Cén chaoi a dtiocfar slán ó Oíche Shamhna agus filleadh ar scoil an mhaidin dár gcionn?

Tá spiorad na Samhna buailte ar chuile dhuine ar an tsráid s’againne, ach céard é spiorad na Samhna?

Cén chaoi a dtiocfar slán ó Oíche Shamhna agus filleadh ar scoil an mhaidin dár gcionn?

‘Má bhím sách cúramach, ba cheart go seasfadh milseáin Oíche Shamhna mé go dtí an Nollaig,’ a dúirt an Bheainín, cuma an dianmhachnaimh uirthi.

‘Beidh neart milseán againn Oíche Shamhna, ar ndóigh,’ a deir sí, ‘ach beidh mé spárálach ina dhiaidh sin, ceann nó péire sa lá go Nollaig.’

‘Ó!’ a deir a leathbhádóir, An Babaí, ‘déan cinnte go ngabhfaidh muid ag an teach sin leis na staighrí móra! Cuimhnigh gur thug siad sweets deasa cheana.’

‘Tá an ceart agat!’ a deir sí. Chas sí ag an rúnaí ansin. ‘Scríobh síos ‘staighrí móra’ ar an mapa.’ Tharraing an Cailín Mór Beag amach an peann luaidhe agus na treoracha á mbreacadh síos go cúramach aici.

Ar chuala tú é seo? Titeann Oíche Shamhna i mbliana ar an Domhnach sula dtéann na gasúir ar ais ag an scoil tar éis an bhriseadh lár téarma. Scéal é seo atá tar éis máithreacha ar na tsráidín s’againne a chur in aer, trína chéile agus idir go leor comhairlí.

Tá m’uillinn fós tinn ó rug bean amháin orm Dé Máirt is mé ag siúl an bhóthair ag tabhairt aire de mo ghnó. Labhair sí i gcogar liom agus práinn ina glór.

‘An bhfuil sibhse ag dul ar ais go dtí an scoil ar an Luan?’ a d’fhiafraigh sí díom agus gleann struis greanta idir a dhá mala.

‘Céard?’ a deir mé. Ní raibh lántuiscint agam fós ar bhrí na ceiste a bhí á cur aici orm. ‘Dé Luain…’ a dúirt sí ag claonadh a cinn go mall, ‘beidh siad ag dul ar ais go dtí an scoil an mhaidin tar éis OÍCHE SHAMHNA!’

Tháinig taom creatha orm. ‘Ach, ach beidh siad lán le siúcra! Cén chaoi a gcuirfidh muid a chodladh iad?’ a d’fhiafraigh mé di agus scáth orm. ‘Nach ea!’ a deir sí. ‘Cén chaoi, go deimhin?’

‘Níos tábhachtaí fós,’ a deir sí, ‘cén chaoi a gcuirfidh muid amach as an leaba ar maidin iad?’

‘An bhfuil an Roinn Oideachais ar an eolas faoi seo?’ a chuimhnigh mé. An mbeadh call againn le hachainí náisiúnta ar bhonn géarchéime roimh mhaidin Dé Luain?

‘An t-aon rud a déarfainn faoi ná go mbeidh chuile dhuine sa mbád céanna,’ a deir mé. ‘Is dóigh é,’ a deir sí go machnamhach, ‘is dóigh é.’ Is d’imigh léi síos an bóthar ag rámhaillí. ‘Beidh sé ok, beidh sé ok, beidh chuile dhuine sa mbád céanna.’

Tá an bealach á phleanáil go cúramach ag púcaí beaga an tí seo ar feadh na seachtaine. ‘Tá spiorad na Samhna buailte ar chuile dhuine ar an tsráid s’againne,’ arsa an Bheainín agus gliondar uirthi is iad ag cur barr smaise ar phleananna na hoíche.

‘Níl a fhios agam an bhfuil a leithéid de rud ann agus spiorad na Samhna,’ a dúirt mé, ‘tá spiorad na Nollag ann ceart go leor.’

‘Tá Mamaí,’ arsa an Bheainín. ‘Breathnaigh ar Jeaic síos an bóthar, cúpla bliain ó shin ní raibh aon suim aige in Oíche Shamhna agus anois tá púcaí crochta sa bhfuinneog aige.’

‘Is dóigh,’ a deir mé.

‘Ó!’ a deir sí leis an rúnaí, ‘cuir Jeaic ar an liosta!’

Fág freagra ar 'Cén chaoi a dtiocfar slán ó Oíche Shamhna agus filleadh ar scoil an mhaidin dár gcionn?'