Ceolchoirm ar siúl i mBaile Átha Cliath ar son theifigh na Siria

Tabharfar an t-airgead ar fad a bhaileofar don eagraíocht Medicins Sans Frontiere

Screen Shot 2015-11-20 at 13.23.58

Beidh gig carthanachta ar siúl sa Wiley Fox ar Ché Éidin i mBaile Átha Cliath san oíche amárach chun airgead a bhailiú ar son na ndaoine atá ar a dteitheadh ón tSiria.

Cloisfear scata mór ceoltóirí agus bannaí ceoil ann, ina measc, I am Niamh, Ain’t Saint John agus Old Hannah.

Tabharfar an t-airgead ar fad a bhaileofar don chraobh Éireannach den eagraíocht Medicins Sans Frontiere (eagraíocht dochtúirí a chuireann cóir leighis ar fáil do dhaoine ar fud an domhain).

Osclófar na doirse ag a hocht a chlog agus casfar ceol agus amhráin go maidin. Is féidir ticéid a cheannach anseo.

Fág freagra ar 'Ceolchoirm ar siúl i mBaile Átha Cliath ar son theifigh na Siria'