Ciarraí agus Gaillimh ag súil le dea-scéal ó Bhóthar na Trá

Is gá do Chiarraí an ceann is fearr a fháil ar Chill Dara i gCill Airne chun áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais ach níorbh fhiú tada an bua dóibh mura bhfaigheann Gaillimh an ceann is fearr ar Mhuineachán chomh maith

Ciarraí agus Gaillimh ag súil le dea-scéal ó Bhóthar na Trá

Johnny Heaney agus Conor McManus ag imirt sa chluiche sraithe idir Gaillimh agus Muineachán i rith an earraigh. Pictúr: INPHO/Laszlo Geczo

Gaillimh v Muineachán – Staid an Phiarsaigh, 6.00i.n.

Tá áit bainte amach ag foireann na Gaillimhe i mbabhta leathcheannais na hÉireann cheana féin ach má tá buachaillí Kevin Walsh ag iarraidh Áth Cliath a sheachaint sa chéad bhabhta eile, caithfidh siad ar a laghad comhscór a fháil i mBóthar na Trá tráthnóna.

Más leo é sin a dhéanamh, caithfidh siad súil ghéar a choinneáil ar bheirt ar dhá cheann na páirce, Rory Beggan agus Conor McManus. As an 1-17 a fuair  Muineachán i gcoinne Chiarraí, d’aimsigh an bheirt sin 1-13.

Scóráil McManus sa chéad chúpla nóiméad sa chluiche sin i gCluain Eois ach is cinnte nach dtabharfar an spás céanna dó i Staid an Phiarsaigh. Beidh Seán Andy Ó Ceallaigh nó Declan Kyle á leanúint agus scata cosantóirí eile os a chomhair freisin.

Beidh sé níos deacra ag Kevin Walsh plean a cheapadh do Rory Beggan. Thug an cúl báire taispeántas den scoth in aghaidh Chiarraí agus tá sé chomh compordach céanna ag bualadh cic amach gearr agus atá sé ag seoladh na liathróide chuig imreoir 70 nó 80 slat amach. Tá fir mhóra ag Gaillimh i lár na páirce, Tomás Flynn, Peter Cooke agus Fiontán Ó Curraoin, atá tagtha ar ais ó dhrochghortú, agus beidh Beggan ag iarraidh an liathróid a choinneáil uathu.

Mura mbíonn McManus agus Beggan chomh lárnach céanna san imirt tráthnóna agus a bhí siad in aghaidh Chiarraí, beidh tús maith déanta ag Gaillimh mar tá imreoirí acu féin a thabharfaidh a ndóthain le déanamh do Mhuineachán.

Bhí cluiche maith ag Damien Comer i gcoinne Mhuineacháin sa tsraith san earrach agus tá ardmholadh á fháil aige féin agus ag Shane Walsh i mbliana as feabhas a dtaispeántas. Tá aitheantas anois á fháil ag Ian Burke as an obair uilig a dhéanann sé chun deiseanna ar scóranna a chruthú do dhaoine eile agus, faoin tráth seo, tá sé díreach chomh tábhachtach céanna do Ghaillimh agus atá Comer agus Walsh.

Seans go mbeidh lá crua i ndán d’fhear Chora Finne tráthnóna áfach. Ní hé Burke an t-imreoir is mó ar domhan agus seans go airsean a bheidh Muineachán ag díriú agus iad ag iarraidh an ghaoth a bhaint as seolta thosaithe na Gaillimhe.

Braitheann toradh an chluiche seo ar mheon na nGaillimheach. Má bhíonn siad ar a gcroí dícheall ag iarraidh an cluiche a bhuachan agus Áth Cliath a sheachaint, tá an cumas iontu é sin a dhéanamh, ach má scaoileann siad tada bog le Muineachán, atá ag iarraidh na babhtaí leathcheannais a bhaint amach den chéad uair ó 1985, is in aghaidh Átha Cliath a bheidh na Gaillimhigh i bPáirc an Chrócaigh seachtain ón lá inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Ciarraí v Cill Dara – Staid an Ghearaltaigh, 6.00i.n.

