FAOI GHLAS: Ceist an tséimhithe a spíonadh go mion a chuir an t-údar roimhe sa leabhar mór seo

Sa cholún seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa. An babhta seo teideal iontach simplí atá ag Micheál Ó Cearúil ar a shaothar - An Séimhiú

FAOI GHLAS: Ceist an tséimhithe a spíonadh go mion a chuir an t-údar roimhe sa leabhar mór seo

Lándáiríre!  Níl tú ag magadh fúinn! Sin an chéad rud a chasfar liom nuair a luaim leabhar mór trom tolgach tréan a bhfuil an teideal iontach simplí An Séimhiú air. Is ea, leis! Is mó sin múinteoir Gaeilge a bhain leas is aimhleas, a thug grá is crá, a chuir a mbundún isteach is amach, a fuair ardú meanman nó ísliú spride as leabhair a bhain le gramadaigh (recte: gramadach) na Gaeilge.

Tá aithne agam ar dhuine amháin arb í an ghramadach a bhainne cíche agus a phota oíche ach d’imigh sé le heolaíocht roicéad nuair a chuaigh sé in abar na gcaighdeán agus na bhfoirmeacha ceadaithe is neamhcheadaithe is na malairtí gan teorainn atá in anam na teanga laistigh.

Leoga is am baiste móide mhuis, nach dream sinn gur gean linn an ghramadach aoibhinn ghránna ó?

Muran leor duit an Caighdeán Oifigiúil nó an Caighdeán Athbhreithnithe nó aon cheann ar bith de na caighdeáin idir eatarthu, agus má chuaigh tú a chodladh le Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí nó le Gramadach Gaelainne na mBráthar gCríostúla féin, agus mura bhfuair tú sásamh astu, tá anois d’fhonn tú a choimeád id dhúiseacht an leabhar mór 520 leathanach plus ina mhionchló is lena fhonótaí An Séimhiú ar an ainm briathartha agus ar an ainmfhocal éiginnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocail eile le Micheál Ó Cearúil (An Aimsir Óg €30).

Ná himigh!

Mhol Máirtín Ó Cadhain do scríbhneoirí agus do dhaoine eile foclóir Uí Dhuinnín a thabhairt chun leapan leo, agus ní hé go molfainn an leabhar seo ar an gcuma chéanna, óir dá dtitfeadh ort is cinnte go rachfá a chodladh, ach is saothar é ar féidir dul ag snámh ann agus teacht amach as baistithe i saibhreas na Gaeilge.

Tá argóint láidir, inchosanta dar liom, á déanamh sa leabhar i gcoinne cuid de na hathruithe ar an séimhiú atá molta ag an gCaighdeán Athbhreithnithe. Is don speisialtóir a bhformhór díobh sin agus ní gá duit dul ceangailte iontu muran mian leat sin.

Ach ciclipéid gan teorainn is ea Micheál Ó Cearúil ar lúba is ar chastaíocha na Gaeilge agus ní foláir nó tá gach bille, gach reacht, gach meamram, gach ionstraim dhlithiúil léite agus slogtha aige, óir is cíoradh atá anseo den chuid is mó ar úsáidí seanbhunaithe na teanga ina culaith oifigiúil seachas a bhfuil á mholadh anois sa nua-chaighdeán úr friseáilte.

Mar sin, is dá réir sin, chuireas féin suaitheantasacht faoi leith sna samplaí féin a thugann sé dúinn. Tá glacadh go hiomlán sa Bhéarla, agus i mbéarlaí eile oifigiúla seanbhunaithe, le friotail ar nós, abraimis ‘in respect of radio reception operating apparatus’, nó ‘with any amalgamating or absorbed company’ gan ach dhá cheann shimplí as na mílte, is ea na mílte sampla, a lua. D’éirigh le foireann dhílis Rannóg an Aistriúcháin Gaeilge nádúrtha den scoth a chur ar chruabhéarlagair an mhaorlathais ar feadh céad bliain anois agus is minic a dhíchuimhnítear ar an ngaisce sin. B’fhéidir nach dtuigfeadh Tomás Ó Criomhthain féin, nó Micí Sheáin Néill cuid de na ráite diamhaire seo, ach ráineodh go mbeadh tuairim ag Céitinn nó ag Flaithrí Ó Maoilchonaire.

