Cén t-ainm ab fhearr leat ar an lá saoire bainc atá againn inniu? Cloímis leis an nGaeilge…

Ní déarfainn go mbeadh Bríd Chill Dara ag iarraidh aon duine a ghortú, creideamh acu nó uathu

Cén t-ainm ab fhearr leat ar an lá saoire bainc atá againn inniu? Cloímis leis an nGaeilge…

B’fhiú lá saoire bainc a fhógairt do Bhríd mura mbeadh ann ach an seanchas ar fad a fuaireamar agus an plé uilig a rinneadh faoi bhean threallúsach ghrá-diaúil a raibh teacht aniar agus cumas as na ngnáth inti.

Ní haon iontas go raibh an-dílseacht do Bhríd agus an-mhuinín ag an bpobal aisti mar gur tuigeadh go raibh bá aici leis an boicht agus na daoine a bhí gan acmhainn ná údarás. Is mór a thuigimid ach breathnú ar na cúraimí a cuireadh faoina pátrúnacht – saolú linbh a chuir mná go bruach na huaighe; leigheas agus faoiseamh na n-easlán; cúrsaí déiríochta – na beithígh agus an bainne ar a raibh cothú an teaghlaigh ag brath; an fhilíocht ar a raibh cothú an spioraid agus an anama ag brath, an ghaibhneacht a chuir fearas tí agus curadóireachta ar fáil.

Cé againn nach bhfaigheann misneach as an solas? An choinneal sa bhfuinneog, an tine ar an teallach agus tine shíoraí Bhríde i gCill Dara ag meabhrú dúinn nach bhfuil muid d’uireasa lámh chúnta.

An nádúr a bhaineann le ceiliúradh Bhríd is mó a thaitníonn liomsa – amach sa ngarraí agus tom luachra a bhaint, punann beag as an iothlainn agus brídeog is crios a dhéanamh as an tuí – gan pingin ná leathphingin, gan paráid ná leipreachán, ragairne ná achrann. Tá súil agam anois nach ligfear do lucht turasóireachta agus Fáilte Éireann [Ireland mar is fearr leo] seó bóthair a dhéanamh den bhean bhreá seo nár shantaigh galamaisíocht ná éirí in airde.

Bhí roinnt mhaith daoine clamhsánach go maith ar na meáin go raibh lá saoire eile á thiomnú do naomh ag an Rialtas agus iad á mhaíomh gur masla a bhí ann do phobal gach uile chreideamh eile agus dóibhsean nach gcreideann. B’olc leo croiseanna Bríde a bheith á ndéanamh i scoileanna na tíre agus á dtabhairt abhaile ag a leanaí. Daoine eile a mheas gur chóir Saoire an Earraigh nó Saoire an Nádúir/an Chomhshaoil a thabhairt air le haird a dhíriú ar an drochbhail atá curtha ag an duine ar an domhan ó aimsir Bhríde feilméara.

Ar ndóigh tá freagra simplí ar an scéal, cloí leis an dúchas agus an leagan Gaeilge a úsáid – ní luaitear naomh le Bríd ná lena féile – Lá Fhéile Bríde.

Nár bhreá an rud é an t-earrach is Imbolc a cheiliúradh le lá saoire bainc Bhríde?

Is cosúil go raibh diagairí na Róimhe iad féin féin san amhras faoin nGael seo. Ba mhór é m’iontas cúpla bliain ó shin a léamh áit éigin gur bhain an Vatacáin an bhean sin againne de liosta na naomh beagán le cois leathchéad bliain ó shin. Ní ligfeadh an t-amhras ná m’inscne dom a ghabháil ag fiosrú mistéir eile seo na Róimhe.

Má chuala siad thall go raibh na ceamachaí a bhí caite ar thomachaí oíche a féile ag cuidiú le mná ar a leaba luí seoil agus crois luachra ag coinneáil bainne is im le muintir an tí, cá bhfios nár scanraigh siad go mbeadh na ciseáin is na séipéil folamh.

Gan dabht is dóigh nárbh aon chuidiú di a bheith baineann agus nasctha le bandia cumhachtach Págánach – ar chuala mé gur thriail fir Ard Mhacha cuid dá húdarás a sciobadh?

Ní déarfainn go mbeadh Bríd Chill Dara ag iarraidh aon duine a ghortú, creideamh acu nó uathu, fireann nó baineann. Cén t-ainm ab fhearr leatsa ar an lá saoire is díomhaointis atá againn inniu? Imbolc, Lá na Cruinne, Lá an Nádúir, Lá an Earraigh, Lá Láchais, Lá chun Soip?

