Tabharfaidh Dún na nGall aghaidh ar Ghaillimh agus imreoidh Ciarraí i gcoinne Ard Mhacha i mbabhtaí leathcheannais peile na hÉireann faoi cheann coicíse tar éis do na Conallaigh agus fir na Ríochta a gcluichí ceathrú ceannais i bPáirc an Chrócaigh a bhuachan tráthnóna inné.
Ní raibh ceachtar de na cluichí tráthnóna inné ar chomhchaighdeán leis an gceann idir Gaillimh agus Áth Cliath an oíche roimhe ach ní chuirfidh sé sin isteach mórán ar lucht tacaíochta na mbuaiteoirí agus a bpríomhsprioc bainte amach ag a gcuid bhfoirne.
Bua cúig phointe a bhí ag Ciarraí ar Dhoire faoi dheireadh, 0-15 in aghaidh 0-10, ach rinne foireann Jack O’Connor obair chrua de. Measadh go mbeadh sé thar a bheith deacair ag Doire an fód a sheasamh i ndiaidh iarracht na n-imreoirí i gcoinne Mhaigh Eo an tseachtain seo caite agus cé nach raibh aon fhuinneamh fágtha iontu ag an deireadh, thóg sé go dtí an cheathrú uaire dheireanach ar Chiarraí iad a chur de dhroim seoil.
Bhí na foirne cothrom, ocht bpointe an taobh, théis 55 nóiméad ach nuair a d’aimsigh Seán O’Shea agus Killian Spillane pointí chun Ciarraí a chur dhá phointe chun tosaigh, bhí sé an-deacair a fheiceáil cén chaoi a dtiocfadh Doire ar ais.
Fuair Ciarraí spreagadh ón mbinse le scóranna ó Spillane agus Dylan Geaney agus rinne ionadaí eile, Cillian Burke, go leor oibre tar éis dó teacht chun páirce.
Ní raibh an tionchar céanna ag ionadaithe Dhoire a bhí ag brath rómhór ar Shane McGuigan chun scóranna a fháil dóibh. Níor aimsigh na hUltaigh ach ceithre phointe sa dara leath agus an ghaoth imithe as a gcuid seolta.
Rinne Doire go leor ceart sa chéad leath agus srian curtha acu ar thosaithe Chiarraí den chuid is mó. Thosaigh David Clifford go maith agus fuair sé pointe cúpla sa chéad seacht nóiméad ach is beag tionchar a bhí aige ar chúrsaí ina dhiaidh sin agus Chrissy McKaigue ag coinneáil súil ghéar agus greim docht air. Bhí Conor Glass agus imreoirí eile Dhoire ag titim siar freisin chun an spás os comhair thosaithe Chiarraí a líonadh.
Ar an taobh eile den pháirc, bhí Shane McGuigan ag tabhairt an-chuid deacrachtaí do Jason Foley agus fuair sé cúpla scór álainn sa chéad cheathrú uaire. Rinne sé sárbhlocáil os comhair a chúil féin chun iarracht ó Gavin White a choinneáil amach sa 13ú nóiméad agus nuair a shlánaigh sé cic saor nóiméad ina dhiaidh sin, bhí Doire pointe chun tosaigh aige, 0-4 in aghaidh 0-3.
Agus tosaithe Chiarraí coinnithe faoi chois, fágadh faoi chosantóirí na Ríochta é dul chun cinn a dhéanamh agus ba é fear na Gaeltachta Brian Ó Beaglaoich, a bhí ar fheabhas ar fad sa chluiche, a thug Ciarraí ar ais ar comhscór nuair a scóráil sé pointe théis 16 nóiméad.
Is go mall agus go cúramach a bhí Ciarraí ag imirt den chuid is mó agus gan ach cúpla scór eile aimsithe acu as sin go leath ama, ceann an duine ag Paul Geaney agus Joe O’Connor, ach bhí freagra ag Doire orthu chaon uair chun na foirne a fhágáil cothrom ag leath ama. Ar an drochuair d’fhir Dhoire, níor tháinig na freagraí chomh tapa céanna chucu sa dara leath agus rinne Ciarraí an beart ar deireadh.
Sa chéad chluiche inné, spreag taispeántas dochreidte ag Peadar Mogan Dún na nGall chun an ceann is fearr a fháil ar Lú, 1-23 in aghaidh 0-18. Cúig phointe a d’aimsigh an cosantóir óg a ghearr trí chosaint an Lú arís agus arís eile.
Ní raibh taispeántas na gConallach gan locht ach bhí cuma láidir orthu agus iad ar an ionsaí agus teipthe go rómhinic ar Lú stop a chur leo nó iad a iompú siar i dtreo a gcúil féin.
Cé gurbh é Mogan laoch na himeartha, ní raibh Ryan McHugh chomh fada sin taobh thiar dó. D’aimsigh fear Chill Chartha an chéad scór den chluiche agus gan ach 30 soicind imeartha, chuir sé ceann eile leis sa dara leath agus ba é a thug an pas deireanach do chúig cinn eile de na scóranna a fuair Dún na nGall.
Bhí cuma na maitheasa ar fhoireann Jim McGuinness luath sa chluiche nuair a d’fhág scóranna ó McHugh, Patrick McBrearty, Conor O’Donnell, Oisín Gallen agus Peadar Mogan iad ceithre phointe chun tosaigh théis 13 nóiméad.
Bhí imirt Lú scaoilte go maith roimhe sin ach tháinig athrú ar chúrsaí nuair a bhí briseadh san imirt tar éis do Sam Mulroy agus Conall McKeever bualadh faoina chéile i lár na páirce. Ghlac Lú an deis socrú síos agus bhí cuma i bhfad níos fearr orthu ina dhiaidh sin. D’aimsíodar ceithre cinn de na chéad sé scór eile chun an bhearna a laghdú go dtí aon phointe amháin agus bhí leithéidí Mulroy, Conor Early, Craig Lennon agus Tommy Durnin, go háirithe ag déanamh go maith.
Bhí deiseanna ag Lú a bheith cothrom ar a laghad ag leatham ach chlis ar na trí ionsaí deireanach a rinneadar sa chéad leath agus d’fhág scóranna ag Peadar Mogan agus Oisín Gallen go ndeachaigh Dún na nGall i dtreo na seomraí feistis agus iad 0-11 in aghaidh 0-8 chun cinn.
Thóg Dún na nGall ceannas ar an gcluiche sa chéad cheathrú uaire den dara leath nuair a d’éirigh leo bearna seacht bpointe a chur idir na foirne, 0-18 in aghaidh 0-11, gan an oiread sin stró a chur orthu féin.
Bhí tréimhse ghairid ann nuair a d’fhéach sé go dtabharfadh Lú faoi theacht aniair agus trí phointe as a chéile aimsithe acu ach tháinig deireadh leis sin nuair a bhí Eoghan Bán Gallagher san áit cheart chun an liathróid a chur san eangach tar éis do Patrick McBrearty an posta a bhualadh sa 59ú nóiméad.
D’fhág sin seacht bpointe idir na foirne arís, 1-18 in aghaidh 0-15. Ardaíodh na bratacha bána arís nuair a fuair Ryan McHugh, Mogan (péire), agus Ciarán Thompson scóranna. D’éirigh le Lú cúpla scór dá gcuid féin a fháil ach ba é Jamie Brennan a d’aimsigh an scór deireanach chun bua ocht bpointe a thabhairt do na Conallaigh, 1-23 in aghaidh 0-18.
Fág freagra ar 'Ciarraí agus Dún na nGall tríd go dtí cluichí leathcheannais na hÉireann'