Cheap mé tamall maith go mb’amhlaidh a bhásaigh sé i ngan fhios dom. Le teacht na Mílaoise b’fhéidir agus an domhan mór imithe as a chranna cumhachta ar feadh ceithre huaire fichead. Ansin ar dhul a chodladh dóibh thuigeadar nach raibh ann ach go raibh siad lá níos sine ná a bhí an oíche roimhe.
Tharlódh freisin go mba ag déanamh bolg le gréin a bhí mé i gceann de na tíortha coimhthíocha sin nuair a d’éag an créatúr – mé d’uireasa teanga na háite agus gan de stuaim ionam a thuiscint ó na nuachtáin ná ó na meáin chraolta go raibh an fear cáiliúil ar lár.
B’aisteach liom sin.
Fiú dá mba mhóid chiúnais a bhí tógtha agam i mainistir de chuid na dTrapach in éiric mo chuid peacaí, mheas mé nach dtiocfadh a leithéid de scéal tharam.
Ní fhéadfadh sé nach gcloisfinn faoi bhás duine a bhí luaite le leathdhosaen spórt ag an leibhéal ab airde; a raibh a ainm ar an gclár ag cluichí idirnáisiúnta rugbaí; ag Cluichí Ceannais na hÉireann sa bpeil agus san Iománaíocht. Bhí a fhios agam nach é amháin gur ainmníodh ar fhoirne sacair freisin é, ach gur shuigh sé sa suíochán ar chuid de na gluaisteáin rásaíochta ba chumhachtaí ar domhan lena linn.
Ansin cothrom an ama seo in 2010, à la Mark Twain, chonaic mé go mb’áibhéil a bhí sa ráfla go raibh sé imithe uainn. Céard a d’fheicfinn an tráth seo bliana in 2010 ach go raibh sé ainmnithe ag Declan Kidney ar fhoireann rugbaí na hÉireann a bhí le himirt in aghaidh na Fraince. Mo léan géar nuair a shuigh mé síos le breathnú ar an gcluiche, ní raibh sé le feiceáil ar an bpáirc,
Bhí sé fós beo, ach ba bheag eile saoil a bhí i ndán dó.
Ba ag Cumann Peile na mBan, an LGFA, ba thúisce a chonaic mé díbeartha é. Gan cás ná náire dúradar i leabhar a gcuid rialacha nach mbeadh aon ghlacadh acusan leis “mar bhall imeartha” ná a ainm a fheiceáil “ar an liosta foirne ná ar an bpainéal imreoirí”.
Ghearrfaí “fíneáil a shocróidh an Coiste nó an Chomhairle Eagair as a leithéid a dhéanamh”, a dúradh.
Ná fiafraigh díom arbh ag aithris ar Chumann Lúthchleas Gael a bhí siadsan nó vice versa ach thug eagraíocht na bhfear iad féin bata agus bóthar dó.
Ina gcuid rialacha imeartha baineann 1.10 le cur i láthair na bhfoirne i gcluichí. Ansiúd freisin tá bac curtha ar mo chara.
Cé hé féin chor ar bith, a deir tú?
Nó cén fáth an chuid is mó den phobal a bheith chomh haineolach air agus atá?
Mar a dúradh sna nótaí stáitse i léiriú i nGaeilge de The Plough and The Stars fadó: ‘Tarraingítear siar na cuirtíní agus nochtaítear Bean Uí Ghógáin’.
‘A.N. Other’ an t-ainm a bronnadh air lá a bhaiste agus choinnigh sé é sin gur shocraigh lucht an údaráis é a ruaigeadh. Deirtear liom go raibh deirfiúr aige a raibh Ann(e) Other uirthise. Tharlódh a bheith, ach má bhí sí ann, ba i ngan fhios domsa é.
Saol thar a bheith simplí a bhí ann agus A.N. Other i mbarr a réime ó na 1930idí i leith. An uair sin agus ar feadh blianta ina dhiaidh ba nós leagan amach foirne a fhógairt go luath a tseachtain do na cluichí móra. Ar cheann de na cúiseanna bhí go sásaíodh sin na nuachtáin áitiúla ar a mbíodh formhór an phobail ag brath le hiad a choinneáil ar an eolas.
Ag an am sin ní raibh cleasaíocht an lae inniu ag baint le bainisteoirí agus roghnóirí foirne. Ach cead a gcinn a fháil anois d’fhógródh siad siúd liosta nach dtiocfadh leath na n-imreoirí a bheadh air amach ar an bpáirc lá na himeartha.
Sna laethanta a bhí, ba ghortú amháin a choinneodh imreoir a bhí ainmnithe ar an gclár ó dhul chun páirce.
Sa gcás go raibh seans ann go mbeadh biseach air faoin am a dtosódh an choimhlint, ansin is é ainm ár gcara A.N. Other a chuirtí ar an liosta.
Ag fanacht go bhfeicfeadh sé an mbeadh biseach ar ghortú a bhí ar Stephen Ferris a bhí Kidney in 2010 nuair a fógraíodh A.N. Other i ngeansaí Uimhir 6. Mar a tharla ba ar dhroim Ferris a bhí sin nuair a thosaigh an imirt.
Ba é A.N. Other freisin a d’fhág gur thug imreoir na Breataine Bige Gareth Davies cúl don imirt idirnáisiúnta.
Bhí rugbaí na tíre sin dian go maith i lár na 1980idí agus cé gur imir Davies do na Leoin tráth, thuig sé go raibh sé i mbaol a áit a chailleadh nuair a roghnófaí an fhoireann a d’imreodh Sasana i 1985. Bhí sé cinnte dó sin ar fheiceáil dó go mba é A.N. Other a bhí ainmhithe ar an liosta. Ar an toirt d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as.
A dhul i bhfolach taobh thiar den ainm a chuaigh an tiománaí Jackie Stewart. Bhuaigh Jackie Craobh F1 an Domhain trí huaire (1969, 971, 1973). Bhí sé an-óg nuair a thug sé faoin spórt a bhfuil oiread sin contúirte ag baint leis. Bhíodh a mháthair líonraithe agus lena cur ar a suaimhneas thosaigh Jackie ag cur A.N. Other ar an bhfoirm iontrála i leaba a ainm féin.
Níl a fhios agam go díreach cé as a dtáinig an leagan ach is é is dóigh go bhfuil gaol aige le nath na Laidine Nomen Nescio, nó N.N (nomen = ainm; nesico = ní heol dom).
Fág freagra ar 'Cén chaoi nár chuala mé faoi bhás duine a bhí luaite le leathdhosaen spórt ag an leibhéal ab airde?'