“Ceist thar a bheith íogair” atá in ábhar taighde nua ina moltar nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta, dar leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).
Tá sé deimhnithe ag COGG do Tuairisc go bhfuil an taighde nua “á phlé acu” le feidhmeannaigh na Roinne Oideachais agus le húdair an taighde faoi láthair agus go mbeidh sé ar fáil go poiblí go luath.
Coimisiúnaíodh an taighde, a rinne meitheal taighdeoirí ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, mar chuid de dhréachtú an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais i gcomhpháirt le COGG.
Eagras comhairleach faoi scáth na Roinne Oideachais é COGG a chuireann comhairle ar an Roinn faoin oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo go bhfuil imní mhór ann go ndéanfaidh an Roinn Oideachais neamhaird ar an taighde a léiríonn go bhfuil ag teip ar an aonad Gaeilge [i scoil Bhéarla] mar mhúnla don Ghaeloideachais.
An tseachtain seo caite féin, thug an Roinn le fios go rabhthas ag lorg léirithe spéise ó iar-bhunscoileanna Béarla i ndeisceart Bhaile Átha Cliath a mbeadh fonn orthu aonad a bhunú le freastal ar an éileamh ar an ghaeloideachas sa cheantar.
Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa le Tuairisc gur gá go ndéanfaidh Bord COGG, “plé cuimsitheach” ar ábhar an taighde mar gheall ar na himpleachtaí a bhaineann leis d’earnáil an Ghaeloideachais.
“Is ceist thar a bheith íogair í seo d’earnáil na Gaelscolaíochta agus na Gaeltachta agus ní mór do Bhord COGG plé cuimsitheach a dhéanamh ar an taighde agus na himpleachtaí a bhaineann leis maidir le soláthar ceart a dhéanamh d’oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal.”
“Is mian le COGG go gcuirfí go suntasach leis an soláthar lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal mar aithnítear go bhfuil bearnaí suntasacha ann faoi láthair agus nach bhfuil an córas reatha ag freastal ar mhuintir na hÉireann mar is ceart,” a dúirt Ní Fhearghusa.
Tuigtear do Tuairisc go moltar sa taighde nua, a rinne T.J. Ó Ceallaigh, Muiris Ó Laoire agus Máire Uí Chonghaile, go mbeadh aon aonad Gaeilge a bhunófaí ceangailte le hiar-bhunscoil Ghaeilge.
Tuigtear do Tuairisc freisin go bhfuil cur síos cuimsitheach sa taighde nua ar go leor de na cúiseanna a dteipeann ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla, ina measc an easpa soláthar múinteoirí agus ábhar, nósanna cainte na ndaltaí agus córais bhainistíochta agus infreastruchtúir nach mbíonn ag tacú le forbairt ná le fás an aonaid.
Tuigtear go bhfuil moltaí sa taighde chomh maith faoi na bealaí a bhféadfaí scoil neamhspleách a dhéanamh d’aonad atá ann cheana.
I ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc faoin taighde nua a fhoilsiú, deimhníodh arís gurb é ceann de spriocanna an pholasaí nua don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht “polasaí soiléir” a fhorbairt do “bhunú” agus “d’inbhuanaitheacht” Aonaid/Sruthanna.
Deir ráiteas na Roinne:
“Ceann de na spriocanna i ndréachtú an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ná polasaí soiléir a fhorbairt ar bhunú agus ar inbhuanaitheacht Aonaid/Sruthanna chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú.
“Tá taighde coimisiúnaithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun anailís a dhéanamh ar an soláthar reatha in Aonaid agus i Sruthanna. Ar an ábhar go ndearna COGG an taighde a choimisiúnú, is fúthu a bheidh sé cén uair a chuirfear an taighde ar fáil,” a dúirt an t-urlabhraí ón Roinn Oideachais.
Tá achainí déanta ag polaiteoirí agus lucht an ghaeloideachais ar an Roinn Oideachais déanamh de réir an taighde a lorg siad féin agus deireadh a chur le bunú aonad Gaeilge i scoileanna Béarla.
Fág freagra ar '‘Ceist thar a bheith íogair’ atá in ábhar taighde faoin ngaeloideachas'