‘Cén bhaint faoin spéir atá ag an nGaeilge le saighdiúirí Arm na Breataine?’ — ‘Acht Cultúir’ an DUP cáinte ag Adams

Mhaígh Gerry Adams gur 'tairiscint gan bhrí' a rinne an DUP agus gur mhol siad reachtaíocht 'mhantach' nach mbeadh 'cumhacht' ar bith aici in áit Acht Gaeilge

‘Cén bhaint faoin spéir atá ag an nGaeilge le saighdiúirí Arm na Breataine?’ — ‘Acht Cultúir’ an DUP cáinte ag Adams

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Thairg an DUP Acht Cultúir le linn na gcainteanna polaitiúla ó thuaidh a chuimseodh an Ghaeilge, an Ultais agus Cúnant do shaighdiúirí Arm na Breataine.

Agus eolas curtha ar fáil aige faoin bplé ar Acht Gaeilge le linn na gcainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont, rinne uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, cáineadh géar ar mholadh an DUP go dtabharfaí ‘Acht Cultúir’ seachas ‘Acht Gaeilge’ isteach sa Tuaisceart.

Mhaígh Adams gur “tairiscint gan bhrí” agus reachtaíocht “mhantach” a bhí i moladh an DUP i leith na Gaeilge agus nach mbeadh “údarás reachtúil, straitéis, cumhacht, ná maoiniú” ar bith ag an teanga faoin ‘Acht Cultúir’ a moladh. Ní fhéadfaí glacadh beag ná mór lena leithéid, a dúirt sé.

Cháin sé go háirithe an moladh go mbeadh cearta phobal na Gaeilge áirithe le Cúnant do shaighdiúirí na Breataine, a thabharfadh cearta agus pribhléidí breise do bhaill agus d’iarbhaill arm na Breataine sa Tuaisceart.

“Cén bhaint faoin spéir atá ag an nGaeilge le saighdiúirí Arm na Breataine? Cén bhaint faoin spéir atá ag cúnant saighdiúirí Arm na Breataine le reachtaíocht faoi chearta teanga? Bhí sé míchuí amach is amach.

“Níl aon deacracht ag Sinn Féin tacú leis an Ultais — is gné lárnach dár gcultúr í agus is mar sin a bhí le 400 bliain — ach an rud a theastaíonn ná Acht aonair Gaeilge,” a dúirt Adams.

Thug Adams le fios chomh maith gur dheimhnigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, do Shinn Féin le linn na gcainteanna iarthoghcháin a bhí ar bun le roinnt seachtainí anuas, gur thacaigh sé leis an éileamh ar Acht aonair Gaeilge. Dúirt Adams go bhfuil dualgas “níos mó ná mar a bhí riamh” ar Rialtas na hÉireann gníomhú de réir na freagrachta atá orthu i dtaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta. 

Dúirt Uachtarán Shinn Féin gur “botún” a bheadh ann a cheapadh gurbh í ceist an Achta Gaeilge amháin ba chúis le teip na gcainteanna an tseachtain seo, cé go raibh baint ag an gceist sin leis an scéal.

Fág freagra ar '‘Cén bhaint faoin spéir atá ag an nGaeilge le saighdiúirí Arm na Breataine?’ — ‘Acht Cultúir’ an DUP cáinte ag Adams'