Cén t-iontas go mbíonn turasóirí a shantaíonn an fiántas ag tabhairt faoi chríocha ina gcuirtear fáilte rompu?

Níl aon saoirse fánaíochta ar thalamh ard in Éirinn mar atá sa Ghearmáin, sna Críocha Lochlannacha agus go deimhin ins an chuid is mó den Ríocht Aontaithe…

Glendasan River, Wicklow Mountains

Beidh impleachtaí móra ag breithiúnas cúirte a tugadh Dé hAoine seo caite don té a bhíonn i mbun fánaíochta sna cnoic. Bronnadh €40,000 ar Teresa Wall as Sord Cholmcille a gortaíodh nuair a thit sí tar éis di dul i bhfostú i gclárchosán lofa ar shléibhte Chill Mhantáin. Rialaigh an Breitheamh Jacqueline Linnane go raibh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra faillíoch siocair go raibh trasnán iarnróid dara láimhe agus lofa á úsáid acu ar an chosán. Tá a mhacasamhail de thrasnáin ar shléibhte fud fad na hÉireann mar chosaint ar chreimeadh agus is cinnte go mbeidh athmhachnamh le déanamh ag an tSeirbhís anois fána dtaobh.

Ach beidh impleachtaí níos tromchúisí ag cinneadh na cúirte don ghnáthdhuine a bhíonn ag siúl sléibhe mar chaitheamh aimsire. Murab ionann agus formhór thíortha eile na hEorpa níl aon cheart fánaíochta sa tír seo, rud a chiallaíonn go mbíonn lucht dreapadóireachta ag brath go mór ar dhea-thoil na bhfeirmeoirí. Ar ndóigh níor mhór a áiteamh gur ar thalamh stáit a tharla an timpiste úd i gCill Mhantáin agus go bhfuil fasach cruthaithe cheana fhéin ag an Chúirt Uachtarach a bhaineann an fhreagracht ó úinéirí talún i dtaobh daoine a ghortaítear le linn dóibh a bheith ag siúl ar thalamh príobháideach.

Sa bhliain 2003 bronnadh suim shuntasach airgid ar bhean as Anagaire, Co. Dhún na nGall a gortaíodh go dona tar éis di titim ar thalamh príobháideach gar do Ros Neamhlach. Ar an ócáid sin, chuaigh sí isteach thar sconsa briste gan cead a iarraidh ar na húinéirí talún. Rialaigh an Ard-Chúirt go raibh sí i dteideal €84,000 mar chúiteamh ar na gortuithe a d’fhulaing sí. I mí Feabhra 2005, áfach, chuir an Chúirt Uachtarach an bhreith seo ar ceal ar an bhonn go mbíonn priacail áirithe ag baint i gcónaí le gníomhaíocht dá leithéid. Sé an léamh coitianta atá ar an bhreithiúnas sin ná nach dtiteann an fhreagracht ar an úinéir talún i gcásanna dá chineál. Níor mhaith liom, áfach, a bheith ag iarraidh an t-idirdhealú dlí seo a mhíniú don fheirmeoir a bheadh ag iarraidh mé a ruaigeadh ó shleasa an chnoic le gráinghunna!

Níl aon amhras ach go gcuirfidh breithiúnas an Aoine go mór leis an seanaighneas idir úinéirí talún agus lucht fánaíochta maidir le cearta slí. Is fadhb í nach raibh aon rialtas sásta dul i ngleic leis go sásúil go dtí seo; bunaíodh coistí agus córais eadrána, reáchtáladh cruinnithe ach níor deineadh aon chinneadh críochnúil ina leith. Cén t-iontas mar sin go mbíonn turasóirí a shantaíonn an fiántas ag tabhairt faoi chríocha eile ina gcuirtear fáilte rompu? Óir is cinnte nach bhfuil earnáil na turasóireachta ag fáil an t-uasmhéid buntáiste as na háiseanna aiceanta galánta seo.

É sin ráite, níor cheart beag is fiú a dhéanamh ach an oiread de bhuairt na n-úinéirí talún ná don doicheall atá orthu roimh na siúlóirí. Ach ba thrua an mhaise é dá gcuirfeadh an tAire Gnóthaí Tuaithe úr (a thuairiscítear a bheith ar intinn ag Fine Gael) an cheist chigilteach seo ar an mhéar fhada arís.

Is iomaí rogha atá ar fáil don rialtas úr ach tabhairt faoin fhadhb go hionraic agus go misniúil. Thiocfadh leis an Stát, mar shampla, dul in urrús le húinéirí talún in aon chás dlí a bhainfeadh le daoine a thiteann ar a gcuid talún. Drochsheans, má tá éifeacht ar bith le breith na Cúirte Uachtaraí in 2005, go mbeadh ar an Stát aon cent rua a íoc mar chúiteamh as timpistí ar thalamh príobháideach ach chuirfeadh a leithéid d’urrús feirmeoirí sléibhe ar a suaimhneas faoi bhagairtí dlí.

