Cinneadh glactha ag Páirtí an Lucht Oibre fanacht glan ar bhunú rialtais

D’aontaigh na baill de pháirtí parlaiminte an Lucht Oibre inniu nach nglacfaidís páirt sa chéad rialtas eile agus nach mbeadh aon bhaint acu le bunú an chéad rialtais eile

15/11/2011 Junior Minister Willie Penrose resigns. Labour Party Junior Minister Willie Penrose has offered his resignation from the Cabinet following the Government's decision to close the Columb Army Barracks in Mullingar. The Longford/Westmeath TD had been discussing the issue with his party colleagues and is very much against the Government's move to shut the barracks. The move by Cabinet today is part of cost-cutting measures. Photo Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Ní bheidh aon bhaint ag Páirtí an Lucht Oibre le bunú an chéad rialtais eile, a dúradh i ráiteas ón bpáirtí sin tráthnóna.

D’aontaigh baill pháirtí parlaiminte an Lucht Oibre inniu nach nglacfadh an páirtí páirt sa chéad rialtas eile agus nach mbeadh aon bhaint acu le bunú an chéad rialtais eile.

Maidir le cén duine a thabharfaí vóta dó do phost an Taoisigh, dúirt Cathaoirleach an pháirtí Willie Penrose tráthnóna go n-éistfí lena mbeadh le rá ag na hiarrthóirí éagsúla.

“Fad is a bhaineann sé le vótáil do Thaoiseach, beimid ag éisteacht leo agus a mbeidh le rá acu i dtaobh ‘an phacáiste’ a chuirfidh siad faoi bhráid na Dála, i dtaobh sheasmhacht na socruithe a bheidh á moladh acu agus i dtaobh na gclár rialtais a bheidh acu.

“Is ar an mbonn sin a dhéanfar cinneadh faoi cé acu ar cheart dúinn vótáil ar son nó i gcoinne aon iarrthóra nó staonadh ón vótáil,” a dúirt Willie Penrose, Cathaoirleach Pháirtí an Lucht Oibre.

Fág freagra ar 'Cinneadh glactha ag Páirtí an Lucht Oibre fanacht glan ar bhunú rialtais'