Ceolchoirmeacha beartaithe ag TG4 le hairgead a bhailiú do dhaoine atá ag fulaingt de bharr foréigean baile

Craolfar Meitheal na mBan ar leathanach Youtube TG4 Dé Céadaoin agus leanfar leis an tsraith sheachtainiúil ar feadh ceithre seachtaine

Ceolchoirmeacha beartaithe ag TG4 le hairgead a bhailiú do dhaoine atá ag fulaingt de bharr foréigean baile

Tá sraith de cheolchoirmeacha le bancheoltóirí aitheanta le craoladh ag TG4 chun tacú le daoine atá ag fulaingt de bharr foréigean baile.

Craolfar Meitheal na mBan ar leathanach Youtube TG4 Dé Céadaoin seo chugainn, an 20 Bealtaine, ag 9.30i.n agus leanfar leis an tsraith sheachtainiúil ar feadh ceithre seachtaine.

Tá sé i gceist airgead a bhailiú don eagraíocht Women’s Aid agus go leor ban agus a gcuid leanaí i gcontúirt mhór anois in am seo na hanacra.

Beidh na ceoltóirí ag seinm agus ag amhránaíocht óna gcuid tithe féin agus tá Mary Black, Sharon Shannon, Mairéad Ní Mhaonaigh, Muireann Nic Amhlaoibh, Julie Fowlis, Nell Ní Chróinín, Lisa O’Neill, Bronagh Gallagher, Wyvern Lingo, Cliona Hagan, Maria Doyle Kennedy agus Cathy Jordan i measc roinnt de na ceoltóirí a bheidh páirteach sa tsraith.

Déanfar roinnt de cheol na sraithe a chraoladh mar chuid de chlár speisialta aon uaire ar TG4 níos déanaí sa Samhradh.

Dúirt an t-amhránaí Nell Ní Chróinín gur tionscadal é ar bhraith go gcaithfeadh sí a bheith páirteach ann.

“Tá an-áthas orm gur iarradh orm a bheith páirteach sa bhfeachtas seo do Ghrúpa Cúnta na mBan. Tá an-tábhacht ag baint leis an obair a dhéanann siad agus tá sé chomh tábhachtach go dtacóimis leis.”

“Tá súil agam go dtabharfaidh an ceol seo beagán faoisimh nó sóláis do dhaoine atá sa bhaile agus ag maireachtáil i gcúinsí deacra. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaimis cibé rud is féidir linn le cúnamh a thabhairt – agus tá súil agam go mbeidh mise ábalta cúnamh a thabhairt ón mbaile.”

Is í an file Ciara Ní É a chuirfidh an tsraith ceolchoirmeacha i láthair agus déarfaidh sí dán. ‘Céim ar Chéim’, a coimisiúnaíodh go speisialta don ócáid.

Cuirtear drochbhail ar dhuine as gach ceathrar ban sa bhaile in Éirinn agus tá ardú tagtha ar líon na mban atá ag fulaingt ag baile ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na srianta. Tá ardú 25% tagtha ar an méid glaonna atá curtha ar an nGarda Síochána faoin bhfoiréigean baile ó thosaigh na srianta Covid-19 agus tá ardú 60% tagtha ar líon na nglaonna atá á bhfáil ag Grúpa Cúnta na mBan le roinnt seachtainí anuas.

Is féidir síntiús a thabhairt ar líne ar www.womensaid.ie/donate nó seol téacs leis an bhfocal ACTION chuig an uimhir 50300 le €4 a thabhairt.

Ba chóir do dhaoine atá ag fulaingt de bharr foréigean baile teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Saor in Aisce Náisiúnta 24 uair an chloig Ghrúpa Cúnta na mBan ag an uimhir 1800 341 900.

Fág freagra ar 'Ceolchoirmeacha beartaithe ag TG4 le hairgead a bhailiú do dhaoine atá ag fulaingt de bharr foréigean baile'