Ceithre rud le faire amach dóibh i gcluiche na hÉireann i gcoinne na hIodáile

Parisse ag spreagadh na nIodálach, Payne sábháilte go maith ar an taobhlíne, cúiteamh le déanamh ag Tommy Bowe agus imreoirí le níos mó ná taithí ag teastáil ó Schmidt

Sergio Parisse, Martin Castrogiovanni agus Michele Rizzo. INPHO/James Crombie
Sergio Parisse, Martin Castrogiovanni agus Michele Rizzo. INPHO/James Crombie

Cén freagra a bheidh ag an Iodáil?

na hIodálaigh ag iarraidh teacht slán ón ngrúpa seo, caithfidh siad Éire a bhualadh – ní dhéanfaidh toradh ar bith eile aon mhaitheas dóibh. Cé go mbíonn amhras de chineál ar Éirinn agus an Iodáil leo, go háirithe tar éis dóibh muid a bhualadh i 2013, is dul in olcas atá na ‘Azzurri’ ó shin.

Níl ach bua amháin as deich gcluiche faighte acu i gCraobh na Sé Náisiún ón lá sin agus níl cúrsaí ag dul rómhaith dóibh i gCorn an Domhain ach an oiread. Bhí bua bog ag an bhFrainc orthu sa chéad chluiche agus dá mbeadh aon mhaith le Ceanada ar chor ar bith, bheadh na hIodálaigh buailte acu agus an fhlúirse deiseanna a bhí acu.

Buntáiste amháin atá ag na hIodálaigh ná go mbeidh a gcaptaen, Sergio Parisse, ar fáil an athuair. Is é Parisse an t-imreoir is fearr riamh a bhí ag na hIodálaigh agus is fearr ar fad d’fhoireann iad nuair atá sé ag imirt. Cé nach bhfuil an tosach ach ag teacht chuige féin tar éis gortú, níor mhór do laoch na hIodáile taispeántas den scoth a thabhairt uaidh má aon seans le bheith acu.

Jared Payne agus Robbie Henshaw. INPHO/Ryan Byrne
Jared Payne agus Robbie Henshaw. INPHO/Ryan Byrne

Áit Payne sábháilte go maith, fiú agus é ar an taobhlíne

Agus gortú coise ag cur as do Jared Payne, bheadh daoine ag súil go bhfuil deis iontach ag Keith Earls áit imreoir Chúige Uladh a thógáil ar an bhfoireann. Tá cáineadh déanta ar Payne sna meáin le cúpla seachtain anuas ach, ina dhiaidh sin féin, is é tuairim Joe Schmidt an ceann is tábhachtaí.

Is iad Luke Fitzgerald agus Earls na hainmneacha is coitianta a luaitear mar ionadaithe lán aimsire d’áit Payne. Cé go mbeadh Earls nó Fitzgerald níos cruthaithí ina chuid imeartha Payne agus Éire ar an ionsaí, gach seans go bhfuil amhras ar an mbainisteoir faoi chosaint na beirte.

feicthe againn ó Schmidt, go háirithe i gcás Simon Zebo, go gcaithfidh na himreoirí na bunscileanna cosantacha a bheith acu ar dtús sula dtugann an bainisteoir aon aird ar aon bhua eile a bheadh acu, agus rinne Payne níos mó greamaithe sa chéad dá chluiche ná aon imreoir eile. Ní fear Chúige Uladh an t-ionsaitheoir is éifeachtaí atá againn ach níl mórán botún déanta aige i ngeansaí na hÉireann agus seans maith gurb shin é an fáth a bhfuil an oiread ceana ag Schmidt air.

Tommy Bowe ag aimsiú úd i gcoinne na Rómáine. INPHO/Billy Stickland
Tommy Bowe ag aimsiú úd i gcoinne na Rómáine. INPHO/Billy Stickland

Deis ag Tommy Bowe cúiteamh a dhéanamh

Ag tús mhí Lúnasa, ba é Tommy Bowe rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí a bheith mar phríomhscórálaí úd na hÉireann i gCorn an Domhain. Faraor, i ndiaidh cúpla drochthaispeántas sna réamhchluichí, chaill Bowe a áit sa chéad 15.

Tháinig sé isteach don chluiche i gcoinne na Rómáine an deireadh seachtaine seo caite agus bhí an tUltach i mbarr a mhaitheasa, geall leis, agus é ag aimsiú dhá úd. Fós féin, tá sciorta den ádh leis go bhfuil sé ag imirt arís inniu. Mura mbeadh Keith Earls curtha isteach in áit Jared Payne, ní bheadh spota ar an gcliathán do Bowe. Caithfidh sé an deis a thapú anois.

thugann sé taispeántas láidir eile uaidh sa chluiche seo, beidh seans aige áit Earls nó Dave Kearney a thógáil don chluiche i gcoinne na Fraince an tseachtain seo chugainn agus í a choinneáil don chuid eile den chomórtas.

Jack McGrath agus Cian Healy  . INPHO/Dan Sheridan
Jack McGrath agus Cian Healy
. INPHO/Dan Sheridan

Béim ar thaispeántais seachas ar thaithí ag Schmidt ó thaobh na dtosaithe

Bhí cúpla ceist ann faoi cé a phiocfadh Joe Schmidt sna tosaithe ach chloígh sé le Jack McGrath agus Iain Henderson, beirt a bhfuil taispeántais mhaithe tugtha acu sna réamhchluichí agus sa chomórtas go dtí seo.

Is mó taithí a bheadh ag Schmidt ar Healy agus Toner ach rinne sé cinneadh cloí leis na himreoirí atá ag imirt go maith i láthair na huaire. Cé go gceapfaí gurb shin rogha an-soiléir, is minic nach gcloíonn bainisteoirí leis an dearcadh sin, go háirithe nuair atá cluiche mór rompu, mar a chonaic muid le Stuart Lancaster agus Sasana i gcoinne na Breataine Bige.

Lena chois sin sin, léiríonn cinneadh Schmidt do na himreoirí eile sa phainéal go bhfuil seans acu a bheith ar an bhfoireann má imríonn siad sách maith le linn seisiún traenála nó mar ionadaithe ar pháirc na himeartha. Tabharfaidh sé sin beagán suaimhnis d’imreoirí gur fiú an obair uile atá á dhéanamh acu agus coinneoidh sé dearfach iad ó thaobh meoin de.

Foireann na hÉireann: Simon Zebo; Tommy Bowe, Keith Earls, Robbie Henshaw, Dave Kearney; Johnny Sexton, Conor Murray; Jack McGrath, Rory Best, Mike Ross; Iain Henderson, Paul O’Connell; Peter O’Mahony, Sean O’Brien, Jamie Heaslip.

Fág freagra ar 'Ceithre rud le faire amach dóibh i gcluiche na hÉireann i gcoinne na hIodáile'