Cheap mé nach ngabhfainn i dtaithí ar an bhliain nua 1962 go deo…

Anois agus 2021 ag sileadh síos sa draein, cloisimid glórtha ón stair, cloisimid macalla na n-eachtraí a chuir sceon agus gliondar orainn…

Cheap mé nach ngabhfainn i dtaithí ar an bhliain nua 1962 go deo…

Cén t-achar a thógann sé dul i dtaithí ar dháta na bliana nua? An bhfuil tú fós ag scríobh 2020 ar do chuid seiceanna?

Mo leithscéal, ní ann do na leabhair seiceanna níos mó, nó más ann dóibh, is beag duine a bhaineann úsáid astu.

Thóg sé tamall maith de bhlianta orm dul i dtaithí ar na ‘fichidí’. Is é sin ‘fiche’ a úsáid in ionad ‘dhá mhíle’. Déarfadh duine ‘dhá mhíle is a haon,’ ach anois deir siad ‘fiche fiche a dó.’ Nuair a deir daoine ‘ag tús an chéid,’ amanta is é tús an chéid seo caite a bhíonn i gceist acu agus ní hionann ina n-intinn siúd an bhliain 2000 agus ‘tús an chéid’.

Ach feictear dom gur chóir dúinn a aithint anois go bhfuil an cúigiú cuid den chéad seo bailithe tharainn anois. Agus go bhfuil daoine fásta ann, nár mhair sna 19idí ar chor ar bith. Daoine ag a bhfuil imeachtaí na 1990idí chomh sean agus a bhí imeachtaí an Dara Cogadh Domhanda nuair a bhí mise óg.

Agus mé ag féachaint chun cinn ar 2022 (féach chomh héasca agus a bhí sé, é sin a chlóscríobh) bhí cuimhní soiléire agam láithreach, ar an athrú ó 1961 go dtí 1962, seasca bliain ó shin. Bhí mé i rang a dó sa mbunscoil agus ag iarraidh dul i dtaithí ar an dáta nua le peann agus dúch.

Is cuimhin liom gur dhúirt mé le mo chara, atá fós ina cara agam, nach ngabhfainn i dtaithí ar an bhliain nua seo, 1962 go deo.

Bhí sé i bhfad ó shin ceart go leor. Seanstair a deir tú. Réamhstair, b’fhéidir.

Ach tá rudaí a tharla i 1962 atá fós ag dul i bhfeidhm orainn. Anois agus 2021 ag sileadh síos sa draein, cloisimid glórtha ón stair, cloisimid macalla na n-eachtraí a chuir sceon agus gliondar orainn araon, an bhliain sin.

Bhí an tUachtarán Joe Biden agus an tUachtarán Vladimir Putin ag suí ‘trasna an bhoird’ óna chéile (go fíorúil) an lá cheana agus gach cosúlacht ar an scéal go rabhadar ag tabhairt dúshlán a chéile.

Agus fórsaí armtha na Rúise ag cruinniú ar theorainn na hÚcráine, bhí caint ann faoi ‘chogadh’ agus an bhagairt a d’fhéadfadh Joe Biden a dhéanamh a chuirfeadh smacht ar Uachtarán na Rúise.

Ní raibh aon chosúlacht ar Vladimir go raibh pioc faitís air roimh Joe s’againne.

Agus iad ag iarraidh ‘múineadh’ a chur ar na Sínigh faoina n-iompar i gcúrsaí cearta daonna, ní déarfadh éinne gur chuir siad faitíos an domhain ar na Sínigh ach an oiread, leis an gcinneadh ionadaithe rialtais a choinneáil amach as na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh i mBéising.

Ach thiar i 1962, bhí faitíos an domhain ann – ar an domhan uilig. Thug an tAontas Sóivéadach, mar bhí sa Rúis ag an am, dúshlán na Meiriceánach nuair a chuir siad diúracáin núicléacha in áit, ar Oileán Cúba.

14 lá a mhair ‘Éigeandáil Chúba’ nuair a chuaigh an domhan chomh gar agus a chuaigh riamh don ollchogadh núicléach.