Ní chuige sin an leabhar ach chun ceist an tséimhithe a spíonadh go mion, ceist a chuirfeadh mearbhall ar Oghma féin, pé áit a bhfuil sé anois. Ach spíonadh agus miondealú atá ann, agus ní i dtaobh le scríbhinní oifigiúla amháin atá sé, ach leis an litríocht chomh maith. Ar aon leathanach amháin chonaic mé tagairtí do Ghiolla Brighde Ó hEoghasa, Cathal Ó Searcaigh, Osborn Bergin, Énrí Ó Muirgheasa agus níor leathanach eisceachtúil é sin.

Níorbh eol dom riamh cén fáth a raibh gá le caighdeán eile seachas an ceann seanbhunaithe. Thóg sé na blianta fada, déarfadh daoine na cianta corca dorcha conamaracha, go mbeadh glacadh leis. Nuair a bhí sé ar tí a bheith ar an urlár ar a dhá chois tosnaíodh ar a bheith ag jigleáil leis.

Sonraíonn Ó Cearúil samplaí aisteacha nach bhfuil de réir na staire ná de réir gnáis – ‘rialacháin breosla’, ‘ceadúnais móna’, ‘baill coiste’ agus eile – nuair a bheifí ag súil le séimhiú ar an dara focal, agus cé go dtuigim an chúis a bhfuil an t-athrú sin molta, is amhlaidh go ndéanann sí an ghramadach níos casta agus níos caolchúisí ná mar is gá.

Mar adeir Máirtín Ó Murchú i bhfoscríbhinn leis an leabhar, fear a thuigeann réimeanna teanga thar aon duine eile, ‘mheasfainn gur mhór an botún é leasuithe gan ghá a dhéanamh ar théacsanna dlíthiúla mar a bhfuil réim shásúil agus leanúnachas friotail ar bun le fada.’

Is í mo thuairim féin ná gur cheart a bheith i bhfad níos caitlicí ná mar atáimid, ach is í caitliceacht aon duine amháin piúratánachas an duine thall. Caithfidh caighdeán a bheith ann, ach ní foláir poill a bheith ann chomh maith céanna, poill bheaga ar a laghad a ligfeadh an ghaoth tríd.

Tabharfaidh raidhsiúlacht agus farasbarr iontach na samplaí sa leabhar seo léargas duit ar shaibhreas agus ar inniúlacht na Gaeilge.

Agus, och, ba dhóbair dom na samplaí thuas a dhearmad: ‘i leith goiris ghlactha radio-chraolacháin’ agus ‘ag aon chuideachtain chonascthach nó thógtha isteach’.

Tá’s agam go bhfuil séimhiú in easnamh sa mhéid sin thuas, ach theip orm é a fháil.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS: Ceist an tséimhithe a spíonadh go mion a chuir an t-údar roimhe sa leabhar mór seo'

  • Gearóid

    Conas is féidir teacht ar an leabhair seo?

  • Brendan Keane

    Sliocht ón Gróga Cloch le Pádraic Breathnach faoi Mac Dara, an bhuachaill:
    “Chuir an fhoirm faitíos air. Chuir sí ré roilleagáin (sic: roithleagán) ina chloigeann…B’é an chéad rud a bhí le freagairt aige ná a ainm agus a sheoladh. Iad seo féin bhíodar ag cur músiam air. A mba ‘Ó Domhnaill’ ‘Ó Domhnall’, ‘Ó Dómhnaill nó ‘Ó Dhomhnaill’ ba shloinne dó? Nó a mba cheachtar acu é? An raibh ‘m’ ar bith ann? Bhí an diabhal ar na sínte fada agus ar na séimhithe.