Fág freagra ar 'Cén t-ainm ab fhearr leat ar an lá saoire bainc atá againn inniu? Cloímis leis an nGaeilge…'

  • Éamonn Ó Carragáin

    Lá Saoire Bhríde,

    (an Luain tar éis Lá Féile Bhríde).

  • Antóin

    Freagra simplí mar a deir tú féin: Lá Fhéile Bríde.

    Agus Dia idir sin agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath lena ‘soilse geimhridh’ agus Fáilte Ireland lena ‘geimhreadh i mBaile Átha Cliath’

  • JP

    “Lá an Dúlra” nó “Lá ‘le Bríde”…Beachadóir ab ea Bríd chomh maith. Mar ómós di: dair, coll nó caorthann a chur.

  • Carraig53@protonmail.com

    An t-ómós a thugann Comhairle Contae Chill Dara do Bhríd: ‘Welcome to Kill.’

  • Eimear

    Lá na mBan!

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máire Ní Fhinneadha, ‘Cén t–ainm ab fhearr leat ar an lá saoire atá againn inniu? Cloímis leis an nGaeilge … Ní déarfainn go mbeadh Bríd Chill Dara ag iarraidh aon duine a ghortú, creideamh acu nó uathu,’ tuairisc.ie, Dé Luain, Feabhra 6, 2023.

    Is léir go bhfuil an–mhuinín ag Máire Ní Fhinneadha as an naomhsheanchas. Is minic an dathadóireacht i gceist leis an seanchas. Tá sé le tuiscint óna ndeir Máire gur maith léi Bríd Chill Dara, mar gur bean dheas í Bríd. Ach más Críostaí is ea Bríd, is é is dóichí gur chuir sí roimpi ar an saol seo comhairle Chríost a dhéanamh: ‘Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann, ach claíomh. Óir tháinig mé chun duine a chur bunoscionn lena athair agus an iníon lena máthair agus bean mhic le máthair a céile, agus is iad lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.’ [Matha 10: 34–37: An Bíobla Naofa (Maigh Nuad 2000)].

    Arbh é Seán Ó Faoláin a chur i leith údair na hÉireann nach é an t–úrscéal an cineál litríochta is rogha leo, ach an gearrscéal? Is é an chúis atá leis sin, de réir dealraimh, gur mó a chaithfidh an t–úrscéalaí dul i ngleic leis an bhfírinne, ná an gearrscéalaí.

    Is léir ar Bhrollach Bhunreacht na hÉireann gur don Chríostaíocht Thríonóideach a thugann an Bunreacht aitheantas. Má tá saoránaigh ar maith leo é sin a athrú, cuiridís feachtas ar bun chun an scéal a chur ar Reifreann.

    Is ait liom go ndéarfadh Máire ‘ní luaitear naomh le Bríd ná lena féile –– Lá Fhéile Bríde. Ní heol domsa go bhfuil a oiread is logainm amháin in Éirinn, ar de naomh a ainmnítear é, a gcuirtear ‘Naomh’, ná ‘San’ díreach roimh ainm an naoimh ann.

    Tarraingíonn Máire anuas gan Bríd a bheith ar Fhéilire Uile–Choiteann na Naomh ag an Eaglais Chaitliceach ón mbliain 1969. Ach tá Bríd ar Fhéilire Chaitliceach na Naomh i gcomhair na hÉireann, agus d’fhaomhaigh an Róimh téacsanna agus paidreacha Béarla faoi bhráid Lá Fhéile Bríde sa bhliain 2007; agus téacsanna Gaeilge sa bhliain 2017 [Pádraig McCarthy, ‘When the saints go marching in’, The Irish Times, Déardaoin, Feabhra 2, 2023, lch 11.]

    Más naomh Críostaí í Bríd, níl cúis ar bith leis nach dtaobhódh na tuataí na séipéil, de dhroim a cuidsean cabhracha leis na fíréin.

    Níl ach an dá shaghas spioraid ann: an dea–spiorad, agus an drochspiorad. Is iad na dea– spioraid: na naoimh sna Flaithis a ainmníodh ina naoimh; agus anamacha na ndaoine nach bhfuil ainmnithe ina naoimh, ach gur sna Flaithis atá siad. Anois is arís, tugtar cead d’anam sa Phurgadóireacht turas a thabhairt ar an saol seo, d’fhonn duine ar an saol seo a chur ar bhóthar a leasa. Tá údair a áitíonn go dtugtar cead d’anam in Ifreann, fíor–chorruair, turas a thabhairt ar an saol seo d’fhonn duine ar an saol seo a chur ar bhóthar a leasa. Buaileann daoine le haingil ó na Flaithis ar an saol seo féin, gan a aithint gur aingil ó na Flaithis is ea iad. Is iad na drochspioraid: Aingil an Uabhair ar dhíbir an tArd–Aingeal Micheál as na Flaithis iad, nuair a d’éirigh siad amach i gcoinne Dé. Is iad Aingil an Uabhair Lúicifir, Sátan, [ní mar a chéile Lúicifir agus Sátan; is giolla de chuid Lúicifir is ea Sátan] agus a lán eile nach bhfuil a gcuid ainmneacha ar eolas go coitianta.

