Gearán faoi cheisteanna maidir le cúrsaí trasinscne i suirbhé teanga in Albain

Ceist ar dhaoine i suirbhé ar phlean teanga Phóilíní na hAlban cé acu an bhfuil siad trasinscneach nó cén claonadh gnéis atá acu

Gearán faoi cheisteanna maidir le cúrsaí trasinscne i suirbhé teanga in Albain

Tá na Póilíní in Albain i mbun comhairliúcháin phoiblí maidir le húsáid na Gàidhlige i measc bhaill an fhórsa. Tá gearáin déanta, áfach, nach bhfuil aon bhaint ag ceisteanna áirithe atá mar chuid de shuirbhé atá cruthaithe ag na Póilíní leis an ábhar.

Mar chuid den suirbhé, fiafraítear de dhaoine an bhfuil siad trasinscneach agus cén claonadh gnéis atá acu. Tá imní léirithe freisin go n-iarrtar ar dhaoine a gcóid phoist a chur ar fáil cé go ndeirtear nach n-aithneofar aon duine a líonann amach an suirbhé.

Tá ráite ag an Scáth-Rúnaí Cirt i bParlaimint na hAlban gur gá do na Póilíní soiléiriú a thabhairt maidir leis an suirbhé.

“Tá an chuma ar an scéal go bhfuil baol ann go n-aithneofaí daoine mar go bhfuil cuid de na ceisteanna ag dul thar fóir. Breathnaíonn sé gur beag an bhaint atá ag cuid acu leis an ábhar,” a dúirt Jamie Greene, polaiteoir de chuid na dTóraithe.

“Tá go leor acu an-phearsanta agus beidh daoine ann nach mbeidh ag iarraidh iad a fhreagairt.

“Má tá an suirbhé seo chun tionchar dearfach a bheith aige, caithfidh Póilíní Alban céimeanna láidre a thógáil chun a dhéanamh cinnte nach mbeidh aon sárú príobháideachais i gceist.”

Mar fhreagra ar an gconspóid, tá ráite ag Póilíní Alban nach bhfuil sé riachtanach na ceisteanna uile a fhreagairt chun an suirbhé a líonadh isteach agus nach gá do dhaoine freagra a thabhairt ar cheisteanna áirithe murar mian leo.

Tá an comhairliúchán ar bun ag Póilíní in Albain agus iad ag réiteach plean teanga nua don Ghàidhlig a chuirfear i bhfeidhm idir 2021-26. Deirtear go bhfuil an fórsa ag iarraidh cur leis an líon Gàidhlige atá in úsáid ag póilíní in Albain.

Tá comharthaíocht Gàidhlige ar fheithiclí na bPóilíní agus comharthaíocht dhátheangach eile luaite i measc na mbeartas a bhainfeadh sin amach.

Tá sé mar aidhm freisin go mbeadh an Gàidhlig níos feiceálaí i gcumarsáid na bpóilíní. Deirtear go gcuirfear le húsáid na Gàidhlige ar shuíomh na bpóilíní, ar na meáin shóisialta agus i bpreasráitis na heagraíochta.

De réir iniúchadh a rinne Póilíní Alban níos luaithe i mbliana, bhí Gàidhlig ag 47 duine den bhreis is 24,000 atá fostaithe acu.

Thug daonáireamh 2011 le fios nach bhfuil tuiscint ar an nGàidhlig ach ag 1.7% de na daoine atá in Albain. 57,602 duine a mheas go raibh siad in ann an teanga a labhairt.

Fág freagra ar 'Gearán faoi cheisteanna maidir le cúrsaí trasinscne i suirbhé teanga in Albain'

  • Breathnóir1

    Mar sin de, tá Gaidhlig ag thart ar 1.7% den daonra in Albain ach níl an teanga ach ag thart ar 0.2% de na póilíní in Albain? Tá rud éigin cearr ansin, gan amhras.
    Tá an Ghaeilge i dtrioblóid, ach tá sí go maith as i gcomparáid leis an Ghaidhlig, is cosúil…