart go nglacfaí leis sin.”

Mheas Ó Muineacháin go bhféadfadh comhairle “fhiúntach” a bheith ag cuid de na daoine seo agus gurb é an rud is tábhachtaí go roghnófaí an coiste is fearr.

Ghlac an tAire Stáit Jack Chambers le moltaí na dTeachtaí agus dúirt sé go mbreathnódh sé ar an gceist roimh an gcéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga trí Thithe an Oireachtais, Céim na Tuarascála.

“Tá mé sásta an scéal a fhiosrú leis an dréachtóir agus é a phlé arís ag Céim na Tuarascála,” a dúirt an tAire Stáit Chambers.

Faoin mbille nua, an Coiste Comhairleach a ullmhóidh an Plean Náisiúnta Earcaíochta, plean do sprioc an Rialtais go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.

Tar éis 25 uair an chloig a chaitheamh ó mhí Eanáir ag plé 308 leasú ar an mBille Teanga, chuir Teachtaí Dála deireadh Dé hAoine seo caite le díospóireacht Chéim an Choiste den reachtaíocht nua.

Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh an mbeidh cead ag daoine a chaith seal sa phríosún ar choiste stáit don Ghaeilge'