Cén t-údar buíochais atá ag muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá an Thanksgiving seo?

400 bliain ó shuigh na coilínigh chun boird le bundúchasaigh Mheiriceá, tá an daonlathas faoi léigear i dtír atá faoi chuing chultúr na ngunnaí

Cén t-údar buíochais atá ag muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá an Thanksgiving seo?

Nuair a shuigh pobal na Stát Aontaithe chun boird inné lena mbuíochas a ghlacadh ar Lá an Altaithe, cé dó a raibh siad buíoch? An bhfuil údar acu a bheith buíoch as an tír atá tagtha chun cinn ón gcéad uair ar shuigh na coilínigh chun boird le bundúchasaigh Mheiriceá i 1621 le buíochas a ghlacadh as beannacht Dé, suáilcí na tíre nua a bhí á forbairt acu agus torthaí an fhómhair?

Ceithre chéad bliain dár gcionn is ceann de na tíortha is saibhre agus is láidre ar dhroim na cruinne iad Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá na céadta milliún duine, go leor acu de bhunadh imirceach, ag maireachtáil le taobh a chéile in aon ollstát feidearálach daonlathach saor amháin.

Ach an bhfuil siad saor? Nó an bhfuil siad ciaptha agus faoi chuing chultúr na ngunnaí agus an fhoréigin? Faoi dhó arís an tseachtain seo tharla eachtraí fuilteacha inar maraíodh daoine – ceann i Colorado City agus ceann i Chesapeake, Virginia. Cé dó ar cheart do ghaolta na ndaoine a maraíodh sna sléachtanna sin a bheith buíoch an tseachtain seo?

Mí tar éis na dtoghchán lár téarma níl an toradh iomlán againn go fóill ainneoin muid a bheith ag caint ar thír atá ceannródaíoch maidir le chuile chineál teicneolaíochta. De bharr na bolscaireachta faoi chaimiléireacht agus calaois i dtoghcháin le roinnt blianta anuas tá an córas curtha as a riocht agus níos casta ná riamh.

Beidh vótáil i Georgia amárach (Dé Sathairn) don toghchán Seanaid a bheidh cinniúnach fad agus a bhaineann le cóimheá na cumhachta sa Seanad. Tráthúil go leor is cothrom an lae amárach, an 26 Samhain 2000, a thug an Chúirt Uachtarach breithiúnas go raibh an ceann is fearr faighte ag George W Bush ar Al Gore i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin.

Ar cheart go mbeadh pobal na Stát Aontaithe buíoch den Chúirt Uachtarach chéanna as cearta a dearbhaíodh in Roe v Wade a bheith curtha ar neamhní leathchéad bliain tar éis an bhreithiúnais? Tá sraith cásanna eile ar an mbealach freisin faoi pholasaithe iontrála ollscoileanna, cead gunnaí a iompar agus cearta vótála. An gcuirfidh an chúirt cearta a bhaineann leis na hábhair sin siar na scórtha bliain freisin?

Tá daoine sa tír seo a bhfuair a muintir, agus iad féin go deimhin, deiseanna dul chun cinn sna Stáit Aontaithe. Bíonn fáilte roimh an té a oibríonn crua agus atá sásta bheith díograiseach. Más Críostaithe de chine geal iad, go háirithe. Is iomaí duine eile a bhíonn díograiseach nach bhfuil agus nach raibh riamh mórán fáilte rompu sna Stát Aontaithe. Níl againn ach breathnú ar ghéarchéim na dteifeach ar an teorainn ó dheas i Meiriceá.

Díol imní go bhfuil an tír a luann siad féin agus daoine eile mar eiseamláir don daonlathas agus don tsaoirse chomh scoilte faoi láthair. Níl aon chosúlacht go bhfuil na ceannairí polaitiúla in ann an deighilt a leigheas. Ina dhiaidh sin féin, níl a leithéid eile de thír ar domhan mar mheascán mearaí de phobail, ciníocha agus dearcthaí agus tá an daonlathas fós i réim más go hanróiteach féin é uaireanta. Is dóigh gurb é sin an t-údar buíochais is mó deireadh seachtaine seo Thanksgiving.

Beannachtaí na Féile oraibh ar fad!

Fág freagra ar 'Cén t-údar buíochais atá ag muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá an Thanksgiving seo?'