Ceisteanna le freagairt faoin mbealach a bhfuil Cúige Laighean go mór chun cinn ar na cúigí eile

Tá léargas go leor le fáil ar liosta na Leon ar an mbail atá ar an rugbaí gairmiúil i láthair na huaire sna ceithre thír atá i gceist

Ceisteanna le freagairt faoin mbealach a bhfuil Cúige Laighean go mór chun cinn ar na cúigí eile

 Tá sibh bodhraithe le gairid agam ag caint ar chluiche an rugbaí. Maithfidh sibh dom é a bheith tarraingthe anuas arís an tseachtain seo, ach geallaim go mbeidh na Leoin ag cuimhneamh ar fhilleadh as an Astráil faoi Lúnasa seo chugainn nuair a bheidh sé de dhánaíocht ionam tagairt arís dó.

Siad na Leoin chéanna is fearr a thugann léargas ar an stuaim a bhain leis an IRFU deich mbliana fichead ó shin agus eagraíochtaí an chluiche sin ar an taobh seo den domhan ag déileáil leis an ngairmiúlacht.

Níorbh é an chuma ab fhearr a bhí ar chúrsaí ag an am. Níor éirigh le foireann na hÉireann an bua a thabhairt leo ach i cúíg chluiche as an 28 a bhí imeartha i gCraobh na gCúig Náisiún ó 1991. Buadh glan orthu i chuile chluiche an dá bhliain ba thúisce acu sin agus arís i 1996.

Ba é a mbua cúilín ar an mBreatain Bhig i 1997 an t-aon cheann a buaigh siad an séasúr sin.

Faoin am ar imríodh an cluiche sin bhí a fhios ag madraí an bhaile go raibh clubanna ann a bhí ag íoc airgid lena gcuid imreoirí. Is beag de na cinn ba mhó acu nach raibh i ladhar an chasúir. Ní raibh de rogha ag cuid acu ach margadh fadtéarmach a dhéanamh an t-allúntas ticéad do na cluichí idirnáisiúnta a bhí acu a dhíol le comhlachtaí taistil agus airgeadais.

Bhí sé in aghaidh na rialacha, ach nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith.

Chonaic tús na gairmiúlachta na himreoirí ab fhearr in Éirinn ag tabhairt aghaidh ar Shasana áit a raibh teacht isteach réasúnta mór le fáil acu as a saothar, rud a d’fhág an cluiche anseo níos laige fós.

Níorbh iontas mar sin nach raibh ach ceathrar Éireannach ar fhoireann na Leon a chuaigh chun na hAfraice Theas i samhradh na bliana 1997. Tosaithe ab ea iad ar fad agus ba do chlubanna i Sasana a bhíodar ag imirt – Paul Wallace (Saracens), Keith Wood (Harlequins). Jeremy Davidson (London Irish) agus Eric Millar (Leicester).

Bhí scór imreoirí de chuid Shasana ar an turas, ochtar as an mBreatain Bheag agus seisear as Albain.

Is mór idir an lá inné agus an lá inniu a deir siad. Ar thuras na míosa seo chugainn ar an Astráil beidh 15 Éireannach – iad ar fad ag imirt le cúigí na tíre sin, 13 Sasanach, 8 Albanach (chuile dhuine ach Finn Russell agus Blair Kinghorn) ag imirt le Dún Éideann nó Glaschú) agus beirt Bhreatnach – Jack Morgan (Ospreys) agus Tomos Williams (Gloucester).

Tá léargas go leor le fáil sa liosta sin ar an mbail atá ar an rugbaí gairmiúil i láthair na huaire sna ceithre thír atá i gceist.

Bhí an IRFU go láidir i gcoinne na gairmiúlachta nuair a tháinig sin ar an saol i Lúnasa 1995 agus le fírinne, ní raibh siad réitithe mar ba cheart faoina comhair. Go deimhin bhí Syd Millar agus Tom Kiernan, na hionadaithe a bhí ag an gcruinniú den Bhord Idirnáisiúnta a shocraigh an beart, chomh trína chéile ar fhilleadh abhaile dóibh go raibh cúpla lá caite sular míníodh an scéal do na meáin.

Ní raibh aon deifir ach oiread ar an eagraíocht ag leagan síos an chórais ar a mbunódh siad an t-athrú ó bhonn seo. Seans maith gurbh amhlaidh a sheas sin dóibh freisin sa bhfadtéarma.

Imreoirí idirnáisiúnta amháin a bhí i dteideal íocaíochta, a dúradar. Níorbh é sin an nuacht a theastaigh ó imreoirí na gcúigí agus iadsan ag tabhairt aghaidh ar chomórtas nua a raibh Corn na hEorpa mar ainm air faoi cheann míosa – formhór na gcumann a bheadh ina n-aghaidh ansiúd as an mBreatain agus as an bhFrainc ag íoc pá le mórchuid dá gcuid imreoirí agus ‘costais’ leis an gcuid eile.

Le go mbeadh seans ar bith ag a gcuid cúigí san iomaíocht thosaigh an IRFU ag íoc liúntais lena gcuid imreoirí nach raibh ar an bpainéal idirnáisiúnta.

