Cibearchantalóirí na Gaeilge

FRIOTAL: Mór an trua nach féidir cúrsaí Gaeilge a phlé go sibhialta ar líne, a mhaíonn ár gcolúnaí.

Screen Shot 2014-11-12 at 18.42.40

Anois agus Tuairisc.ie cúpla mí ar an saol, is dócha go bhfuil léitheoirí ag dul i dtaithí ar nuachtán ar líne a léamh.

Seanleaid mise a bhfuil cos amháin aige sa Chló-Aois, ach tuigim an loighic a bhaineann le seirbhís ar líne chun freastal ar phobal scáinte scaipthe na Gaeilge.

Foghlaimeoirí atá i sciar maith den phobal sin, agus shílfeá go mbeadh rath ar fhóraim ar líne a thabharfadh deis dóibh ceisteanna agus comhairle a chur ar a chéile.

A mhalairt atá fíor.

Féach mar a d’éirigh d’fhóram ríomhphoist www.acmhainn.ie, a raibh baint agam féin lena bhunú.

Bhí na céadta duine cláraithe leis an fhóram céanna ach b’éigean é a dhruidim de dheasca dream beag daoine, na Cibearchantalóirí, nach dtig leo fanacht i mbun na measarthachta ina gcuid comhfhreagrais.

Ag an Chibearchantalóir amháin atá ceart na teanga ach níl lá rúin aige cuidiú le daoine.

Bun agus barr a chuid postálacha ná a chéile comhraic a dhíspeagadh. Ligfidh sé air féin nach dtuigeann sé a bhfuil scríofa ag an duine eile.

‘Bréagnóidh’ sé tuairimí na bhfóramóirí le sampla a d’aimsigh sé i gcnuasach scéalta béaloidis a foilsíodh sular bunaíodh an Stát. Luafaidh sé eisceacht éigin a bhí i bhfolach i bhfonóta i ngraiméar atá as cló le cuimhne na gcat, baineadh sí le hábhar nó ná baineadh.

Is maith leis an Chibearchantalóir a thabhairt le fios gurb eisean Lámh Chosanta na Gaeltachta agus na Glan-Ghaeilge, fiú murar leag sé cos sa Ghaeltacht riamh.

B’uafás saolta leis ‘fóram’ seachas leagan ‘dúchasach’ mar ‘caibidilchúinne.’

Chuirfeadh sé tréas canúna i leith mo leithéidse, Ultach a scríobhfadh ‘táimid’ – agus cén mhaith dom a phléadáil go mbíonn na leaganacha sin úsáideach don té a chaithfidh cloí le líon focal?

Cén dochar ach go mbíonn tionchar mór ag an Chibearchantalóir ar fhoghlaimeoirí atá ina gcónaí thar lear agus atá dall ar chúrsaí sochtheangeolaíocha na tíre seo.

Tá Cath an Dá Chló agus Cogadh na gCanúintí fós á bhfearadh ar fhóraim i Meiriceá Thuaidh.

Daoine ar deacair dóibh abairt a chur in alt a chéile, bíonn siad imníoch faoin ‘truailliú canúna’ a bhaineann le háiseanna foghlama a rachadh chun sochair go mór dóibh.

Agus an té a cheisteodh comhairle na saoithe, féadann sé a bheith ag súil le bleaist tarcaisne sa seanlitriú.

Bhur mbarúil cén leigheas atá ar an scéal?

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Cibearchantalóirí na Gaeilge'

  • Mise Áine

    @ Bhur mbarúil cén leigheas atá ar an scéal?

    Coinnigh le d’iarracht féin, a chara, agus ná bac leis na cantalóirí…tá siad chuile áit, faraor, agus is fearr iad a sheachaint, más féidir é, ar chor ar bith. Ní lia duine ná tuairim, agus tá go leor tuairimí ann, maidir leis an nGaeilge, feictear dom. Na foghlaimeoirí bochta…

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    An ghaeilge a úsaid mar a úsaidimíd an Bearla, ní bhionn éinne ag cantalóireacht faoi chaighdeán an bhearla.

  • Dennis King

    Bhí acmhainn.ie ar fheabhas nuair a thosaigh sé. Is fada ó bhí mé páirteach ann, áfach. D’éirigh mé as Foram Dhaltaí na Gaeilge i bhfad ó shin, tar éis dom éirí bréan den chogaíocht gan bhrí ann, na rudaí a luaigh tú thuas. Is ar Twitter atá anois.

  • Paul Humphreys

    ná bac leis na póillíní theanga, beidh siad ann go deo, caithfimid cuir suas leo ceapaim. Rud aisteach áfach, ag plé le teangacha eile, ní bhfuaireas riamh ach cineáltas agus cabhair ó chainteoirí dhúchais nó ar fhóram ar bith. Galar an Ghaeilgeora (ró) dhíograisigh b’fhéidir.

  • Colmán

    Tá mise ag léamh nuachtán Gaeilge ar líne le fada – Nuacht24 – atá ar an fhód le breis agus 5 bliana agus meoneile.ie atá ar an fhód le dhá bhliain.