    Na déithe Págánacha go léir, is d’Aingil an Uabhair iad. Cad chuige mar sin a mbeadh Críostaithe na hÉireann ag tabhairt ómóis do dhia Págánach ar bith? Tá anamacha damanta in Ifreann a bhíonn i dteannta Lúicifir nó Shátain, le linn eacsaircisteadh. Ní mholtar ach don eacsaircistí amháin labhairt go díreach le Lúicifir, le Sátan, nó le deamhan ar bith eile a mbeadh colainn duine gafa aige. Má thugann an t–eacsaircistí ordú, in ainm Chríost, do na deamhain, a n–ainmneacha a thabhairt, caithfidh siad é a dhéanamh. Tuairiscíonn cuid de na heacsaircithe go mbíonn Iúdas Isceiriót i láthair cuid de na heacsaircistí, agus nuair a thugtar ordú do Iúdás Isceiriót ainm a thabhairt, scréachann sé siúd amach: ‘Is mise Iúdás Isceiriót.’ Is eacsaircisteadh an–chumhachtach is ea Sacraimint an Athmhuintearais, nó na Faoistine. Ní sacraimint is ea an t–eacsaircisteadh, ach sacraiminteach.

    An Pápa Beinidict XVI, beannacht Dé lena anam, tugann sé míniú an–inspéise i saothar leis féin, Íosa Nazarat, ar an idirdhealú ar an gCríostaíocht, agus na creidimh Phágánacha, creideamh Págánach na Róimhe go háirithe. Alt bunaidh den Chríostaíocht ó thosach is ea gurb í an Chríostaíocht an fhírinne, gurb é Críost féin ‘an tSlí, an Fhírinne, agus an Bheatha’ [Eoin 14:6]. Is amhlaidh a thugadh údaráis na Róimhe ar na daoine a bhíodh fúthu sa seanreacht a admháil go poiblí gur dia ba ea Impire na Róimhe. Ní chaitheadh na daoine a chreidiúint go raibh an tImpire ina dhia; ní chaithidís ach a dhearbhú go poiblí gurbh ea.

    Is mionlach fíorbheag is ea Págánaigh na hÉireann sa lá atá inniu ann. Is lú ná sin an méid acu a chreideann gur bandia is ea Bríd. Ach tá sé le tuiscint ó bhunú an lá nua féile seo in ómós Bhríde, nach tiomanta do Naomh Bríd amháin atá sé; ach do Naomh Bríd, don bhandia Bríd, agus do scata creidiúintí agus fealsúnachtaí eile; agus gurb aon phearsa amháin is ea Naomh Bríd agus an bandia Bríd. Is sincréiteachas atá an Stát a chur chun cinn dáiríre, agus tosaíocht á tabhairt don Phágánachas. Agus sin é an cur chuige a bhí ag lucht déanta na gclár teilifíse ar Bhríd go dtí seo. Dúradh ar cheann de na cláir a craoladh ar TG4 go raibh an bandia Bríd ann sula raibh an tAthair, an Mac, agus an Spiorad Naomh ann. Tá timpeall le 200,000 saoránach den Phoblacht ann a dhearbhaíonn nach bhfuil creideamh ar bith acu. Is mó a líon ná líon na bProtastúnach sa Phoblacht . De réir mar a thuigim, ní éisteann ach 20% de Chaitlicigh na hÉireann an tAifreann ar an tSabóid, sa lá atá inniu ann. Formhór mór na bProtastúnach, ní thugann siad ómós ar bith do na naoimh. Go deimhin, cuid acu, áitíonn siad gur ag adhradh na Maighdine Muire a bhíonn na Caitlicigh.

    Cad chuige mar sin a mbeadh an Stát, agus Stáisiúin Teilifíse an Stáit, ag cur sincréiteachas mionlaigh chomh beag sin chun cinn i gcás Bhríde? Ní haon phioc de chúram an Stáit treoir ar bith a thabhairt do na saoránaigh i gcúrsaí diagachta.

    Dá mb’áil leis an Stát aitheantas a thabhairt do Bhríd Naofa, mar a thugann sé do Phádraig Naofa, is ar chéad lá de Mhí Feabhra, de Mhí na Féile Bríde, a bheadh an lá saoire bainc ann.