Ceol diamhair as Conamara a bhí ‘caillte’ le fada fíorach an lá ar fáil arís

Tá binneas sa gceol ar albam nua atá éalaithe leis faoi dheireadh as cartlann Ghael Linn

Ceol diamhair as Conamara a bhí ‘caillte’ le fada fíorach an lá ar fáil arís

Is cuimhin leis an amhránaí Sarah Ghriallais gur ‘tháinig an chuach ar an bhfuinneog’ sa seanchlochar i gCarna agus í ag gabháil fhoinn an lá úd 34 bliain ó shin.

Samhradh na bliana 1987 a bhí ann agus bhí Sarah tagtha go dtí an seanchlochar mar gurbh ann a bhí Gael Linn len í a thaifeadadh. Bhí Riobard Mac Góráin, duine de bhunaiteoirí Gael Linn, i láthair an lá sin. Bhí an chuimhne sin á roinnt ag an amhránaí iomráiteach agus í ag labhairt ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta le gairid.

Ocht gcinn d’amhráin a taifeadadh an lá sin agus ba i gcartlann Ghael Linn a bhíodar i bhfolach ar feadh na mblianta, ach tá siad ar fáil anois ar an albam nua-eisithe Idir Dhá Sháile 2.

Cé go raibh caiséad dá cuid amhrán eisithe ag Sarah faoin tráth sin ní raibh suim ar bith aici in albam a chur amach, a dúirt sí. Trí bliana roimhe sin, a thug sí léi Corn Uí Riada ag Oireachtas 1984.

Tagairt don leithinis Muiceanach Idir Dhá Sháile i gConamara atá teideal an albaim. Is ann a rugadh agus a tógadh Sarah agus a deirfiúracha Nan agus Nóra, triúr de mhóramhránaithe an tsean-nóis a bhuaigh Corn Uí Riada cúig uaire eatarthu.

Chomh maith le hamhráin atá luaite go mór léi – leithéidí ‘Sagart na Cúile Báine’ agus ‘Eileanóir na Rún’ – tá cinn aici ar an albam nach bhfuil ar fáil ar an taifead aici in áit ar bith eile, ‘An Draighneán Donn’, ceann acu.

Ba ó Pheait Pheaitín Rua, uncail lena fear céile, a fuair Sarah Ghriallais go leor dá cuid amhrán, ‘Loinseach Bhearna’ ina measc. Níor chas sí an t-amhrán sin ar stáitse riamh, a dúirt sí ar Iris Aniar, ach chas sí go breá é ar Idir Dhá Sháile 2.

Tá an boscadóir Johnny Óg Connolly, as Indreabhán, ag casadh ar an albam seo freisin. Casann sé na cornphíopai ‘Rights of Man’ agus ‘The Smell of the Bog’, chomh maith le trí cinn de dhreasa ríleanna.

Deamhan cuimhne atá ag Johnny féin ar na píosaí ceoil sin a thaifeadadh, a dúirt sé ar Iris Aniar. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag, agus é i rang na hArdteiste, nuair a rinneadh an taifeadadh i Stiúideo an Bhaile Bháin i gcathair na Gaillimhe.

Faoin tráth sin, bhí tamallacha caite aige ó bhí ceithre bliana déag ag casadh ceoil le John Beag agus a bhanna na hAncairí ar fud Chonamara agus i Meiriceá agus i Londain.

Deir sé féin gur mór idir an stíl cheoil a bhí aige i 1987 agus an stíl atá aige sa lá atá inniu ann. Is léir tionchar Joe Burke, an boscadóir as Cillín a’ Díoma in oirthear na Gaillimhe a bhásaigh níos túisce i mbliana, ar na píosaí ar Idir Dhá Sháile 2.

Tá na rianta ar an albam tiomnaithe aige do Joe Burke, agus dá athair Johnny Connolly agus dá chomharsa Michael Mheárt Ó Coistealbha as an gcúnamh, an treoir, an spreagadh agus an moladh a thugadar dó nuair a bhí sé ina cheoltóir óg.

Ba í Sarah Ghriallais féin a chuaigh i dteagmháil le Gael Linn le fáil amach céard a tharla don taifead a rinneadh i 1987. D’aimsigh Antoine Ó Coileáin an taifeadadh agus na focail ‘gan eisiúint’ scríofa air. Bhí Ó Coileáin thar a bheith sásta le caighdeán an taifid agus rinneadh leagan digiteach de.

Is iontach go bhfuil na hamhráin agus an ceol seo a bhí “caillte” le fada fíorach an lá ar fáil anois. Níl glór binn na cuaiche úd le cloisteáil ar an albam breá seo ach tá binneas sa gceol agus sna hamhráin a chuirfidh gliondar ar do chroí agus iad éalaithe leo faoi dheireadh as cartlann Ghael Linn.   

Fág freagra ar 'Ceol diamhair as Conamara a bhí ‘caillte’ le fada fíorach an lá ar fáil arís'

  • Cluain Sceach

    Maith ann é. Féirín iontach don Nollaig!

  • KH

    Go hálainn.