Ciao Bamboccioni…Mama is Papa sa tóir ar spás agus suaimhneas san Iodáil

Tá sé de cháil ar an dteaghlach Iodálach a bheith leanúnach ar a chéile ach nuair a thagtar i dtír ar pheataíocht Mhama is Papa, is léir go bhfuil teacht ag tuismitheoirí ar ‘an bhfocal sa chúirt’ nuair is gá

Ciao Bamboccioni…Mama is Papa sa tóir ar spás agus suaimhneas san Iodáil

Nach iontach na scéalta a thagann chugainn ón Iodáil leis uaireanta, i gcorplár an gheimhridh.

Cúis gháire ó Dhia chugainn ina theannta san, agus é ag teastáil go dóite na laethanta seo.

An bhféadfadh a leithéid a bheith i gceist in Éirinn, n’fheadar?

Máthair sna seachtóidí láir, ag dul i muinín cúirte chun a beirt mhac cnagaosta go maith a dhíshealbhú as an nead inar thóg sí iad.

Go hard sna daichidí atá an dá phlíoma breá seo.

Ag maireachtaint i gcathair Pavia i dtuaisceart na hIodáile atá siad. Le Mama.

Gan aon chuimhneamh acu beirt ar bhogadh amach as an dtigh, gan trácht ar cíos a íoc léi, ná cabhrú léi ar fuaid an tí, ainneoin an bheirt acu a bheith fostaithe go lánaimseartha.

Bamboccioni a thugtar ar a leithéid le seanbhlas san Iodáil. Leisceoirí leanbaí.

Patallóigíní a thabharfadh Éireannach orthu.

Patallóigíní cnagaosta anuas air sin.

San nuachtán La Provincia Pavese a bhí an cuntas seo.

D’aontaigh an breitheamh Simona Caterbi go raibh sé in am ag an dá liairne díomhaoin, dealramh a chur orthu féin, bogadh amach agus seasamh ar a gcosa féin.

Tá go dtí lár mhí na Nollag acu déanamh mar a ordaíodh dóibh.

Ní fios cén sórt Nollaig a bheidh ag an ‘dteaghlach’ seo, ach beidh suaimhneas agus spás ag Mama ina tigín féin ach go háirithe.

Cúpla bliain ó shin thóg Iodálach fir, cúig mbliana déag ar fhichead, cás i gcoinne a thuismitheoirí ar an mbonn ná féadfadh sé é fhéin a chothú ná a choimeád beo ar fiche míle euro sa mbliain. Ceoltóir páirt-aimseartha ab ea é, an créatúr.

Rialaigh an chúirt, ní nach ionadh, nach raibh aon dualgas ar thuismitheoirí cabhair ná cúnamh a thabhairt dá leithéid ag an aos ina raibh sé.

Beidh sé tamall eile ag seimint cheoil do phócaí folmha, an créatúirín.…

De réir fíricí a tháinig amach anuraidh san Iodáil tá suas le 70% de dhaoine idir 18 agus 34 ina gcónaí sa bhaile le Mama agus Papa. Fearaibh 72% fén gcéad díobhsan, mná 66%.

36.5% díobh atá ina mic léinn, 38% atá ‘amuigh’ ag obair agus 23.7% ‘ag lorg oibre’.

Níl figiúirí na hÉireann mórán níos fearr ná an Iodáil ainneoin ár saibhris.

68% d’Éireannaigh idir 25 agus 29 ag maireachtaint ag baile lena dtuismitheoirí.

Tá a fhios againn go léir cuid mhaith de na fáthanna atá leis seo, géarchéim tithíochta, agus nuair atá tigh nó árasán ar fáil, costas fíor-ard ar cheann a cheannach nó ceann a thógaint ar cíos.

Nuair a fhéachaimid ar ár gcomharsana Eorpacha eile, níl ach 4% de dhaoine fásta sa Danmhairg fós sa bhaile lena dtuismitheoirí, 5.7% sa bhFionlainn agus 6% sa tSualainn.

42% an meánfhigiúr san Eoraip go ginearálta.

Tá sé de cháil ar an dteaghlach Iodálach iad a bheith leanúnach ar a chéile. Gan é a bheith ina cliché ar fad, is breá leo comhluadar a chéile, is breá leo béiltí is cóisirí is teacht le chéile spleodracha.

Ach nuair a thagann liairní agus báirseacha i dtír ar pheataíocht Mhama is Papa…is léir go bhfuil teacht ag tuismitheoirí ar ‘an bhfocal sa chúirt’ nuair is gá.

Fág freagra ar 'Ciao Bamboccioni…Mama is Papa sa tóir ar spás agus suaimhneas san Iodáil'