In áit na leathphingine a bhí Connachta nár tugadh áit dóibh sna comórtais Eorpacha ba thúisce agus ar fhógair an IRFU go raibh siad le scor ar fad in 2003. Ach, bhíodar siúd a thiomáin Cromail anoir níos eagraithe an uair seo – mháirseáil idir 1000 agus 1,500 dá lucht leanta as lár na cathrach i mBleá Cliath chuig ceannáras na heagraíochta ar Bhóthar Lansdún agus iad i mbun agóide. Géilleadh dóibh.

‘Ní raibh deifir ariamh gan locht’ de réir an tseanfhocail agus sa bhfadtéarma ba mhaith a sheas a gcuid cáiréise agus an bealach stuama ar láimhseáil siad a blianta tosaigh den ghairmiúlacht don IRFU.

San achar sin tharraing eagraíochtaí rugbaí na Breataine Bige agus na hAlban an iomarca orthu féin. Bhí naoi gcumann as an mBreatain Bheag sa tSraith Cheilteach nuair a thosaigh sin in 2001.Níorbh fhada gur thuig an WRU go raibh sin iomarcach agus ní raibh de rogha acu ach tosaí á gcomhcheangal le chéile ar bhonn ceantair. Bhí sin in aghaidh stuif i mbailte ina raibh traidisiún láidir iomaíochta eatarthu le hos cionn céad bliain.

Glacadóirí atá i gceannas na Cardiff Blues le mí anuas. I láthair na huaire tá go leor éadóchais le brath orthu siúd arb é an rugbaí an bealach a léiríonn a bhformhór a gcuid náisiúntachta.

Ba sa tSraith Cheilteach, mar a tugadh ar dtús uirthi, a facthas an cruthúnas ba mhó agus ba thúisce ar chríonnacht an IRFU nuair a bhuaigh Cúigí na Mumhan, Laighean agus Uladh leathdhosaen de na craobhacha a imríodh idir 2002 agus 2011.

Bhí an rath céanna orthu nuair a bhí an Pro 12 (2011-2017) agus Pro 14 (2017-2021) mar ainm ar an gcomórtas, go fiú gur bhuaigh Connachta an chraobh in 2016.

Bhí ré órga dá gcuid féin ag na Muimhnigh, is ag na Laighnigh atá glaoch an choiligh le blianta beaga, ach ainneoin sin ar fad ó bheith ag léamh agus ag éisteacht lena mbíonn ag déanamh imní do lucht rugbaí, tá ceisteanna ag teacht chun cinn faoi pholasaithe an IRFU sa lá atá inniu ann.

Leis an mbealach a bhfuil Cúige Laighean go mór chun cinn ar na cúigí eile is mó a bhaineann na ceisteanna sin. Ainneoin iad a bheith buailte i dtrí chluiche leathcheannais Heineken as a chéile anois, níl dabht ach go bhfuileadar níos fearr ná foirne Éireannacha eile agus móramh chumainn na Breataine agus na Fraince.

Corn na hEorpa (nó Heineken mar a bhí) is fearr a léiríonn an lámh in uachtar atá acu ar a gcomharsana ag baile.

Déarfaidh lucht leanta Laighean leat go mba thubaiste a bhí sna ceithre bliana seo caite nuair a bhuaigh Northampton gan choinne orthu i gcluiche leathcheannais de chuid na bliana seo, tar éis do La Rochelle an ceann ab fhearr a fháil orthu sna trí bhabhta ceannais roimhe sin.

Deimhníodh sna staitisticí sin freisin ach inseoidh siad chomh maith duit sula dtáinig an bhliain seo gur bhain Cúige Laighean amach ocht gcluiche ceannais ón am ar bhuaigh Mumhain an ceann deireadh 17 bliain ó shin.

Aon uair amháin a bhain Cúige Uladh sin amach san achar siúd. Ní dhearna Connachta a leithéid ariamh.

Más Laighneach tú is mór an t-údar sásaimh duit an ceannas sin. Ach ar sochar nó dochar a dhéanann a leithéid don bhail atá ar an gcluiche sa tír seo?

Tá oiread sin imreoirí maithe faoi aois in acadamh Chúige Laighean nach mbíonn ag riar acu ach bóthar a bhualadh nuair a thagann deireadh lena dtréimhse printíseachta mar nach bhfuil aon áit ar fáil dóibh sa gcampa inar cuireadh an oiliúint orthu.

Tá tuairim is dosaen dá leithéid ag imirt do Chonnachta faoi láthair, cúpla duine ag Cúige Mumhan agus leathdhosaen i gCúige Uladh – beirt acu siúd a rinne a gcuid printíseachta ó thuaidh mar gur chinn orthu a leithéid a fháil sa gcúige arb as iad.

An bhliain seo chugainn íocfaidh na Cúigí 40% de thuarastal na n-imreoirí idirnáisiúnta atá acu – ardaithe ó 30%. Cúige Laighean is measa a bheas buailte dá bharr sin – bheadh cosamar 20 imreoir dá leithéid acusan.

Deir an IRFU gur ar na cúigí eile a chaithfear an t-airgead a thiocfas dá bharr sin.

Tharlódh nach mór dóibh a ladhar a chur níos doimhne sa lathach ná sin.

Fág freagra ar 'Ceisteanna le freagairt faoin mbealach a bhfuil Cúige Laighean go mór chun cinn ar na cúigí eile'