Sa deireadh ‘ghéill’ na Sóivéadaigh faoi cheannas Khrushchev, agus bhaineadar anuas na diúracáin. Ghéill na Meiriceánaigh freisin ar an taobh eile nuair a tharraing siad siar a mbunáit arm as an Tuirc. Ach níor foilsíodh an t-eolas sin ag an am agus bhí an chosúlacht iomlán ar an scéal gurb é Khrushchev amháin a ghéill.

An tUachtarán John F Kennedy, fear eile a raibh dlúthcheangal aige leis an tír seo, a bhí i gcumhacht ag an am. Agus bhain sé cáil chomh mór amach as an dúshlán sin in aghaidh na Sóivéadach gur maitheadh dó an phraiseach a bhí déanta aige roimhe sin leis an ionradh ar ‘Chuan na Muc’ ar Oileán Chúba.

Ní mór dúinn cuimhneamh gur de bharr imeachtaí fánacha go minic a spreagtar cogadh. Cuimhnigh ar mharú an Ard-Diúc Ferdinand a chuir an lasair sa bharrach roimh an gCéad Chogadh Domhanda. Cá bhfios nach dtarlódh rud fánach san Úcráin a chuirfeadh Joe Biden ar mire amach is amach?

De réir a chéile atá Vladimir ag fáil amach cén mianach atá i Joe. An mbeadh muineál John F Kennedy ag Joe dá ndéanfadh na Rúisigh ionradh ar an Úcráin? Bhíodh pian dhamanta ar Kennedy go minic de bharr na tinnis éagsúla a bhain dó, ach ní raibh an chosúlacht air go mbíodh sé ag titim ina chodladh ó am go chéile, mar a bhíonn Joe.

Tá Kennedy agus Khrushchev ar shlí na fírinne le fada an lá. Ach bhí rudaí eile ag titim amach an bhliain sin, 1962, a bhfuil a dtionchar fós le brath ar an saol comhaimseartha.

Scríobh Rachel Carson an leabhar Silent Spring – leabhar a bhí fadbhreathnaitheach agus spreagúil ó thaobh na timpeallachta de, ar fud an domhain. Cé a cheap an bhliain sin go mbeadh páirtí polaitíochta dírithe ar an timpeallacht – na Glasaigh – san iliomad tír agus i gcomhrialtas in Éirinn in 2022?

Scaoil amhránaí darbh ainm Bob Dylan ceirnín dar teideal ‘Blowin’ in the Wind’ amach i Nua-Eabhrac i 1962. Duine de na hamhránaithe is mó cáil ar domhan fós é Dylan, fear nach gá a chéad ainm a lua.

Scaoil grúpa darb ainm The Beatles ceirnín amach leis an teideal ‘Love Me Do’ agus níl deireadh ráite fós fúthu agus an tsraith teilifíse Get Back i measc mhórscéalta an chultúir in 2021.

Ach tá rud amháin nach dtarlóidh arís agus seans go mbeadh Rachel Carson in ann a mhíniú cén fáth. Ón 22 Nollaig 1962 go dtí amach sa Mhárta 1963, bhí an tír seo agus Sasana reoite, faoi bhrat sneachta. Ar a laghad, deirtí faoi nach raibh oiread agus oíche amháin ann, saor ón sioc.

Cuimhníonn daoine fós ar an ngeimhreadh crua, fuar, sin. Tosaíonn muid ag clamhsán anois má bhíonn lá amháin fuar, nó briseadh ar bith sa chóras leictreachais.

Agus dála an scéil, toisc nach féidir linn ár soláthar féin leictreachais a chur ar fáil, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, is trí phíopaí trasteorann agus trí chomhaontuithe casta idirnáisiúnta a thagann cumhacht chugainn ó fhoinsí thar lear nach gcuimhníonn muid orthu go minic.

Ná cuireadh aon duine agaibh olc ar Vlad sa mbliain 1962, gabh mo leithscéal, 2022.

Fág freagra ar 'Cheap mé nach ngabhfainn i dtaithí ar an bhliain nua 1962 go deo…'