D’fhéadfaí fosta amharc ar leathnú a dhéanamh ar scéimeanna GLAS le deontais a thabhairt d’fheirmeoirí a bheadh toilteanach ligean do bhealaí siúlóide dul tríd a gcuid talún. Bhíodh a leithéid de dheontas ar fáil ins an chéad scéim REPS a tionscnaíodh i dtús na nóchaidí ach níor leanadh leis ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, bheadh stádas an úinéara talún athraithe de bheagán sa mhéid is go mbeadh sé ag saothrú airgid phoiblí anois agus bheadh ar an rialtas comhairle dlí a fháil lena chinntiú nach dtitfeadh freagracht air dá réir sin as timpistí a tharlódh de bharr faillí, ar nós sconsaí briste nó drochbhail a bheith ar an chosán.

Ach seans go gcaithfear a bheith ag cuimhneamh ar reachtaíocht a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an fhadhb. Níl aon saoirse fánaíochta ar thalamh ard in Éirinn mar atá sa Ghearmáin, sna Críocha Lochlannacha agus go deimhin ins an chuid is mó den Ríocht Aontaithe. Ní mó ná sásta a bhí feirmeoirí sléibhe na hAlban nuair a tháinig an tAcht um Leasuithe Talún i bhfeidhm corradh le deich mbliana ó shin mar gur thug sé cumhacht do na húdaráis áitiúla cead slí a chur i bhfeidhm agus stop a chur le haon bhac a chuirfí ar rochtain phoiblí. Níl aon cheist ann ach go gcruthódh a leithéid de reachtaíocht go leor aighnis in Éirinn fosta. Is cinnte dá bharr sin nach mbeadh fonn ar rialtas mionlaigh a bheadh ag brath ar bhaicle Theachtaí neamhspleácha tuaithe tabhairt faoi.
Mholfainnse mar sin go mbunófaí ciste cruatain mar chúiteamh ar chead slí a bhronnadh, mar a tharla i gcás iascairí bradáin nuair a cuireadh cosc ar shruthlínte. Is fada feirmeoirí sléibhe ag gearán nach mbaineann siad aon sochar as na háiseanna luachmhara atá ar a gcuid talún agus nach bhfuil siad ach ag iarraidh a sciar féin a fháil den airgead a ghnóthaíonn lucht óstáin agus turasóireachta as an siúl sléibhe. Thabharfadh a leithéid de chiste cruatain deis dóibh, áfach, iarratas a dhéanamh le haghaidh deontas chun gnó a bhunú a bhainfeadh go sonrach le siúl na gcnoc – a dteach cónaithe a chur i bhfóirstean do lóistín leaba agus bricfeasta b’fhéidir, nó mionbhus a cheannach chun córas iompair a chur ar fáil do shiúlóirí. Bhronnfadh cuidiú dá leithéid leas gnó do na feirmeoirí ins na cnoic agus úinéireacht áirithe ar an earnáil.

Fág freagra ar 'Cén t-iontas go mbíonn turasóirí a shantaíonn an fiántas ag tabhairt faoi chríocha ina gcuirtear fáilte rompu?'

  • Feardorcha

    An-phíosa

  • padraig

    alt ardspéisiúil. moltaí fuaimintiúla ó fhear dlí. an bhfaighidh sé éisteacht ?is siúlóir mé féin agus tuigim na fadhbanna atá ann. ba choir mar sin aon phlean a leagan amach ar mhacasamhailt an chinn a fheidhmítear sa Ghearmáin mar shampla, mar a n-éiríonn leo gach taobh a shásamh a bheag nó a mhór. ní thógfainn ar na feirmeoirí a bheith i ngalar na gcás, óir raicitt ceart is ea cúrsaí árachais sa tír seo anois.

  • Feardorcha

    An difríocht ná go bhfuil feirmeoireacht sléibhe neadaithe sa tír seo, rud nach fíor faoin nGearmáin. Tá caoirigh ar na sleasa is sceirdiúla anseo, agus na seanbhallaí cloiche agus na sreanga go mullach dá dheasca. Seans gur fearr na Gearmánaigh ná sinn maidir le maireachtaint ar scáth a chéíle chomh maith.
    Fiú amháin ar chuid de na siúlóidí is iomráití sa tír tá deacrachtaí in áiteanna maidir le cearta siúlóide. Is bocht an scéal é ach ní bheadh aon locht agam ar na feirmeoirí ach oiread, mar a deir tú féin a Phádraig, is raicitt mínáireach an t-árachas sa tír seo.