Cén fáth go bhfuil drogall orm gadhar a fháil don bheainín bheag? Tá leid sa bhfocal ‘cocapú’…

Tá stocaireacht dhiscréideach ar bun ag Beainín na Naíonáin Bheaga le tamall anuas agus í ag iarraidh tabhairt ar ár gcolúnaí gadhar a fháil

Cén fáth go bhfuil drogall orm gadhar a fháil don bheainín bheag? Tá leid sa bhfocal ‘cocapú’…

Actually, tá m’intinn athraithe agam!’ a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga agus muid ag siúil abhaile ón scoil agus an chuma uirthi go raibh sí ag leanúint uirthi le comhrá éicint a bhí tosaithe cheana féin againn.

An t-aon fhadhb a bhí agam, ná nach raibh a fhios agam cén comhrá a bhí ann, cén t-ábhar a bhí á phlé againn, nó arbh ann don chomhrá an chéad lá riamh.

‘Céad fán gcéad, sin é an ceann atá mé a iarraidh,’ a dúirt sí ansin agus í ag pointeáil i dtreo Volkswagon Beetle dubh a bhí ag imeacht tharainn go mall agus é sáinnithe i dtrácht na scoile.

Bhreathnaigh mé ar an gcarr agus thug mé faoi deara go raibh suntas á dhéanamh ag na daoine a bhí istigh sa gcarr dúinne agus muid ag stánadh isteach orthu.

‘Ná bí ag pointeáil ar dhaoine, maith an cailín,’ a dúirt mé léi i gcogar agus rinne leathgháire le bean an chairr.

‘Tá na carrannaí sin go deas,’ a deir mé, ‘ach beidh sé píosa nó go mbeidh cead tiomána agat,’ a mhínigh mé di. Bhí mé ag iarraidh misneach a thabhairt di go mbeadh carr aici lá breá eicint.

‘Ní hé an carr atá i gceist agam,’ a dúirt sí liom agus ba léir go raibh sí a cheapadh go raibh seafóid éicint orm. ‘An gadhar!’ a deir sí ansin.

Bhreathnaigh mé arís is chonaic mé gadhairín beag suite i gcúl an chairr. Bhuel, le bheith iomlán cruinn, ba dhá chluas gadhair agus ribín dearg a chonaic mé, ach bhí mé ag glacadh leis go raibh an chuid eile den ghadhar greamaithe de na cluasa. 

Bhí sé ar a dhícheall ag síneadh a chloiginnín suas agus é ag iarraidh breathnú amach an fhuinneog. Bhain sé le mianach ar a dtugtar na ‘yappers’, sílim.

‘Sin é an sórt gadhair atá mé a iarraidh,’ a dúirt sí agus gliondar uirthi go raibh an fhadhb seo, nach raibh a fhios agamsa a bhí againn, socraithe aici anois agus, is dóigh, go bhféadfadh muid dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, gadhar a cheannacht.

Thosaigh mé ag cuimhneadh orm féin…

Chuimhnigh mé nárbh é seo an chéad leid a bhí faighte agam go raibh sí ag iarraidh gadhar mar pheata. Chuimhnigh mé ar an lá a bhfaca muid an dá chocapú thuas sa mbaile mór is gur tharraing sí anonn mé.

‘Nach deas na gadhairíní iad sin,’ a dúirt sí liom. Bhí an fód á réiteach aici, is dóigh. ‘Agus tá siad an-bheag freisin, bheidis díreach ceart ag teach s’againne,’ a dúirt sí. ‘Bheadh,’ a dúirt mé féin go soineanta.

Caithfidh mé a rá gur maith liom gadhair, ní hé go bhfuil aon rud agam in aghaidh na ngadhar. Ach tá drogall orm gadhar a fháil mar pheata ar chúiseanna éagsúla. Ceann acu ná go mbíonn muid imithe ón teach leath an lae agus níor mhaith liom go mbeadh an gadhar fágtha leis fhéin sa teach.

Cúis eile go bhfuil drogall orm gadhar a fháíl, ná, bhuel, gheobhaidh tú leid sa bhfocal ‘cocapú’.

Is maith liom cait freisin, dála an scéil, agus ba mhaith liom mo sheasamh neodrach sa gcogadh idir cait agus gadhair a fhógairt anois go hoscailte.

Fág freagra ar 'Cén fáth go bhfuil drogall orm gadhar a fháil don bheainín bheag? Tá leid sa bhfocal ‘cocapú’…'

  • wtf

    Cac gadhair à chur isteach i málaí plaisteacha agus iad a chaitheamh isteach sa díg nó ar ghrua an chosáin. Cuid de na málaí caca seo ar crochadh ó ghéaga. Cén ‘dul chun cinn’ é sin? Cén chiall nó loighic atá leis sin?