Beidh leathshúil nó leathchluas ag lucht tacaíochta Chiarraí i gCill Airne ar an gcluiche i Staid an Phiarsaigh mar mura mbuafaidh Gaillimh, beidh rás na Ríochta rite, pé toradh a bheidh ina gcluiche féin in aghaidh Chill Dara.

Níl barr a gcumais bainte amach ag foireann Chiarraí i gcomórtas an tSár-Ochtair go dtí seo ná baol air agus beidh an slua i Staid an Ghearaltaigh tráthnóna ag súil ar a laghad le taispeántas níos fearr uathu ná mar a thug siad i gcoinne na Gaillimhe agus i gcoinne Mhuineacháin.

Ba é David Clifford slánaitheoir Chiarraí i gCluain Eois agus údar misnigh dóibh gurb iad Clifford agus roinnt de na himreoirí óga eile acu is mó a léirigh ceannaireacht go dtí seo dóibh i gcomórtas an tSár-Ochtair. Beifear ag súil le i bhfad níos mó ón dream is mó a bhfuil taithí acu, leithéidí Paul Geaney, James O’Donoghue, David Moran agus Peter Crowley.

Is buntáiste dóibh é go bhfuil Cill Dara curtha as an áireamh cheana féin. Dúirt bainisteoir na foirne, Cian O’Neill, i ndiaidh dóibh cailleadh in aghaidh na Gaillimhe go mbeadh lánfhonn orthu an cluiche seo i gCill Airne a bhuachan. Ní fhéadfadh áfach go mbeidh an díocas céanna orthu is a bheidh ar na Ciarraígh, go háirithe má éiríonn le foireann óg na Ríochta tús maith a chur leis an gcluiche.

Mar bharr ar an donas do Chill Dara, tá an tosach is fearr atá acu, Daniel Flynn, ar fionraí ó cuireadh den pháirc é i gcoinne na Gaillimhe.

Ba cheart go dtiocfadh Ciarraí slán sa chluiche seo agus dóthain acu chun an difríocht scórála idir iad féin agus Muineachán (-5) a chur ina cheart, ach i mBóthar na Trá a shocrófar a gcinniúint.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Gaillimh ag súil le dea-scéal ó Bhóthar na Trá'

  • Daithí Mac Fhlaithimh

    Mór an trua é a ráit ach easpacht agus poill mhóra sa taighde atá déanta ar Mhuineachán san alt seo. Beirt imreoirí amháin atá luaite le fir Oiriall. Is mór an t-iomrá fá Mansy a bheith mar an t-aon tosaí cheart atá ag Muineachán agus neamart déanta de na scórálaithe eile a sháraigh a mhéid féin le linn na himeartha go dtí seo (ní áirím ciceanna saora, dála an scéil), macasamhail McCarthy, Carey agus Ryan McAnespie. Ní mór tagairt d’ionchur na leathchúlaithe fosta sna cluichí céanna, Karl O’Connell go speisialta. Tá ar leibhéal Lee Keegan anois, má fhéadaim sin a rá. Is iontach an bhliain a bhí ag Rory Beggan go dtí seo ach b’fhearr le muintir Mhuineacháin nach ligfear i ndearmad an scaifte imreoirí ar fad atá i ndiaidh dúshlán mór in aois seo an airgid and na mboc mór a shárú. Ní ábhair sásaimh domh seo ach oiread ach barraíocht géilleadh do chontaetha Gaeltachta sna píosaí spóirt seo in áit clúdach cuimsitheach uile-oileánda. Oiread agus imreoir amháin ó Chill Dara luaite diomaite d’fhear a bhí ar fionraí.

    Mar a deirtear sa bhaile, Cmon lads. Ye can do better.

    Fear Fhearnmhaighe.