Cén fáth nach bhfuil Hillary ‘cliste’ i bhfad chun cinn ar Donald ‘dána’?

Tá lochtanna Trump soiléir do mhórán ach is léir freisin laigí iarrthóir na nDaonlathach

Hillary Clinton. James Horan/RollingNews.ie
Hillary Clinton. James Horan/RollingNews.ie

Tá súil ag Hillary Clinton go n-éireoidh Bernie Sanders as a fheachtas toghcháin tar éis dó bualadh leis an uachtarán Obama sa Teach Bán inniu.

Cé nach raibh focal a thabharfadh le fios go raibh sé chun géilleadh san óráid a thug Sanders os comhair a lucht leanúna i gCalifornia Dé Máirt, tá ionadaithe Daonlathacha ar fud na tíre ag moladh dó éirí as. Cuimhníonn siad go léir ar an dochar a rinne an t-iarrthóir neamhspleách Ralph Nader d’fheachtas uachtaránachta Al Gore in 2000.

Ní raibh George Bush ach 537 vóta chun cinn air faoi dheireadh an chomhairimh. Ghnóthaigh Nader 97,421 vóta. Ní féidir a bheith cinnte go mbeadh an bua ag Gore dá uireasa, ach b’fhearr le Hillary Clinton a bheith ábalta díriú ar a namhaid Poblachtánach gan a bheith ag iarraidh iarrthóirí iomráiteacha neamhspleácha a shárú ag an am céanna.

Tá Clinton fós chun cinn ar Trump i bhformhór na bpobalbhreitheanna. Thug suirbhé ar phobalbhreitheanna náisiúnta a d’fhoilsigh NBC Dé Máirt le fios go raibh 48 faoin gcéad ag tacú ar an meán le Clinton, agus 44 faoin gcéad ag tacú le Trump.

Tá lochtanna Trump soiléir do mhórán, mar a thug Enda Kenny agus Micheál Martin le fios in éineacht sa Dáil seachtain ó shin. Ach is léir freisin laigí iarrthóir na nDaonlathach.  Seo a leanas gearrliosta.

  1. Níl muinín ag go leor daoine aisti.
  2. Fáth na mímhuiníne sin? Mar shampla, d’íoc bainc agus comhlachtaí éagsúla táillí móra léi as cainteanna a thabhairt, ach níl sí toilteanach, a dúirt sí, eolas faoi seo a fhoilsiú.
  3. An tacaíocht a thug sí don chogadh ar bheagán cúise san Iaráic in 2002.
  4. An tréimhse a chaith sí i Seanad nach raibh mórán rath uirthi ann.
  5. Rómheas aici ar charnadh airgid.
  6. A neamhthoil freagra iomlán gan mhoill a thabhairt ar cheist dhosheachanta maidir leis an leas oifigiúil a bhain sí as a seoladh príobháideach ríomhphoist le linn a tréimhse mar Stát-Rúnaí (2009-2013).

Ainneoin na n-ábhar míshásaimh seo, is cabhair mhór do Hillary Clinton é leagan amach dénártha an ghnáth-thoghcháin uachtaránachta. Is é sin, mura mbeidh ainm Sanders ar na páipéir vótála i mí na Samhna.

Farasbarr níos lú

Bheadh 12 billiún d’fharasbarr le caitheamh ag an rialtas idir seo agus 2021, a dúirt Michael Noonan go gairid roimh an olltoghchán. Ní farasbarr a dúirt sé, ar ndóigh. ‘Spás fioscach’ a  bhí mar chur síos aige ar an airgead breise a bheadh ar chumas an rialtais nua a chaitheamh.

Ba léir fiú amháin an uair sin nach mbeadh an farasbarr baileach chomh hard dá gcuirfí san áireamh arduithe pá sa tseirbhís phoiblí, mar shampla, chomh maith le costais bhreise dhosheachanta eile.

Ach bhain an Chomhairle Bhuiséadach sciar níos mó de réamh-mheastachán an aire airgeadais i dtuairisc a foilsíodh Dé Céadaoin. Dar leo nach mbeadh aon dul as ag an rialtas ach 6 billiún sa bhreis a chaitheamh chun seirbhísí poiblí a choinneáil ar chaighdeán na bliana seo, gan trácht ar iad a fheabhsú, agus chun forálacha na gcomhaontuithe pá a rinneadh leis na ceardchumainn san earnáil phoiblí a chomhlíonadh.

Más fíor meastachán neamhchlaonta na Comhairle mar sin, ní €12 billiún ach 6 billiún sa bhreis a bheidh le caitheamh ag an rialtas idir seo agus 2021. Is é sin, mura dtéann an geilleagar ar gcúl, mar a théann uaireanta.

Ní maith le polaiteoirí a admháil riamh, bíodh siad i gcumhacht nó ná bíodh, nach acmhainn don rialtas seirbhís a fheabhsú nó a fhorbairt.

Chuir an Chomhairle i gcuimhne do chách, i dTeach Laighean agus lasmuigh de, nach mbeidh an státchiste beagnach ag cur thar maoil mar a tugadh le fios roimh an olltoghchán. Beidh na roghanna crua céanna le déanamh sa ré nua pholaitiúil agus a rinneadh sa tseanré.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Cén fáth nach bhfuil Hillary ‘cliste’ i bhfad chun cinn ar Donald ‘dána’?'