Cén praghas a íocfar ar dheireadh a chur le príobháideachas na bpolaiteoirí? 

Ní haon iontas a bheadh ann dá ndéarfadh daoine óga cumasacha ‘céard is fiú saol os comhair an phobail?’

Cén praghas a íocfar ar dheireadh a chur le príobháideachas na bpolaiteoirí? 

Cé go raibh gach mac máthar ag caint ar an bhfíseán úd, bhí drogall ar na hiriseoirí i dTeach Laighean aon aird a tharraingt air. Glacadh físeán go rúnda den Leo Varadkar agus é amuigh lena chairde i gclub oíche i mBaile Átha Cliath agus scaipeadh ar na meáin shóisialta é.

Is iomaí ceist a ardaíodh ina dhiaidh ar na meáin shóisialta agus i gcomhráite fud fad na tíre faoin sárú ar phríobháideachas pearsanta a tharlaíonn go mion minic ar na meáin. Rinneadh ceap magaidh den Tánaiste chomh maith, agus caitheadh cúpla ráiteas gáirsiúil leis faoina chlaonadh gnéis agus a chuid iompair.

D’fhan na meáin eile ina dtost ar feadh cúpla lá. Ansin, cuireadh ceist ar an Tánaiste mar gheall ar an bhfíseán. An gceapann sé go gcuirfeadh a leithéid de shárú amhras ar dhaoine óga faoi oiriúnacht shaol na polaitíochta?

Dúirt an Tánaiste go mbaineann sé seo lena shaol pearsanta agus go mb’fhearr leis gan trácht a dhéanamh air. An deireadh seachtaine ina dhiaidh sin, bhí cúpla alt sna nuachtáin Domhnaigh ag caint ar fhreagracht phearsanta an Tánaiste – agus cúpla foinse anaithnid ag caitheamh amhrais ar bhreithiúnas Varadkar, go háirithe agus gan ach cúpla seachtain fágtha sula mbeadh sé ag filleadh ar oifig an Taoisigh.

Mhothaigh mé féin nárbh fhéidir liom aon cheist a chur nó aon trácht a dhéanamh faoi seo ar fad. Bhí mé féin sa chlub oíche céanna an oíche sin. Chonaic mé an Tánaiste ach níor labhair mé leis mar nár theastaigh uaim mo shaol príobháideach a mheascadh le mo shaol gairmiúil mar iriseoir sa Dáil.

Ar bhonn pearsanta agus daonna, bhí trua agam Varadkar, agus mhothaigh mé go raibh sé déistineach go gcuirfí isteach ar a shaol pearsanta mar seo.

Rinneadh comparáid idir an eachtra seo agus iompar Matt Hancock, iar-aire sláinte na Breataine a d’éirigh as a phost nuair a frítheadh amach go raibh caidreamh aige le comhghleacaí ina oifig oibre, fad is a bhí an dianghlasáil i bhfeidhm sa Bhreatain. Ní aontaím gurbh ionann an dá chás, ná fiú gur féidir comparáid a dhéanamh eatarthu.

Bhí Matt Hancock ag sárú rialacha COVID – rialacha a chum agus a chuir sé féin i bhfeidhm – agus iad á sárú aige le comhghleacaí a bhí fostaithe ag an Stát. Bhí Leo Varadkar ag baint súp as oíche shóisialta lena chairde, tráth nach raibh aon srianta dianghlasála i bhfeidhm.

Is dóigh liom gur léiriú é seo ar domhan atá athraithe timpeall orainn. Toisc gur duine aitheanta – d’fhéadfaí a rá go bhfuil polaiteoirí ár linne cáiliúil – é Leo Varadkar, tá daoine áirithe den tuairim go bhfuil an ceart acu taifead a choinneáil air, fiú nuair nach mbíonn sé i mbun a chúraimí Stáit.

Cé nach raibh Leo Varadkar sásta aon ráiteas a thabhairt faoin eachtra seo nuair a cuireadh an cheist air faoin tionchar a bheadh aige seo ar dhearcadh daoine óga faoin bpolaitíocht, d’fhéadfaimis féin buille faoi thuairim a thabhairt. Is cinnte go mbreathnóidh an-chuid daoine óga cumasacha ar an eachtra seo agus go ndéarfaidh siad leo féin ‘céard is fiú saol os comhair an phobail?’ ‘Cén fáth go rachadh éinne isteach sa saol poiblí má bhíonn an oiread sin brú ag baint leis?’

Tá rogha le déanamh againn mar phobal. Céard leis a bhfuil muid ag súil ónár bpolaiteoirí, na daoine a dhéanann ionadaíocht ar ár son ar bhonn náisiúnta, agus a thugann isteacht na dlíthe a rialaíonn ár saol? Ar mhaith linn gur daoine daonna, nádúrtha a bheadh iontu – daoine a théann amach ag an deireadh seachtaine, daoine a théann ag cluichí peile a bpáistí, daoine a fhaigheann morgáistí chun teach a cheannach nó a théann ar saoire mháithreachais?

Nó ar mhaith linn gur daoine ‘foirfe’ a bheadh iontu, daoine nach ndéanann botúin ariamh, nach bhfuil aon tuiscint acu ar an saol mar atá?

Is dóigh liomsa go mbeadh daoine sa gcéad chatagóir i bhfad níos oiriúnaí don saol poiblí agus don pholaitíocht.

Ach mura mbíonn meas againn ar a chéile, is ar éigean go dtiocfaidh siad chun cinn.

Fág freagra ar 'Cén praghas a íocfar ar dheireadh a chur le príobháideachas na bpolaiteoirí? '