Cén chaoi le pancóga blasta tanaí órdhonn a dhéanamh

Inniu Máirt Inide agus seo agaibh an t-oideas le haghaidh pancóga atá ag POTA an caifé iomráiteach i nGaeltacht Chonamara

Cén chaoi le pancóga blasta tanaí órdhonn a dhéanamh

Is breá liom Máirt Inide!

Tá cuimhní áille agam de phancóga tanaí donn-óir a chaitheamh san aer sa bhaile agus iad a alpadh siar le beagán siúcra agus sú líomóide nó le bananaí agus seacláid.

Ba nós linn iad a dhéanamh ar stíl thanaí an crêpe i gcónaí seachas an stíl thiubh Mheireacánach atá ag éirí an-choitianta. Seo a leanas mar a dhéanaimid an chuid is ansa liomsa sa chaifé.

I mbliana rachaidh gach pingin ó dhíol na bpancóga go dtí MADRA, carthanacht a chuidíonn le baile úr a aimsiú do mhadraí.

Comhábhair Dóthain do 8 bpancóg mhór thanaí

175g plúr geal

3 ubh

450ml bainne

gráinnín salainn

Ola don chócaireacht

  1. Criathraigh an plúr agus an salann isteach i mbabhla measctha agus déan log i lár báire.
  2. Measc le chéile i gcrúiscín na huibheacha agus an bainne.
  3. Doirt leath den mheascán uibheacha agus bainne isteach sa log agus measc gach rud le chéile le greadtóir go dtí go mbeidh fuidreamh tiubh agat.
  4. Ansin, de réir a chéile buail isteach an chuid eile den mheascán uibheacha agus bainne.
  5. Cuir clúdach ar an mbabhla agus cuir i leataobh é sa chuisneoir ar feadh leathuaire. Tabharfaidh sé seo deis don leacht meascadh leis an bplúr i gceart agus beidh na pancóga níos fearr dá bhar.
  6. Téigh friochtán neamh-ghreamaitheach ar mheán-teocht ard. Cuir braoinín ola isteach agus déan cinnte go bhfuil gach cuid de bhun an fhriochtán gréisithe go héadrom le nach ngreamóidh do phancóg dó.
  7. Nuair atá an friochtán te go leor, cuir isteach dóthain fuidrimh le go gclúdóidh sé an bun go cothrom agus go tanaí.
  8. Tar éis thart ar 1 nóiméad, nuair a thosaíonn na himill ag teacht den fhriochtán agus nuair a fheiceann tú poill bheaga i lár báire tá sé réidh le casadh. Tabhair crith beag don fhriochtán le cinntiú nach bhfuil an phancóg greamaithe agus cas leat. Is féidir é a dhéanamh tríd é a chaitheamh san aer, nó mura bhfuil tú compordach leis sin, bain úsáid as spadal. Ná húsáid rud ar bith miotal a bhainfidh an dromchla neamh-ghreamaitheach de do fhriochtán deas.
  9. Tar éis nóiméad nó mar sin ar a taobh eile beidh an phancóg réidh. Ba cheart go mbeadh dath deas órdhonn in áiteanna ar an dá thaobh.
  10. Cuir i leataobh é agus réitigh an chéad cheann eile. Is féidir iad a choinneáil te san oigheann ar theocht íseal go dtí go bhfuil tú réidh le hiad a ithe.

Seo a leanas a chuirimid féin orthu sa chaifé: Siúcra & Líomóid Banana & mil Compote Sméara Séasúracha & Mascarpone Fanaile Collchnónna Tósta & Seacláid Leáite

Fág freagra ar 'Cén chaoi le pancóga blasta tanaí órdhonn a dhéanamh'

  • Seán ÓM

    Nam nam nam nam nam nam nam.